Teastas teaghlaigh

Tá athrú ar an tsochaí agus ar an teaghlach dá réir sin


Dhún an bhean na pasanna, ag amharc orainn go fiata.

“Joe, cé lena bhfuil tú ag taisteal inniu?” a dúirt sí.

“Bhuel,” arsa mise, “Is mise máthair Joe agus...”

“An é Joe an t-ainm atá ortsa?” a dúirt an bhean go borb liom, “nílim ag caint leatsa.”

READ MORE

“Ó,” arsa mise.

De ghnáth, ní bhíonn drogall ar bith orm argóint a thosú le duine sa tseirbhís phoiblí. Is amhlaidh go ndéarfainn go dtaitníonn an chaitleáil liom.

Ach an uair áirithe seo, bhíomar ag iarraidh dul chun na Spáinne ar saoire. Bhíomar déanach san aerfort. Bhí an chumhacht go léir ag an mbean a bhí ag ceastóireacht orainn.

Mar sin, shíl mé gur chóir dom fanacht i mo thost agus ligint do mo mhac an scéal a mhíniú.

“Is mise Joe agus is í Caoimhe mo mháthair,” a dúirt mo mhac, “agus tá boyfriend mo mháthar ag taisteal linn chomh maith.”

Bhí náire orm an focal “boyfriend” a chloisteáil agus an aois atá agam.

Is fuath liom an focal “páirtnéir” ach, sa gcás áirithe seo, b’fhearr liom dá n-úsáidfeadh mo mhac é.

Bhíos cinnte go raibh an bhean ag tabhairt breithiúnais orm, “ó féach; bean des na mná sin a théann chun na Spáinne lena cuid “boyfriends” agus a ólann Vodka ó Aldi agus a chaitheann Superkings ar an trá an lá ar fad, seachas aird a thabhairt ar na páistí atá léi.”

Bhrúigh an bhean ar chnaipe éigin thíos faoin deasc agus tháinig fear amach chun labhairt léi.

Bhí siad i ndáil chomhairle lena chéile ar feadh cúpla nóiméad. D’fhógair siad a gcinneadh ansin.

“Tá ainmneacha difriúla ar na pasanna seo go léir,” a mhínigh an fear. “Cén chaoi go mbeadh a fhios againn go cinnte go bhfuil siad go léir gaolta lena chéile, fiú?

“Tá cinneadh déanta againn an uair seo sibh a ligint tríd mar mhínigh do mhac an scéal agus tá inchreidteacht ag baint leis. Tá sé os cionn 14 bliain d’aois chomh maith. Ach an chéad uair eile, ba chóir daoibh teastais bhreithe a bheith agaibh leis an ngaol a chruthú.”

Táimse théis dul ar thart ar 50 eitleán le mo mhac i m’aonair roimhe seo.

Agus ní raibh riamh na hainmneacha céanna ar ár bpásanna. Níor ceistíodh riamh mé.

Ach thug an eachtra seo le fios dom go raibh cúrsaí athraithe. Bhíos anois mar chuid de leaschlann. * Níor rugadh ach 3 faoin gcéad de pháistí in Éirinn taobh amuigh de chuing an phósta sna 1960í. Anois, rugtar 33 faoin gcéad de leanaí do thuismitheoirí nach bhfuil pósta lena chéile nó do thuismitheoirí díomhaoin.

Tá athrú ollmhór tagtha ar an tsochaí. Ach ní dheachthas i ngleic leis an athrú sin ó thaobh an dlí de go dtí le gairid nuair a cuireadh an tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh i bhfeidhm.

Tugtar aitheantas faoin Acht agus cearta do lánúineacha den inscne chéanna, mar shampla, agus do dhreamanna eile a bhfuil baint acu le páiste a thógáil; seantuismitheoirí, aintíní, uncailí, leastuismitheoirí agus eile.

Den chéad uair in Éirinn, is léiriú cruinn é an reachtaíocht ar an tsochaí ina bhfuilimid ag maireachtáil go réalaíoch.

Níor smaoinigh mise ariamh ar ról agus ar thábhacht an leastuismitheora mar ní raibh a leithéid de dhuine i gceist i mo shaol.

Ach tuigim anois na dúshláin atá le sárú ag an té a ghlacann leis an ról seo. Agus tuigim gur féidir leis an té ceart cur go mór le saol an pháiste. Tá áthas orm go mbeidh níos mó cearta ag na daoine seo faoin Acht nua.

Nuair a thagann leanbh beag ar an saol, tá sé gleoite. Ní gá duit iarracht a dhéanamh le titim i ngrá leis. Agus ansin, tá na blianta fada agat le dul i dtaithí air na lochtanna go léir atá air. Faoin am atá sé ina dhéagóir, níl sé chomh gleoite céanna agus cuireann sé soir thú. Ach fós féin, is féidir leat déileáil leis mar is é do leanbh beag é go fóill.

Ach ní raibh aithne riamh ag an leastuismitheoir ar an leanbh gleoite álainn.

Buaileann sé le hógánach mór garbh a fhágann bia ar fud na háite, a itheann gach rud sa teach agus nach bhfuil sé de chumas ná de chuimhne aige a bhosca lóin a chur isteach ina mhála scoile aon lá den tseachtain.

Bíonn ar an leastuismitheoir éisteacht le déagóir atá dúghafa le Eminem ag rapáil lá agus oíche, cé nach bhfuil bua ar bith ag an déagóir ó thaobh rapcheoil de.

Caithfidh an duine grá a chothú in áit nach bhfuil grá cheana. Agus caithfidh an páiste an rud céanna a dhéanamh chomh maith. Tá siad beirt á dhéanamh ar mhaithe leatsa, mar is tusa an duine a bhfuil caidreamh aici leis an mbeirt acu.

* Tá na teastais bhreithe faighte agam sa mbaile. Tá siad slán sábháilte istigh i bhfillteán mar go mbím de shíor ag cailliúint cáipéisí tábhachtacha. Beidh teastas eile istigh sa bhfillteán sin i gceann roinnt míonna, tá súil agam.

Beidh níos mó mearbhaill ar bhean na bpasanna san aerfort mar beidh duine nua ag taisteal linn.

Agus beidh deis ag an bhfear sin atá ina leastuismitheoir fé láthair dul i dtaithí ón tús ar na lochtanna go léir a bhíonn ar pháistí.

Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin