I ngreim i seoda na staire sa chartlann

Rith sé liom nach fótachóipeanna saorga a bhí i mo lámha agam ach na buncháipéisí stairiúla a bhí in úsáid ag na pearsana a bhí luaite iontu

FOCLÓIR: Seoid - treasure; taighde - research; cartlann - archive; brathadóir - informer; síneadh - stretch; crochadóir - hangman; treabhadh - trawling; clúdach litreach - envelope; eachtra - event.

Ó am go chéile baintear geit as duine nuair a aimsíonn sé seoid gan choinne agus é i mbun cuardaithe trí chomhaid i gcartlann.

Bhain sé siar asam féin blianta ó shin, an chéad uair a bhí mé i mbun taighde cartlainne, nuair a rith sé liom nach fótachóipeanna saorga a bhí i mo lámha agam ach na buncháipéisí stairiúla a bhí in úsáid ag na pearsana a bhí luaite iontu.

B’ionann é agus síneadh siar isteach sa stair agus ceangal pearsanta a dhéanamh le lucht scríofa na gcáipéisí sin - polaiteoirí, lucht údaráis, coirpigh agus cleasaithe.

READ MORE

Agus mé i mbun taighde le gairid do The Queen v Patrick O’Donnell - leabhar do Four Court Press agus fadchlár faisnéise do TG4 - bhí mé ag léamh trí chomhad i gCartlann Náisiúnta na Breataine i mbruachbhaile Kew ar imeall thiar chathair Londan.

Bhí cuid mhaith de scéal Phadaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill as Mín an Chladaigh i nGaoth Dobhair ar eolas agam faoin tráth sin. Bhí a fhios agam gur eachtra bheag amháin a tharla i gcathair Cape Town na hAfraice Theas sa bhliain 1883 a chuir cor gan choinne ina chinniúint agus a d’fhág os comhair an chrochadóra i Londain é gan mhoill ina dhiaidh sin.

Bhí an turas fada farraige - 7,200 muirmhíle ó Londain go Cape Town - déanta ag Padaí Mhicheáil Airt agus rún aige a shaibhreas a dhéanamh sna mianaigh dhiamaint ansin tar éis dó blianta fada a chaitheamh i Meiriceá. Choinnigh fear as Baile Átha Cliath a thug James Power air féin comhluadar maith leis ar an aistear farraige a mhair trí seachtaine. Bhí sé i gceist ag Power agus a theaghlach a mbeatha a shaothrú in Durban i gCúige Natal.

Thug oibrí tábhairne in Cape Town suntas don chosúlacht a bhí idir James Power agus ceannaire na Invincibles, James Carey, an fear a d’iompaigh ina bhrathadóir agus a thug fianaise in aghaidh a chuid comrádaithe. Crochadh cúigear acu agus gearradh téarmaí fada príosúin ar dheichniúr eile as a bheith páirteach i ndúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce.

D’aimsigh an freastalaí beáir seaneagrán den Weekly Supplement de chuid an Freeman’s Journal ina raibh sceitse d’aghaidh James Carey. Thaispeáin sé an pictiúr do Robert Cubitt as Norfolk Shasana, a bhí ag ól sa bheár ag an am. D’aithin Cubitt láithreach gurbh ionann Carey agus an fear a bhí tar éis taisteal ar an bhád faoin ainm bréige ‘James Power’ leis féin agus le Padaí Mhicheáil Airt ar an turas ó Londain.

Thug Cubitt leis an pictiúr ón nuachtán agus thaispeáin sé d’fhear Ghaoth Dobhair é, a bhí ina sheasamh ar an ché ag fanacht le himeacht ar an chuid dheireanach den turas go Durban. Sin an eachtra a chuir cor ina chinniúint.

‘I will shoot him,’ a dúirt Padaí Mhicheáil Airt nuair a thuig sé fírinne an scéil.

Chuir Ó Domhnaill an pictiúr ón nuachtán ina phóca agus d’imigh sé ar bord na loinge, an SS Melrose, agus fios aige ina chroí istigh gurbh é James Carey, a raibh fuath ar fud na hÉireann air, a bhí mar chompánach aige.

Mura bhfeicfeadh sé an pictiúr sin is mo seans atá ann nach bhfaigheadh sé amach go deo an fíorscéal go raibh sé i gcomhluadar bhrathadóir na Invincibles.

An lá dár gcionn mharaigh Ó Domhnaill an brathadóir James Carey ar bord na loinge nuair a scaoil sé trí cinn d’urchair leis.

Agus mé ag treabhadh go mall tríd an chomhad sa chartlann in Kew - comhad a bhí coinnithe ina rún ar feadh breis agus 100 bliain leis na focail ‘Closed until 1985’ ar an chlúdach - d’aimsigh mé cáipéis ina raibh 61 leathanach de nótaí lámhscríofa a rinne an Breitheamh Denman le linn dó a bheith i gceannas ar an chás cúirte san Old Bailey in aghaidh Phadaí Mhicheáil Airt.

Bhí clúdach litreach ceangailte le biorán de leathanach 41 de na nótaí agus nuair a d’oscail mé go cúramach é, is é a bhí istigh ann ná an pictiúr ceannann céanna de James Carey a shín Robert Cubitt chuig Padaí Mhicheáil Airt ar an ché in Cape Town. Ní cóip ná macasamhail a bhí anseo ach an leathanach sin ón Weekly Supplement a tugadh ón Afraic Theas le húsáid sa chúirt mar chuid den fhianaise in aghaidh Uí Dhomhnaill.

Bhí mé i ngreim sa stair a shín siar go dtí fear Mhín an Chladaigh ina sheasamh faoi theas na gréine san Afraic Theas.

Bhí seoid eile níos suntasaí fós i measc na nótaí a bhí breactha síos ag an Bhreitheamh Denman agus bhain sí geit gan choinne asam go cinnte.

Bhí sé tugtha le fios sa chúirt ag Denman gur iarr an giúiré air - fad is a bhí siad i mbun machnaimh ar a mbreithiúnas agus an fhianaise ar fad cloiste acu - sainmhíniú a thabhairt ar na focail ‘malice aforethought’, a bhí luaite leis an chineál dúnmharaithe a bhí curtha i leith Phadaí Mhicheáil Airt.

Ba léir, áfach, ó nótaí an bhreithimh sa chomhad gur chuir sé a chasadh féin ar an cheist agus b’ionann sin agus an difríocht idir bás agus beatha d’fhear Ghaoth Dobhair.

Tá tuilleadh faoi scéal Phadaí Mhicheáil Airt le fáil sa leabhar The Queen v Patrick O’Donnell de chuid Four Courts Press agus san fhadchlár faisnéise den ainm chéanna de chuid ROSG do TG4.

* As Gaeltacht Dhún na nGall ó dhúchas é Seán Ó Cuirreáin ach tá sé ina chónaí i gConamara le fada.