Namhaid Nua

Le fada, b’é an tAontas Sóivéadach an namhaid gan cheist abhus

Bíonn namhaid i gcónaí a dhíth. Agus nuair a imíonn seancheann, faightear ceann eile.

Le fada, b’é an tAontas Sóivéadach an namhaid gan cheist abhus. Go deimhin deimhnitheach féin, deirtí paidreacha ag deireadh an Aifrinn go bhfillfeadh an Rúis ar an gcreideamh Caitliceach. Thóg sé tamall, ach is léir gur oibrigh!

Nuair a thit an cumannachas (mar a bhí) as a chéile in oirthear na hEorpa ba ghá namhaid éigin eile a lorg. Fuarthas an tIoslamachas buile agus na geilt éagsúla a bhí á stiúradh, ach ar chúis éigin, ní fhacthas máthair an oilc san Araib Shádaisteach. Dá réir sin, namhaid ba ea na hArabaigh de cheal aon namhaid eile a bhí máguaird.

Tar éis tamaill de bheith ag pleancadh na nArabach agus inar tuigeadh gur beag an baol a bhí ann go ndéanfadh an Éigipt nó an Liobáin nó an Iordáin nó an Mharóic féin ionsaí ar an bhFrainc ná ar Shasana ná go cinnte siúráilte féin ar na Stáit Aontaithe, agus go raibh an Iaráic faoi smacht go fóill agus an tSiria róchreachta, chaithfí teacht ar namhaid nua.

READ MORE

Níor léir in aon chor gurbh í an tSín a bheadh ann. Tar éis an tsaoil bhíothas ag déanamh suas léi le glúin nó dhó anuas. Osclaíodh institiúidí Confucius sna hollscoileanna is mó abhus agus súlach le béala na n-údarás. Suncáladh na billiúin trilliúin de remninbíocha ar fud an iarthair. Cromadh ar an tSínis a fhoghlaim le flosc, bíodh gur ghearr gur taibhsíodh do dhaoine nárbh ionann í agus fuaimeanna balbha na Fraincise ná litriughadh fada na Gearmáinise ná foghair mar a dhea simplí na Spáinnise.

Chuaigh tionsclóirí móra na hÉireann agus polaiteoirí beaga na Roinne Eorpaí agus taidhleoirí na dtíortha idir eatarthu ina strillíní chucu ag iarraidh na ngrabhróga a thit ó chlár a máistir. B’í an tSín an aimsir fháistineach. B’í an tSin an buachaill, an aimsir óg, an giolla mear, an draíocht thar sáile.

Agus ansin, tháinig an coróinvíreas amach as feascarlucha na Síne, nó créatúir mar iad. Níl aon amhras ná go bhfuil siad ciontach sa bhfaillí agus sa chosaint bhréige a dhein siad orthu féin. Níl aon amhras ná go raibh siad tuaipliseach agus neamartach sa tslí inar dhéileáil siad leis an ngalar sna laethanta tosaigh sin. Agus níl aon amhras ná gur stát deachtóiriúil aonghuthach nach mbroiceann le freasúra í an tSin.

Ach b’é seo an seans a rabhthas ag feitheamh leis! Húlamábocarú! Tá namhaid eile againn. Nuair a scaip an víreas gránna scaip na scéalta gur i saotharlainn éigin de chuid Wuhan a thionscnaigh. Fág fírinne nó bréige an scéil sin as an áireamh, b’í an teachtaireacht fholaigh ná gur d’aon ghnó a ceapadh é.

Chuige sin a thug Trumpa na bhFlaitheas ‘an víreas Síneach’ air. Dá réir sin ba chóir an víreas Meiriceánach a thabhairt ar an bhfliú ‘Spáinneach’ a mharaigh caoga milliún duine ag deireadh an chéad chogaidh bharbartha. Agus an galar Congóch ar ebola agus ar aids. Bhí póilió san Éigipt fadó, ach is ó na Stáit Aontaithe a leathnaigh sé go dtí tíortha saibhre an domhain agus ina dhiaidh sin go dtí aiteanna faoi fhorbairt. Nuair a d’fhág an cine daonna an Afraic, thugadar an eitinn leo, de bhrí gur dócha gur féidir ‘an galar Afracach’ a thabhairt air, ach sa chás sin, is dócha gur galar Afracach sinn go léir.

Is ea, tá locht áirithe ar an tSín. Ach tugadh foláireamh fada dúinne san Eoraip/Mheiriceá chomh maith, foláireamh gur tugadh beag-aird air. Is é nár tuigeadh go bhfuil aigne gan inchinn dá chuid féin ag an víreas seo. Inchinn gan aigne atá ag go leor polaiteoirí. Polaitíocht is ea an iarracht an milleán a chur at an tSín amháin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar