Filleadh na gcolúr

Ní raibh fúinn ná tharainn ach breith ar éan fiáin

 

Foclóir: colúr - pigeon, eitleoga - kites, gaiste - trap, gealbhan - sparrow, druideanna - starlings, glasán darach - greenfinch, éanadáin - bird cages, stócaigh áitiúla - local youths, urraim - respect, stang - bend, babhta - blow, lúcháir - overjoyed.

Ar an droch-uair, deir daoine sa lá atá inniu ann gur ‘francaigh ar eite’ na colúir chathrach. Seans go bhfuil an ceart acu siúd ar bhealach; go bhfuil na h-éin salach - iad ag fágáil a bhfuíollaigh ar dhíonta na dtithe agus ar na cosáin féin. Sin é an fáth is dócha, gur minic a fheictear eitleoga, a bhfuil crot seabhaic orthu, ag éirí os cionn foirgneamh sa chathair chun na h-éin a scanrú chun siúil.

A mhalairt ar fad a chreid mé féin agus mo chairde agus muid ag éirí aníos i mbruachbhailte na hArdchathrach, breis is leathchéad bliain ó shin. Ar dtús ní raibh fúinn ná tharainn ach breith ar éan fiáin - is cuma cén cineál - agus, chuige sin, chuirimis gaiste i bhfearas, ag úsáid cipín adhmaid a raibh corda ceangailte de faoi thaobh criathair ar fiar, agus baoite de bhruscar aráin ar an talamh faoi. Ba mhinic mé féin agus mo chara Séamas inár suí ag giolcadh an ghealbhain agus muid i bhfolach sa chró ina chúl ghairdín, greim dhaingean againn ar an gcorda, réidh chun é a tharraingt.

Sa chaoi seo d’éirigh linn breith ar ghealbhain bhinne, ar dhruideanna óga agus fiú, ar ghlasán darach. Ba léir dúinn áfach, nárbh fhéidir linn a leithéid sin d’éanlaith a choinneáil in éanadáin mar b’éanlaith fhiáin go léir iad na h-éin chéanna. Tharla, mar sin, gur chuireamar suim ar leith sna colúir. Bhí tithe colúr ag go leor d’ár gcairde an tráth sin agus ba é réiteach na faidhbe iad na colúir seo: bheadh caoi againn grinnstaidéar a dhéanamh ar na h-éin, greim láimhe a bhreith orthu agus ansin iad a scaoileadh amach gan a bheith cruálach leo ar chor ar bith.

Bhí m’athair go mór ina choinne: ní raibh sé sásta ligint dom teach colúr a thógáil i mo chúl ghairdín de bharr go raibh na h-éin salach, dar leis, ní áirím bia na n-éan ag tarraingt francach go dtí an gairdín. Bhí mé féin agus mo dheartháir beag Brian, ag síorthathant air cead a thabhairt dúinn teach colúr a thógáil agus, faoi dheireadh, de ghrá an réitigh, ghéill sé dúinn.

Mise a rá libh go raibh lúcháir orainn beirt ag tógáil an tí colúr beag sin. Thug ár gcairde péire colúr dúinn agus, faoi cheann tamaill bhig, thóg siad nead agus thóg péire colúr óg. Bhímis beirt amuigh, fliuch fuar an lá, ag faire ar na h-éin ag tuirling ar dhíon an tí, ag durdáil agus ag siúl i bhfáinní sular tháinig siad anuas go héadrom ar bhord tuirlingthe an tí colúr agus isteach leo.

Thugamar urraim ar leith dos na stócaigh áitiúla a raibh tithe colúr móra acu. Agus muid ag caint leo ba í an chéad cheist a chuiridís orainn ná ‘An féidir leat siúl isteach i do theach colúr?’

Murarbh fhéidir dheinidís ceap magaidh dínn. Dhearbhaigh Liam Ó Duinn, cara linn, gurbh fhéidir leis siúl isteach ina theach colúr - rud nach raibh fíor ar chor ar bith de bharr nach raibh ach púirín de theach colúr aige. An lá céanna, chun an méid seo a chruthú, lúb sé é féin isteach sa teach beag ach, má rinne, stang cláir an urláir agus rinne praiseach ghlan dá theachín!

Bhíomar thar a bheith sásta na h-éin a choinneáil againn mar pheataí agus ní raibh tuairim dá laghad againn ar rásaíocht colúr. B’iomaí lá fada samhraidh a chaitheamar gafa ag na colúir ag faire go géar orthu ag eitilt thar na tithe ní áirím dul ag breathnú ar thithe colúr móra na stócach áitiúil. Ní fada a mhair an saol sona seo, áfach: rinne bligeaird óga slad ar ár dteach colúr oíche amháin, sciob siad leo na péirí agus d’fhág doras an tí colúr ar oscailt.

Sa chaoi sin mharaigh cat na gearrcaigh óga. Ba mhór an babhta orainn an slad seo cé gur fhill na péirí go gairid ina dhiaidh sin - ach nach bhfuil sé ráite riamh ‘Ní bhíonn néal gan ghealán.’ Thug mé faoi dhán a cheapadh ag ceiliúradh na n-éan a goideadh agus a maraíodh. B’é sin an chéad dán dár chum mé riamh.

An teideal a thug mé air ná ‘The Stolen Pigeons.’ Rinne mé aithris gan náire ar fhoirm dáin a chum Francis Ledwidge dar teideal ‘Lament for the Poets:’

‘I heard the Poor Old Woman say

‘At break of day the fowler came

And took my blackbirds from their song..’

Scríobh mise:

‘A poor pigeon lover said

‘And I in bed the schemers came

And took my pigeons from their loft..’

Bhí mé an-bhródúil go deo as m’iarracht, ainneoin an bhradaíl liteartha a rinne mé ar dhán Ledwidge!

Lean mé orm ag coinneáil colúr ar feadh ceithre nó cúig de bhlianta ina dhiaidh sin agus bhain mé an-taitneamh astu ach, faoin am go raibh mé féin agus mo chairde ag suirí le cailíní, chaill mé suim sna h-éin agus rinne mé faillí orthu.

Mar fhocal scoir, fiú leathchéad bliain i ndiaidh na tréimhse suaimhní sin, is minic a bhíonn brionglóid athfhillteach agam: sa bhrionglóid sin téim isteach sa teach colúr agus tá droch-chaoi ar na h-éin bhochta gan bia ná huisce.

Seans go mbaineann an bhrionglóid sin leis an am go ndearna mé faillí ar na colúir bhochta agus mé ar thóir na gcailíní. Is dócha go léiríonn sé faillí ar bith a rinne mé le linn mo shaoil. Ní fios an dtiocfadh Sigmund Freud leis an míniú céanna!