Tostal 2004

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun ullmhúcháin do Thóstal na Gaeilge faoi láthair

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun ullmhúcháin do Thóstal na Gaeilge faoi láthair. Is in Óstán an Galway Bay, Gaillimh, a bheidh an ócáid ar siúl idir an Aoine 27ú agus an Satharn 28ú Feabhra i mbliana.

Dúirt Leas-Stiúrthóir na Comhdhála, Adelaide Nic Chárthaigh, gur deis a bhí sa tóstal ligean do phobal na Gaeilge "a dtuairimí ar réimsí éagsúla a nochtadh agus a n-aontú le go gcuirfí faoi bhráid na bpáirtithe polaitiúla iad chun go ndéanfaí freastal orthu mar chuid dílis dá gcláir sna chéad toghcháin eile".

Bhain tábhacht nár bheag leis an ócáid ó tharla an méid mór nithe ar chás do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta bheith i ndiaidh titim amach "idir an Coimisinéir Teanga, stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, pleanáil teanga agus Gaeltachta agus ceist dhílárú Fhoras na Gaeilge. D'fhéadfaí tóstal ceithre lá a eagrú."

De bharr go raibh toghcháin áitiúla agus Eorpacha ag teacht agus go raibh uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ag an Rialtas, ba chuí an t-am é "chun ár n-éilimh i leith thodhchaí na Gaeilge a réiteach".

READ MORE

Tá dréachtchlár imeachtaí ullmhaithe cheana féin. Tá cuireadh curtha ar an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, caint a thabhairt ar a ról; déanfar plé ar chur i bhfeidhm agus impleachtaí praiticiúla Phlean Gnímh an Acht Teanga agus ar Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Déanfar díospóireacht fosta ar chur i bhfeidhm mholtaí Choimisiún na Gaeltachta, ar Fhoras na Gaeilge agus ar phleanáil don Ghaeilge. "Bí rannpháirteach. Tá d'ionchur de dhíth," a dúirt Nic Chárthaigh. Eolas: 01-6794780 nó adelaide@comhdhail.ie