Voces Atha Cliath

Cuirfidh an tAire Éamon Ó Cuív tús le comhdháil idirnáisiúnta ar éagsúlacht teanga san oideachas, Voces Diversae, maidin amárach…

Cuirfidh an tAire Éamon Ó Cuív tús le comhdháil idirnáisiúnta ar éagsúlacht teanga san oideachas, Voces Diversae, maidin amárach in óstán Alexander, Baile Átha Cliath.

Mairfidh an chomhdháil trí lá agus beidh oideachasóirí ó gach cearn den Eoraip i láthair. Is é Foras na Gaeilge atá i mbun na hócáide agus is é an comhairleoir neamhspleách teanga, Dónall Ó Riagáin, a d'eagraigh í thar a gceann.

Dúirt Ó Riagáin go raibh trí mhóraidhm leis an chomhdháil: múinteoirí teangacha neamhfhorleathana, ar nós na Máltaise, na Gaeilge agus na hEastóinise, a chur ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú i gcúrsaí teanga ar leibhéal Eorpach. Measann teangeolaithe go bhfuil ar a laghad 300 teanga neamhfhorleathan san Eoraip, is é sin, teangacha cúpla milliún duine nach dtugtar ach aitheantas teoranta dóibh - má thugtar an méid sin féin.

Ba é malartú eolais idir grúpaí oideachais a éascú dara cuspóir na comhdhála agus líonra Eorpach oideachais a bhunú do theangacha Eorpacha an tríú ceann.

READ MORE

Dúirt sé gurbh é an tríú cuspóir an ceann ba thábhachtaí. Dá rathúla agus dá thaitneamhaí an chomhdháil féin, ba den riachtanas go dtógfaí na chéad chéimeanna i dtreo líonra den chineál seo a bhunú, líonra a mbeadh sé mar aidhm leis labhairt leis an Choimisiún Eorpach agus an fód a sheasamh do chúrsaí oideachais i dteangacha neamhfhorleathana.

"Is fearr leis an gCoimisiún labhairt le líonra atá ionadaíoch do ghrúpaí teanga éagsúla seachas le dreamanna scáinte anseo agus ansiúd," a dúirt sé, "áis mhór a bheadh i líonra idirnáisiúnta den saghas seo. Guth éifeachtach láidir ag an leibhéal Eorpach a bheadh ann."

Bhí súil aige go mbeadh spéis ag daoine a leithéid a bhunú nó ba cheart go mbeadh "rud éigin leanúnach" ann le cúram a dhéanamh den earnáil. Bhí rún aige féin leanstan den obair agus, cheana féin, bhí geallúint béil faighte aige ón British Council go n-eagródh siad cruinniú teoranta ar an ábhar céanna an fómhar seo.

Labhróidh príomhriarthóir Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas agus Chultúr de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Teresa Condeco, ar "Foghlaim Teangacha & Éagsúlacht Teanga - Polasaithe agus Pleananna an Aontais Eorpaigh" amárach ag 10.15 a.m.