A-wop-bop-a-loo-bop

Scéal eile an dílseacht a thugann daoine d’amhránaithe nó do chineálacha éagsúla ceoil.

Is dócha go dtarlaíonn sé do dhéagóirí ina n-uain féin. Is ea, tugann buachaillí go háirithe dílseacht d'fhoirne éagsúla i léigeanna peile Shasana ar chúiseanna nach dtuigeann aon duine. B'fhéidir go raibh deartháir nó athair mar dhuine dá lucht leanúna foirne tráth, ach is cuma nó mistéir an chúis ar roghnaigh seisean ManU seachas Aston Villa seachas Spurs seachas Arsenal. Mo thrua an leaid óg anois ar thug a mhuintir gean a gcroí do Leyton Orient nó Scunthorpe United fadó.

Scéal eile an dílseacht a thugann daoine d'amhránaithe nó do chineálacha éagsúla ceoil. Shílfeá go n-insíonn rud éigin mar gheall ar phearsantacht nó ar shamhlaíocht an duine sin, mar a dhéanann an litríocht. Nuair a bhíos i bhfad níos óige ná mar atáim anois bhíodh argóintí agus allagar agus abhcóidíocht ar bun tar éis scoile, agus le linn scoile agus ina diaidh mar gheall ar pé acu Elvis nó Cliff Richard nó réalta mór eile ab fhearr.

Ag teacht abhaile ón scoil - óir bhíodh an dinnéar i lár an lae - is minicí ná a mhalairt go mbeadh crónánaí éigin ar an raidió idir slogadh na lachan agus an filleadh ar ais. Amore le Dean Martin, nó I've got you under my skin le Frank Sinatra, nó sa chás is nach raibh an t-ádh leat in aon chor rud éigin leis na Platters. Isteach sa saol ciúin deas mánla maoth béasach siúcrúil seo réab rocanról go fíochmhar.

Fág nach raibh an chuma sin ar Bill Haley lena choirnín gruaige ar nós seilmide ag sleamhnú ar a chlár éadain anuas is air a leagtar an tús, cé go raibh an síol curtha le fada. Phléasc amach ina dhiaidh sin ionas go raibh na cosa ag preabadh, an croí ag princeam agus an corp ag pramsáil. Gan rómhoill bhí caille an chiúnais stróicthe ag Jerry Lee Lewis (fós linn), Eddie Cochran, Chuck Berry agus ag Elvis é féin.

READ MORE

Ach b’é ab fhearr go mór is go fada is go leitheadach is siar amach agus thar íor na spéire anonn go foirceann na firmininte ná Little Richard, gan cheist, gan dabht, gan amhras, gan aon agó. Agus mura n-aontaíonn tú liom feicfead ar maidin tú le piostail le breacadh an lae.

Cad a bhí aige seachas lucht a aithrise go lag? Fuinneamh gan teorainn, geáitseálaíocht den scoth, guth a thuismigh thíos i mball dorcha éigin de na putóga, agus sheinn sé an pianó ar shlí nár cheart do dhuine ar bith é a dhéanamh.

Sna díospóireachtaí sin againn ar chúl na scoile bhí a lucht páirte féin ag gach duine, go fiú ag Buddy Holly, cé gur deacair é sin a chreidiúint anois. Nuair nach raibh snaganna trína ghlór agus fail ina scornach bheadh eagla ort go dtiteadh sé ar an urlár de dheasca na spreangaidí cos sin aige. Agus ní raibh na spéaclaí sin riamh ar aon duine seachas ar leabharchloigeann. B'fhéidir gur ól sé an iomad den sú sin Peigí nó gur ith an iomad den phióg Mheiriceánach a d'fhág go mbíodh a chuid taispeántas ar nós a bheith ag féachaint ar chnámharlach ag crith ar ghrideall.

Nuair a bhuaigh mé na hargóintí go léir mar gheall ar Little Richard agus nuair a bhí an namhaid ar lár agus satailte faoi chois bhí caoi ansin ar na hiontais a bhain le 'Tutti Frutti', le 'Lucille' nó le 'Sailí Ard Fhada' a léiriú.

Go fiú is nuair a ghabh sé leis an gceol gaspal chuir sé beocht inti a mheallfadh na mílte ar ais chun an tséipéil dá gceadófaí é mar mhalairt ar na hiomainn leithscéaltacha a chleachtaítear go huiscealach inniu.

Ach tá sé imithe uainn anois d’fhonn rocanról a mhúineadh do na haingil lasnairde.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar