Dhá thír, ar an imeall, idir dhá dhomhan

Sa spás idir dhá dhomhan a bhíonn ceistiú agus leathnú aigne


Cé gur fada óna chéile iad, tá go leor cosúlachtaí eatarthu, iad araon suite ar an imeall, idir dhá dhomhan.

Dhá thír atá i gceist agam. Éire suite idir mór-roinn na hEorpa agus Meiriceá, agus an tír eile suite san oirthear idir an Eoraip agus an Áis.

Thart ar 70 cileaméadar cearnaithe (70 km²) d’achar atá iontu araon (agus 14 cinn bhreise i dTuaisceart Éireann má bhí sé sin san áireamh). Daonra de 4.7 milliún agus 3.7 ag cur fúthu iontu faoi seach.

B’fhéidir go bhfuil ainm na tíre eile agat ón méid sin?

READ MORE

Nó tuairim éigin?

Tá go leor cosúlachtaí i stair an dá thír, mar shampla, na gluaiseachtaí náisiúnacha a tháinig ar an bhfód iontu araon go déanach sa 19ú haois agus an ról a bhí ag an éigse léinn agus litríochta sna himeachtaí sin.

Astu seo a tháinig ceannairí polaitiúla chun cinn sa da thír, Dubhghlas de hÍde mar shampla inár gcás-ne agus Ilia Chavchavadze san áit thoir.

In 1918 a bhain an tír sin neamhspleáchas amach ón Rúis cé nár mhair sé sin ach trí bliana. D’éirigh léi arís i 1991 agus tá sí neamhspleách ó shin.

Ní rófhada óna chéile iad i gcúrsaí eacnamaíochta ach an oiread. Luaitear ‘eacnamaíocht oscailte’ leo araon de bharr go mbraitheann siad go mór ar an easpórtáil agus ar chúinsí domhanda ar bheag an smacht atá acu orthu.

I gcúrsaí polaitíochta, tá taithí sa dá thír ar thrioblóidí teorainneacha agus ar dheighiltí pobail. Leanann coimhlint i gcónaí sna réigiúin ar an teorainn leis an Rúis.

Go deimhin tá an tír sin ina hiomláine go mór faoi anáil na Rúise fós, agus imní ar an bpobal dá réir. Tá ballraíocht den Aontas Eorpach agus de NATO á lorg ach tá bóthar fada le taisteal fós sula mbeidh toradh ar an iarratas sin.

Is leor an méid sin ní foláir, mar dhearbhú gurb í an tSeoirsia atá ar intinn agam. Georgia on my mind a déaradh Ray Charles, agus é ag smaoineamh ar an dúiche timpeall Atlanta, Meiriceá, ach is í an tír ar imeall na Mara Duibhe atá ar aigne agam anseo.

Cos amháin ag an tSeoirsia san Eoraip agus cos eile san Áis. Éire san Eoraip, ach cóngarach go leor le Meiriceá i mórán slite agus í ina 51ú stát mar a deirtear.

Agus ar aon dul le hÉirinn, tá cáil ar an tSeoirsia as an oidhreacht a théann siar i bhfad mar a thaispeánann an stair agus an tseandálaíocht.

Oidhreacht

Ach as na samplaí éagsúla den oidhreacht atá le feiceáil ag an gcuairteoir sa tír sin, tabharfar aird faoi leith ar an scríobh nó an chló a úsáideann siad sa teanga náisiúnta.

Is í is túisce a sheasann amach agus í scaipthe mórthimpeall na háite ar fhógraí, sna nuachtáin, agus ar aile. Mar ní hionann é in aon chor leis an gcló rómhánach a bhíonn in úsáid anseo san Iarthar agus sa chumarsáid idirnáisiúnta.

Cruthanna cuaracha, seachas línte díreacha, a úsáidtear chun na 33 litreacha san aibítir a scríobh, agus cuma ealaíonta mistéireach orthu. Ní nach ionadh go bhfuil an aibítir ainmnithe anois ag UNESCO i bhfardal náisiúnta na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe.

Ach ar aon dul le mionteanga, baineann roinnt dúshlán le cló mar seo. Is dlúthchuid í de thraidisiún agus d’oidhreacht na Seoirsia ar thaobh amháin ach ar an dtaobh eile ní fheidhmíonn sé chomh saoráideach sin i gcónaí i gcomhthéacs digiteach domhanda.

Is meafar í an cló mar sin ar mhórán de na dúshláin a bhíonn ag tíortha beaga agus iad ag déanamh na slí i saol an 21ú haois.

Conas is féidir tarraingt go cuí ar an iasacht ach gan an dúchas a chur as a riocht? Beidh gá le cumasc nó cothromaíocht éigin idir an dá dhomhan seo.

Seas an fód i gcásanna áirithe, agus fág an bealach ag ócáidí eile, a dearfadh an duine. Leanúint leis an saol mar a bhí i slite áirithe ach scarúint leis i slite eile.

Is fada óna chéile an dá thír (cé gur cosúil go bhfuil Ryanair ag fiosrú an scéil…ag brath ar na táillí tuirlingthe…)

Ach suíonn siad araon ar thairseach idir dhá dhomhan. An tIarthar agus an tOirthear, inné agus amárach, an saol náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Is sa teannas idir an dá dhomhan seo a thagann mórán ceisteanna chun cinn. Ach idir an dá dhomhan a bhíonn léargas nua le fáil chomh maith, oscailt súl agus leathnú aigne.

Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach