Nasc sanasaíochta le stair na hÉireann

Tugann leabhar nua-fhoilsithe léargas ar ghnéithe de stair na hÉireann agus ar fhorbairt na Gaeilge

FOCLÓIR: Sanasaíocht - etymology, cláirseach - harp, tairne - nail, statúid - statute, gliobach - dishevelled/tousled, fonnmhar - eager, draoithe - druids, miotal - metal, clódóireacht - printing, ársa - ancient, cath - battle, An Portán - Tropic of Cancer.

Samhlaítear nithe áirithe le seanstair na hÉireann, bandéithe, draoithe agus cláirseacha ina measc. Ní mar a shíltear a bítear i gcónaí, faoi mar a léirítear i leabhar nua-fhoilsithe, A History of Ireland in 100 Words, a thugann chun solais gnéithe de stair na tíre atá folaithe i stór focal na Gaeilge.

Ó thaobh na cláirsí de, is leis an gcúigiú aois déag a bhaineann an sampla is luaithe a bhfuil tagtha anuas chugainn don bhfocal cláirseach, cé gur baineadh feidhm as an bhfocal ‘cruit’ níos luaithe.

Is é is dóichí ná gur cineál eile uirlís ceoil a bhí sa chláirseach agus go raibh gá le focal nua chun forbairt éigin i ndéanamh na huirlíse a chur in iúl. Sa tslí sin, tugann sanasaíocht léargas dúinn ar athruithe a tháinig ar chruth na huirlíse, ar an dteicneolaíocht a bhain leis agus an ceol i bhfad uainn.

READ MORE

I gcásanna eile ní thagann aon athrú ar an bhfocal a úsáidtear ach go mbaintear feidhm as i slí nua. Cineál tairne a bhí i gceist le cló sna foinsí is luaithe atá againn. Brí eile a bhí leis ná an rian a d’fhág an tairne (cló) nuair a buaileadh i gcoinne miotail é. Mar gheall ar an tarna bhrí seo, b’fhurasta rud a bhualadh i gcló a shamhlú leis an bpróiséas nua clódóireachta a tháinig chun cinn in Éirinn sa séú haois déag, toisc gur fhág an bualadh a rinneadh rian (cló) ar an bpáipéar. Ní fada as sin go dtí cló an lae inniu, an scríbhneoireacht clóbhuailte féin.

Ní le cló amháin a luaitear miotal sa tsean-ré. Samhlaíodh bróga miotail le bandéithe (is ann dóibh!) agus leis an laoch Ultach, Fearghus mac Róich, a d’fhill ón saol eile agus péire breá daoibh á chaitheamh aige. Ach arbh ann do bhróga míchompordacha don tsórt seo i ndáiríre?

Thabharfadh focal ársa i gcóir cineál áirithe bróige, máelassae, le fios go bhféadfadh bróga (assae) a bheith maol (máel) agus mar sin déanta as miotal b’fheidir. Agus ar ámharaí an tsaoil, fuarthas dhá dhosaen seanbhróga cré-umha in aice le Clochar an Aifir i gCo. Aontroma sa naoú haois déag.

Ní móide gur ag cuimhneamh ar bhróga miotail a bhí na Sasanaigh nuair a fuaireadar an focal bróg ar iasacht ón nGaeilge chun a gcuid féin a dhéanamh de sa bhfoirm brogue.

Ní mór iad na focail Ghaeilge a chuaigh i bhfeidhm ar an mBéarla (áirítear ‘whiskey’ agus ‘banshee’ ina measc), ach is léir go raibh tionchar ag faisean na nGael i slite faoi leith. Chuir statúid de chuid rí Shasana, Anraoi VIII, cosc ar Shasanaigh stíl ghruaige ar a dtugtar an glib agus a luadh le hÉireannaigh a chaitheamh. Is ón bhfocal céanna a thagann gliobach an lae inniu. Is léir nach raibh tóir ar dhealramh gruagach na nGael i ngach áit.

Bhí Gaeil ann go raibh cuma eile ar fad orthu áfach, más fíor dosna nathanna cainte atá ar fáil do bheith maol. An ceann is bríomhaire ná ‘sál tre assa’ a shamhlaíonn maoile le sál bróige.

Tá an frása seo caomhnaithe i dtéacs, Sanas Cormaic, a luaitear le rí agus ard-easpag Mumhan a d’éag 908, Cormac mac Cuileannáin. Baineann imeartas focal cuid mhaith leis an bhfoinse seo agus sanasaíocht i múnla an tsárshanasóra, Easpag Isidore ó Seville na Spáinne a mhair sa seachtú haois.

Bhí tionchar nach beag ar a phríomhshaothar léannta, Etymologiae, ar scoláirí Éireannacha agus bhí an dúil chéanna acu i bheith ag spraoi le focail - focail Gaeilge, Laidine, Gréagaise, Lochlannaise, Breatnaise agus Béarla i gcás Chormaic. N’fheadar mar sin cé méad don bhfoclaíocht atá i gceist sna nathanna flúirseacha a luann sé le bheith maol.

Bhí meas ag scoláirí eile na Breataine agus na Mór-Roinne ar an gcineál sin cruthaíochta agus is léir go raibh ionad lárnach ag aos léinn na hÉireann i gcultúr intleachtúil meánaoiseach na hEorpa.

Ghlac na Gaeil páirt fhonnmhar i ndíospóireachtaí bríomhara a bhain le hastralaíocht, mar shampla. Ba ghné tábhachtach í seo d’eolaíocht níos leithne a bhain le comhaireamh - cén struchtúr a chuirfí ar an bhféilire; conas a rianófaí dáta cruinn na Cásca?

‘Rímaire’ a tugadh ar scoláire a bhíodh ag plé le hábhar don tsórt seo agus is iontach an rud é gurb é an gnáthfhocal anois é do mheaisín a dhéanann comhaireamh - ríomhaire.

Bhí eolaíocht agus eolas dá leithéid nasctha le seanchas. Tharla cath Mhaigh Rath agus an ghrian ag taisteal tríd An bPortán, de réir scéil ag cur síos ar an gcath áirithe seo a troideadh i gCo. an Dúin sa seachtú haois.

Tá áireamh casta astralaíochta eile luaite ag an údar sa chuntas aige leis, i dtreo is gur féidir a dhéanamh amach gur ar an gceathrú lá fichid de mhí an Mheithimh a bhí an cath ar siúl - más fíor! Ní fhéadfadh aon draoi comhaireamh níos fearr a dhéanamh!

Faightear draoithe agus bandéithe sa stair leis ar ndóigh ach is iomaí rud eile neamghnáthach agus gnáthach inti freisin agus tá céad blas (ar a laghad) le fáil orthu sa leabhar nua-scríofa ag Sharon Arbuthnot, Máire Ní Mhaonaigh agus Gregory Toner, A History of Ireland in 100 Words.