Plean Teanga Chathair na Gaillimhe

Tá an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí sa chathair ná in aon chathair eile sa tír

FOCLÓIR: tacaíocht - support; glúin - generation; reachtaíocht - legislation; suntasach - notable; dallamullóg - hoodwink; cúntóir - helper; beart - intention/proposal; malartú - exchanging; abhantrach - catchment.

I 1925 nuair a rinne Coimisiún na Gaeltachta an chéad mhór-thaighde ar na ceantair ina labhraítí Gaeilge bhí 46.9 faoin gcéad de phobal Chathair na Gaillimhe ina gcainteoirí Gaeilge.

Bhí sé i gceist go gcuirfeadh an tuarascáil a d'fhoilsigh an coimisiún an bhliain dar gcionn bonn éigin leis an tuiscint agus leis na polasaithe a bheadh ag an stát maidir leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge sna blianta i ndiaidh sin.

In ainneoin na mbeartas teanga a cuireadh i bhfeidhm theip ar chuid mhór d’iarrachtaí an stáit dul i ngleic go héifeachtach le meath na Gaeilge agus creimeadh na Gaeltachta agus is i léig atá líon na gcainteoirí dúchais imithe ó shin.

READ MORE

Ach, cé go bhfuil titim mhór tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla sa tír, luaitear Cathair na Gaillimhe leis an nGaeilge agus tá an teanga i bhfad níos feiceálaí ann ná in aon chathair eile.

Tá Gaillimh aitheanta ag an Roinn Cultúir agus Gaeltachta mar cheann de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta (2012). Bíonn ról suntasach ag na bailte seo ó thaobh seirbhísí poiblí, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail atá lonnaithe iontu nó ina n-abhantracha.

Is chuige sin a scríobhadh Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026.

Tá an plean teanga, a scríobhadh thar cheann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge, bunaithe ar mhianta a nochtaíodh agus ar thuairimí a bailíodh ón phobal i 2019.

Rinne na húdair taighde cuimsitheach sa chathair agus cuirtear taifeach ar thorthaí na hoibre sin i láthair faoi chúig théama ar leith: oideachas, gnó agus teicneolaíocht, pobal agus cultúr, tuismitheoirí agus óige agus an saol poiblí.

Tá sé mar aidhm ag na 37 beart atá leagtha amach sa phlean an teanga a chaomhnú agus a neartú trí ghníomhaíochtaí pobalbhunaithe agus gnóbhunaithe a chur sa siúl.

Taighde
Baineadh úsáid as réimse leathan modhanna taighde. Ina measc sin bhí modhanna suirbhéireachta, agallaimh, agus gasraí fócais.

Ar cheann de na modhanna nua ar baineadh úsáid astu bhí suirbhéireacht sráide - modh eolaíochta a mbaintear úsáid as i dTír na mBascach.

Chuir toradh an phíosa taighde seo ionadh agus díomá ar roinnt daoine.

“Chuireamar cúntóirí taighde ag siúl na sráideanna ag éisteacht leis na teangacha a bhí á labhairt,” a dúirt an Dr John Walsh, príomh údar an phlean.

As níos mó ná 1,600 comhrá ar deineadh nóta díobh ní raibh ach 0.55 faoin gcéad i nGaeilge.

“Bhí na figiúirí sin an-íseal don Ghaeilge agus chuireadar díomá ar dhaoine is dócha,” a dúirt an Dr Walsh.

“B’fhéidir go bhfaighfí sampla níos fearr dá ndéanfaí é ar lá eile. Cosúil le haon mhodh taighde tá laigí ag baint leis. Thug sé sin léargas dúinn ar úsáid teanga sa tsráid.”

Mar sin féin, léiríodh go bhfuil díocas ar leith don teanga i measc phobal na Gaillimhe. Ón 1,600 duine a d’fhreagair suirbhé eile, d’aontaigh beagnach 80 faoin gcéad gur mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid gach lá agus bhí Gaeilge in úsáid i gcónaí nó go minic sa bhaile ag 28.7 faoin gcéad.

D’easaontaigh 66.4 faoin gcéad go láidir leis an ráiteas gur cur amú ama an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair agus bhí 61.2 faoin gcéad den tuairim go raibh an Ghaeltacht tábhachtach don Ghaeilge i nGaillimh.

Moltaí
Ar an mbeart is tábhachtaí a mholtar sa phlean, tá an moladh go bhfostófaí Oifigeach Pleanála Teanga. Beidh an té a earcaítear freagrach as an bPlean Teanga a chomhordú agus a chur i bhfeidhm thar thréimhse seacht mbliana.

Agus, tá tús curtha leis an bpróiseas earcaíochta cheana féin.

“Beidh an comhordaitheoir ag obair le foireann Ghaillimh le Gaeilge agus déanfar sin i gcomhpháirtíocht leis an Chomhairle Cathrach agus leis na páirtithe atá luaite leis na beartais sa phlean” a dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge.

“Tá súil againn go mbeidh an té a roghnófar ag tosú go luath i Meán Fómhair,” a dúirt sí.

Cé nach gclúdóigh sé na costaisí uilig, beidh €100,000 sa bhliain ar fáil ón Roinn Gaeltachta chun tacú leis an bplean thar thréimhse seacht mbliana.

Táthar ag súil go mbeidh an tOifigeach Pleanála Teanga ag déanamh comhair leis na feidhmeannaigh phleanála teanga atá freagrach as pleananna teanga eile i mBearna - Cnoc na Cathrach, in Oirthear na Gaillimhe agus san Eachréidh.

“Ceann de na cuspóirí a bheidh againn mar chuid den obair seo ná go mbeidh muid ag obair i gcomhpáirtíocht leis na pleanálaithe teanga eile mór thimpeall orainn agus go mbeidh muid ag malartú eolais agus acmhainní agus go mbeidh muid ag baint an luach is fearr as an airgead sin uilig,” a dúirt Ní Chonghóile.

Tá sé i gceist le moladh eile go gcruthófaí suaitheantas chun cainteoirí Gaeilge a aithint - rud a bheadh an-úsáideadh dóibh siúd ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge i siopaí agus i mbialanna na cathrach.

Moltar freisin go gcruthófaí aip chun taighde leanúnach a dhéanamh faoi úsáid na Gaeilge ar shráideanna na cathrach agus aip eile nó áis ar líne a chuirfeadh eolas ar fáil faoi sheirbhísí Gaeilge na cathrach.

Pléitear eagrais dheonacha phobail sa phlean agus ón obair a rinne an Dr John Walsh, an Dr Dorothy Ní Uigínn agus a gcomhghleacaithe as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is léir go bhfuil féidearachtaí ann tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine an teanga a úsáid i gcomhthéacsanna atá lasmuigh den chóras oideachais.

“Tá uaillmhian ag baint leis an bplean ach níl sé mar aidhm aige Gaeltacht a dhéanamh don chathair nó an Ghaeilge a bheith mar phríomh theanga sa chathair ná aonrud mí-réadúil mar sin,” a dúirt an Dr Walsh.

“Teastaíonn ón bplean seo tógaint ar an deá mhéin fhorleathan i leith na teanga atá ag muintir na cathrach, freastal ar na daoine arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga agus a thuilleadh seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine ó lasmuigh den chathair - ón nGaeltacht go príomha - atá ag teacht isteach sa chathair ar mhaithe le hobair, ar mhaithe le háiseanna sóisialta agus cultúir,” a dúirt sé.

“Sin iad na grúpaí éagsúla a bhí mar sprioc againn sa phlean seo. I gcroílár an phlean féin tá stádas na cathrach mar Bhaile Seirbhíse Ghaeltachta.”

Treisiú
Ní bhíonn beartais an stáit éifeachtach gan tacaíocht agus gníomhaíocht an phobail. Bíodh is go mbíonn meon dearfach le brath i leith na Gaeilge, is fiú an cheist a chur: cén fáth nach raibh ach 0.55 faoin gcéad de na comhráite ar shráideanna na Gaillimhe as Gaeilge. Is cinnte go mbaineann fáthanna socheolaíocha agus síceolaíocha leis an bhfreagra, ach is dócha gur ceist í sin ar fiú breis staidéir a dhéanamh uirthi.

Is féidir an iliomad pleananna a chuimsiú chun an Ghaeilge a fhorbairt ach má táthar chun fuinneamh nua a ghiniúint agus an teanga a threisiú mar theanga phobail beidh gá le líonraí pobail agus gnó a threisiú agus a láidriú ag an am céanna.

Cuireann an plean seo tacaíochtaí riachtanacha ar fáil chun comhordú cuibhiúil a spreagadh idir na líonraí seo.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.