Gaillimh le Gaeilge: Ó ‘Tuscany Downs’ go Gleann na Móna

Eiseamláir mhaith do chathracha eile?

FOCLÓIR: Eiseamláir - example, teachtaireacht - message, gradam - award, aerthonnta - airwaves, ganntanas - shortage, ócáid fhoirmiúil - formal occasion, feiceálacht - visibility.

Bhí Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach ar Ghaillimh le Gaeilge, san oifig agus í ag iarraidh an teachtaireacht taifeadtha a athrú ar an gcóras gutháin nuair d’fhreagair sí glaoch ó Thuarascáil.

Ar nós go leor eile, tá an t-eagras ag obair ón mbaile leis na míonna anuas ach bhí súil aici go mbeidh siad ar ais san oifig ón chéad lá de mhí Mheán Fómhair agus bhí iarrachtaí déanta chun an áit a chur in oiriúint don lá a bhfillfidh siad. Dar ndóigh cuirfidh srianta nua an Rialtais moill eile orthu.

Ach is de bharr an ráig- ghalair atá Gaillimh le Gaeilge i mbéal an phobail arís. Fógraíodh le gairid go n-ainmneofar buaiteoirí ghradam gnó dátheangach na Gaillimhe, Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh, beo ar na haerthonnta ar 5 agus 6 Samhain. Cuireadh an ócáid ar athlá níos luaithe i mbliana de bharr an víreas.

READ MORE

I measc iad siúd atá san iomaíocht i mbliana, tá siopa feistis brídeoige, an eaglais pharóiste mheánaoiseach is mó in Éirinn, seirbhís bus agus féile idirnáisiúnta ealaíon do pháistí.

Feiceálacht na Gaeilge Deirtear go minic go bhfuil easpa feiceálachta agus ganntanas deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid go poiblí ar chuid de na deacrachtaí is mó a bhfuil srian á chur acu le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil.

Ach ní féidir margadh a dhéanamh gan bheirt. Thuig lucht bunaithe Ghaillimh le Gaeilge é sin go maith agus facthas dóibh go raibh seans ann an teanga a thabhairt chun suntais i saol laethúil na Gaillimhe trí dhul i bpáirtíocht le lucht gnó na cathrach.

Ghnóthaigh Peadar Ó Flatharta agus Pádraig Ó Beaglaoich, a bhí ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus i Roinn na Gaeltachta ag an am, maoiniú i 1987 chun go ndéanfaí taighde ar an leas a bhain an chathair as caiteachas a bhain leis an nGaeltacht.

Go dtí sin ní raibh aon aitheantas ar leith á thabhairt ag cathair na Gaillimhe do mhuintir na Gaeltachta nó na Gaeilge. Ach léirigh an taighde go raibh luach £17 milliún in aghaidh na bliana á ghnóthú ag an gcathair orthu.

An bunsmaoineamh a bhí leis an eagras ná cabhair a chur ar fáil do chomhlachtaí chun Gaeilge a úsáid go feiceálach ina ngnó laethúil.

“Thosaigh siad ag iarraidh díriú ar an lucht gnó ar thrí bhealach,” a mhínigh Bríd Ní Chonghóile “an chomharthaíocht, an stáiseanóireacht agus an mhargaíocht.”

Tháinig Ní Chonghóile féin isteach sa scéal i 1994 le comhordú a dhéanamh ar an bhFéile Phan-Cheilteach. Ceapadh ina hardfheidhmeannach ar Gaillimh le Gaeilge í roinnt blianta ina dhiaidh sin agus anois tá triúr de fhoireann ag obair léi.

Agus tá an chuma air go bhfuil na cúinsí go maith: de réir figiúirí Ghaillimh le Gaeilge tá luach breis agus € 136 milliún ag an teanga do gheilleagar Chathair agus do Chontae na Gaillimhe gach bliain agus tacaíonn sí le breis agus 5,000 post. Méadú an-mhór é sin ar thábhacht eacnamaíochta na Gaeilge agus méadú é freisin ar stádas comhdhaonnach na teanga.

“Bhí an taighde fíor-thábhachtach dúinn agus muid ag plé leis an lucht gnó agus ag taispeáint dóibh an luach airgid, sóisialta, agus cultúrtha a tharraing sé sin ina dhiaidh,” a dúirt Ní Chonghóile.

Seirbhís Ach cén sórt seirbhíse a dháileann an t-eagras? An bun-chuspóir atá ann ná an Ghaeilge a chur chun cinn go háirithe mar acmhainn eacnamaíoch. Cuirtear béim mar sin ar an méid Gaeilge scríofa atá le feiceáil a mhéadú trí scéimeanna ar nós 'An Ghaeilge sa Ghnó,' imeachtaí ar nós lón gnó míosúil, agus an obair a dhéanann Coiste na Logainmneacha.

Agus bíonn tóir air sin. D’oibrigh Gaillimh le Gaeilge le 121 gnólacht san iomlán ó gach réimse de shaol gnó na Cathrach i 2019. Ainmníodh 27 gnólacht agus eagras i mbliana don ghradam atá ainmnithe i gcuimhne Sheosamh Uí Ógartaigh, fear a bhí ina bhall bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Bunaíodh an Coiste Logainmneacha i 1992 chun dul i ngleic leis an siondróm 'Tuscany Downs' - nós atá fós beo sa tír beagchúram a dhéanamh de logainmneacha dúchasacha. Dírítear anois ar ainmneacha a roghnú a bhfuil baint acu leis an gceantar ina bhfuil siad nuair a ainmnítear eastáit tithíochta nua.

Ainmníodh seacht n-eastát nua anuraidh: Gleann na Móna, Ard Cré, Cairéal Mór, Creig Ard, Cúirt Bhoirne, Garraí Beag agus Fánán. Tá an obair seo leathnaithe amach le deireanas chun páirceanna gnó a chur san áireamh.

“Tá obair na gcapall déanta ag an gCoiste Logainmneacha,” a dúirt Ní Chonghóile.

Plean teanga An chéad chéim eile ná go mbeadh seirbhísí ar fáil go forleathan trí Ghaeilge: "Go mbeinnse in ann siúl isteach in aon siopa agus go mbeinn in ann an té atá chun an tseirbhís sin a chur ar fáil dom a aimsiú go héasca," a dúirt Ní Chonghóile.

Chuir an Dr John Walsh agus an Dr Dorothy Ní Uigínn as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Plean Teanga Chathair na Gaillimhe le chéile thar cheann an Chomhairle Cathrach agus Ghaillimh le Gaeilge. Tá sé mar chuspóir ag an bplean cur le húsáid na Gaeilge mar theanga phobail.

“Sé an sprioc is mó atá mise ag iarraidh a fheiceáil maidir leis an bplean seo ná go mbeadh muid in ann díriú ar sheirbhís trí Ghaeilge.”

“Bheadh sé go hálainn a bheith in ann a rá go bhfuil 65 faoin gcéad de na gnólachtaí príobháideacha agus an céatadán céanna san earnáil phoiblí in ann seirbhís ghníomhach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

“An rud is mó a bhíonn daoine ag rá linne ná go n-airíonn siad go bhfuil an meon athraithe agus go bhfuil daoine réidh glacadh leis seo. Tá siad compordach an dátheangachas a fheiceáil mór thimpeall orthu.

Stádas dátheangach Bás nó beatha theanga is é a stádas agus rud amháin a threisigh obair agus tionchar Gaillimh le Gaeilge ná an stádas dátheangach a baineadh amach i 2016.

“Tháinig an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn go Gaillimh agus d’fhógair sé an chathair mar chathair le stádas oifigiúil dátheangach. Bhí sé sin tábhachtach dúinne chomh maith mar go dtugann sé ugach agus spreagadh do dhaoine leanacht ar aghaidh leis an obair atá dhá dhéanamh agus ar ndóigh an méid atá déanta, gan é sin a ligean le sruth.”

Is léir go mbíonn tionchar dearfach ar an earnáil phríobháideach ag tacaíocht oifigiúil don teanga.

“Ní bhíonn muid ag plé leis an earnáil phoiblí ach táimid ag tabhairt faoi deara maidir leis an earnáil phríobháideach, go mbíonn siad i gcónaí ag faire ar an rialtas agus ar an mbealach go mbíonn an rialtas ag déileáil le hábhair.

“Ó thaobh cúrsaí airgid de, má thugtar an tacaíocht dúinn tríd an Roinn tabharfaidh sé sin ugach chomh maith don lucht gnó.

“Má fheiceann siad go bhfuil tábhacht ar leith dá thabhairt ag an rialtas nó ag na foinsí oifigiúla don teanga feiceann siad go bhfuil luach ag baint léi

Eiseamláir mhaith do chathracha eile b’fhéidir?

“Ónár dtaithí tá sé ag obair anseo agus ní fheicim cén fáth nach mbeadh sé in ann oibriú in áiteanna eile,” a dúirt sí.

Mhaithfí é don duine a cheapfadh uaireanta nach bhfuil i saol le Gaeilge ach síor streachailt in éadan chóras stáit ach go háirithe ó thaobh seirbhísí de. Ach tugann Gaillimh le Gaeilge le fios go bhfuil bealaí ann chun cur le húsáid na Gaeilge mar theanga phobail.

Mar a dúirt Ní Chonghóile: “Sin an rud – tógann tú cloch amháin cuireann tú cloch eile ina a mhullach, cloch eile, cloch eile, agus ansin bíonn an pictiúr mór agat!”

Nóta: Déanfar buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a fhógairt beo ar Galway Bay FM ar an 5 agus an 6 Samhain. Breis eolais: gleg.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.