‘Coimhlint ceol na scéalaíochta’

Scéal comhaimseartha, corraitheach agus dúshlánach é an dráma ‘Baoite’

Diarmuid De Faoite

Diarmuid De Faoite

 

Foclóir: comhaimseartha - contemporary, corraitheach - moving, dúshlánach - challenging, scéinséir - thriller, baoite - bait, Ros Dumhach - Rossport, nuachumtha - newly composed, uaillmhian - ambition, sprioc - target, aduaine - strangeness/unfamiliarity, sia - longer/farther, túis - Incense

Buail isteach ag an dráma is déanaí le Darach Mac Con Iomaire agus is cinnte go bhfágfaidh tú an amharclann agus tú corraithe.

Scéal comhaimseartha, corraitheach agus dúshlánach é ‘Baoite’ atá suite i mbaile iascaireachta in iarthar na hÉireann. Sa chúlra tá agóidíocht agus streachailt ar siúl i gcoinne chomhlacht fracála mara.

Díríonn an scéinséir isteach ar lánúin iascaireachta a scartar óna céile de bharr ciúnais agus bréaga an phobail. Caitear solas lom sa scéal ar shícé na tuaithe trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit.

Tá sí féin agus a fear, Simon, ag iarraidh gasúr a bheith acu. Agus í ag tabhairt faoin IVF don triú iarracht, bíonn uirthi cinneadh tromchúiseach a dhéanamh maidir leis an bhfracáil.

Bhain an drámadóir úsáid as an achrann a tharla roinnt blianta ó shin i Ros Dumhach i gCo Mhaigh Eo faoi phíblíne gháis Shell mar fhoinse eolais don scéal.

“Coimhlint i ndáiríre is ea ceol na scéalaíochta,” arsa Mac Con Iomaire ag labhairt dó le Tuarascáil.

Cé go bhfuil an scéal sin imithe ó bhéal phobal na tíre ó shin, “tá a rian fós le feiceáil agus tá mé cinnte go mbeidh ar feadh blianta fada amach romhainn,” a dúirt sé.

Cosúil leis an méid a tharla i Ros Dumhach, tá Baoite lán le coimhlint “ar go leor, leor, bealaí.” Tá téamaí ann chomh maith a bhaineann leis an ollstát agus an tionchar atá aige sin ar an bpobal.

“Tá mé ag déileáil le go leor scéalta le tamall a bhaineann leis an gcos ar bolg a dhéanann an Stát ar an ngnáth dhuine, an ghéarchéim eacnamaíochta agus an chaoi gur chosain an Stát na mór-institiúidí baincéireachta.”

“Tá cúpla scéal ag dul ar aghaidh ag an am céanna. Baineann an príomhscéal leis na hiarrachtaí atá ar siúl ag Cáit agus a fear Simon gasúr a bheith acu agus na cosúlachtaí, agus an meafar atá idir an próiseas IVF agus an próiseas freacála féin - ó thaobh na ceimicí gur gá a úsáid agus an dochar a dhéantar don duine agus don timpeallacht.

“Is scéal comhaimsireach atá ann, is scéal dúshlánach atá ann. Tá sé trom, tá sé dorcha ach tá scoth na n-aisteoirí rannpháirteach agus tá scoth na gceoltóirí tábhachtacha ann.”

Léiríodh an dráma don chéad uair mar chuid d’Fhéile Ealaíne na Gaillimhe anuraidh agus glacadh go hiontach maith leis.

Tá sé le léiriú an mhí seo chugainn ar ardán Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath mar chomhléiriú de chuid Amharclann na Mainistreach.

Macdara Ó Fátharta, , Sorcha Ní Chéide agus Eoin Ó Dubhghaill atá sa dráma le ceol nuachumtha á chasadh beo ag Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide.

“Tá an léiriú féin an-dúshlánach. Tá an cur-chuige dúshlánach don lucht féachana freisin. Ní gnáth dhráma é. Beidh rudaí i gceist b’fhéidir nach mbeidh an lucht féachana ag súil leo,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Ní minic a fheictear drámaí as Gaeilge ar stáitsí na hamharclainne náisiúnta san ardchathair agus deir Mac Con Iomaire go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí infheistiú sa cheird chun é sin a chur ina cheart.

“Ní féidir a bheith ag súil leis go mbeadh scríbhneoirí gairmiúla in ann saothrú mura bhfuil coimisiúin curtha ar fáil dóibh,” a deir sé.

“Ní féidir leat dul sa tseans agus t-am a thógáil chun dráma a scríobh gan deimhneacht no cinnteacht éigin a bheith agat.”

“Tá an coimisiún thar a bheith tábhachtach. Murach é, ní bheadh an script seo ann.”

“Tá ríméad orm a bheith ag tabhairt faoi arís. Tá sé tábhachtach drámaí Gaeilge a bheith i mBaile Átha Cliath. Ní dhéantar freastal mar is ceart, creidim, ar an bpobal sin. Tá sé go hiontach go bhfuil deis againn an dráma seo a thabhairt ann. Tá go leor daoine ann nach bhfaca é agus tá súil agam go bhfeicfidh siad anois é.”

Má tá sé mar sprioc ag Mac Con Iomaire go mbeadh níos mó drámaí Gaeilge san amharclann náisiúnta is gá cíocras an tslua a shásamh

“Ní leor coimisiúin amháin sa bhliain nó coimisiúin amháin gach dhá nó trí bliana mar atá ag tarlú faoi láthair. Ba chóir go mbeadh cúig nó sé choimisiúin ag tarlú gach bliain mar ní bheidh rath ar gach coimisiúin dar ndóigh.”

Ach ní ar chaighdeán na scríbhneoireachta amháin atá Mac Con Iomaire ag díriú isteach.

“Tá mé ag caint ar uaillmhian”.

“Nuair atá buiséad agat, tá tú in ann caighdeán ealaíne agus léirithe níos airde a bhaint amach. Ni hionann sin le rá go bhfuil an dráma féin níos fearr mar go bhfuil léiriú gairmiúil dhá dhéanamh air. Ach, má tá an buiséad ceart, mar a bheadh ag dráma Béarla, luíonn sé le réasún go mbeadh caighdeán léirithe níos airde bainte amach.

“Ní choir go mbeadh pobal na Gaeilge ag brath go hiomlán ar an ngréasán amaitéarach amháin chun freastal ar a gcuid riachtanais drámataíochta. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh níos mo ag tarlú.”

Ní féidir pobal drámaíochta Gaeilge a chothú mura bhfuil saothar ar ardchaighdeán curtha ar fáil dóibh ach deir Mac Con Iomaire gur “céim sa treo ceart é seo.”

“Le cúnamh Dé, má thagann an pobal láidreoidh sé sin an cás freisin. Ní amháin go mbeadh léirithe ar stáitse na Péacóige ach go deimhin go mbeadh léirithe móra Gaeilge go tráthrialta ar an bpríomh stáitse san amharclann náisiúnta.

“Creidim i ndáiríre gurb é sin an sprioc atá romhainn ach ní féidir linn é sin a éilimh mura léiríonn muid do na stiúrthóirí go bhfuil an pobal ann chuige sin.”

* Léireófar Baoite in Amharclann na Péacóige ó Dé hAoine 17 - Satharn 25 Bealtaine. Coimisiúnaite ag Amharclann na Mainistreach, tá Baoite léirithe ag Taibhdhearc na Gaillimhe. Tuilleadh eolais anseo.