Tochailt na Staire

Bhí ina scáil dhorcha os cionn na Spáinne ar feadh nach mór dhá scór bliain

Ar deireadh thiar, déanach corp an Ghinearáilissimo Franco a thochailt aníos as a uaigh san Valle de los Caidos d’fhonn a shínte síos i dteannta a mhná céile. Ní fios cén riocht ina raibh sé, óir níor scaoileadh an t-eolas sinn linn. Bhí lucht a pháirte (atá fós líonmhar) ag súil nach mbeadh lobhadh ar bith dulta air, rud a chruthódh gur naomh ba ea é fad an ama. Ní dheonaítear sin, áfach, ach do dhaoine beannaithe faoi leith ar nós Seoin Carsueil a chuir Gaeilge ar phaidreacha Protastúnacha sa bhliain 1567, agus coirp eile a fhágtar sa phortach.

Bítear deimhin de, má bhí míorúilt ar bith ina thimpeall go nochtfaí dúinn é. N’fheadar fiú ar cuireadh scrúdú iarbháis air (breis agus daichead bliain ródhéanach) féachaint arbh fhíor na ráflaí a ghabh timpeall ina thaobh. Dúradh gur chaill sé magairle sa chogadh in aghaidh bundúchasaigh an ghaineamhlaigh, rud a d’fhág ar leathchloich é fad a bheatha. Déarfadh Freudaigh go raibh sé ag iarraidh uimhreacha a chuid fearúlachta a shlánú lena chuid brúidiúlachta feasta, agus níor ghá nach mbeadh fírinne éigin ansin go díreach toisc go ndúirt Freudaigh é.

Tá ráite, leis, go mbíodh lámh dheas Threasa Avila naofa ina aice agus é sa leaba. Caithfear glacadh leis gur le teann ómóis a bhí sí ann, seachas go díreach mar áis chun tochais, dá mhéid is a bheadh sé ina ghá. Ná níl aon deimhne againn go ndúirt Hitler gurbh fhearr leis go stoithfí a chuid fiacla amach gan ainéistéiseach seachas dul ag iomrascáil leis arís. Bíodh is gur baoth an imirt í cluiche léige barbarachta a dhéanamh de dheachtóirí na haoise seo caite, ná aoise ar bith eile, braitheann tú go bhfuil craiceann na fírinne ar an gceann sin.

Pluais naithreacha nimhe is ea dul i ngleic le cogadh cathardha na Spáinne i 30aidí na linne seo caite. Is ea, bhí an bharbaracht ar an dá thaobh mar a bhíonn. Ach ná ligeadh sin dúinn titim isteach san fhocal uisciúil leithscéalach sin is a rá go raibh ‘nuance’ ag baint leis. An té a tharraingíonn ‘nuance’ chuige féin, is ag dul i bhfolach atá. Agus fágtar an cogadh féin i leataoibh na slí, lean Franco ar aghaidh nach mór go dtí leaba a bháis, ag síniú orduithe cur as don duine seo agus don duine siúd, a chuid naimhde polaitíochta, go dtí an deireadh.

READ MORE

Ba dheacair a rá cén chuid den chúigiú haithne nár thuig sé, go háirithe agus é ina Chaitliceach chomh mór sin agus é mar dhuine de ‘shaighdiúirí Dé’, mar adúirt sé féin. Ceird sin an chrochta agus an lámhaigh, d’fhoghlaim sé go hóg. Bhí leagan amach an-simplí aige d’fhonn déileála leis an bhfreasúra ina choinne san arm, nó sa pháirtí faisisteach, nó san aos intleachtúil, nó san eaglais féin: iad a chur chun báis. Réiteach simplí, réiteach deiridh, réiteach gan teacht aniar.

Bhí ina scáil dhorcha os cionn na Spáinne ar feadh nach mór dhá scór bliain. Is í an cheist mhór ná cén oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh? Ach an oiread le deachtóir ar bith eile, tá an chuma air gur chuaigh leá chúr na habhann agus uachtar reoite lae bhrothallaigh de dhroim oíche ar na caisleáin mhaide a thóg sé. Ní hea amháin gur leagadh na dealbha agus gur baineadh a ainm de na sráideanna a raibh sé orthu, ach d’imigh an Spáinn le ráig bhuile thíortha saibhre na hEorpa laistigh de chúpla bliain.

Dúradh gurbh é an bicíní ar an trá a chuir as d’oidhreacht Fhranco in ainneoin an réimis iarainn agus chruain. Cé a cheapfadh go bhféadfadh luid éadaigh chomh giortach sin oidhreacht na mblianta a scrios?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar