Ta na turasoiri culturtha ar lorg traidisiuin eile

Maidin Domhnach Cincíse d'fhreastail mé féin agus mo chéile ar Aifreann i mbaile beag i dTír na mBascach in iardheisceart na …

Maidin Domhnach Cincíse d'fhreastail mé féin agus mo chéile ar Aifreann i mbaile beag i dTír na mBascach in iardheisceart na Fraince, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Aifreann do pháistí a bhí ann agus bhí thart faoi dhá scór d'aos óg an bhaile i suíocháin tosaigh theach an phobail.

Ar crochadh os cionn na haltórach bhí scáileán agus nuair a tháinig am na seanmóire taispeánadh léarscáil d'impireacht na Róimhe in aimsir Íosa Chríost.

Le cabhair na léarscáile sin labhair an sagart faoi na teangacha éagsúla a bhí á labhairt san impireacht ag an am sin.

READ MORE

Agus é ag iarraidh a mhíniú do na páistí a dheacra a bheadh sé do na pobail éagsúla, a bhailigh isteach i gcathair Iarúsailéim an chéad Domhnach Cincíse, teanga na n-aspal a thuiscint ar seisean:

"Smaoinigh a dheacra a bhíonn sé ag Sasanaigh, Dúitsigh, Gearmánaigh agus fiú Francaigh a thagann anseo ar saoire sibhse a thuiscint nuair a bhíonn sibh ag labhairt Bascaise le chéile."

Is i bhFraincis a léigh an sagart an chuid is mó den Aifreann ach bhí na príomhphaidreacha agus na hiomainn go léir i mBascais. D'iarr sé ar gach duine sa lucht freastail, bíodh Bascais acu nó ná bíodh, na hiomainn a chanadh ó na bileoga a bhí ar na suíocháin, rud a rinne an pobal, idir fhir agus mhná, in ard a ngutha.

Is fada ó chuala mé amhránaíocht ar Aifreann a bhí chomh glórach ceolmhar sin. Casadh beirt Ghearmánach orainn ar an bhealach amach a shíl an rud céanna. Ainneoin iarrachtaí rialtas lárnach na Fraince an Bhascais a chur faoi chois ba léir go raibh an chléir agus muintir an bhaile seo mórtasach as a dteanga.

Breis bheag agus mí ina dhiaidh sin d'fhreastail mé ar Aifreann i dteach an phobail atá in ainm agus a bheith i nGaeltacht Thír Chonaill. Is gnách Aifreann Gaeilge sa teach pobail seo ach an Domhnach seo ní raibh focal Gaeilge ann. Fiú an Ár n-Athair is i mBéarla a bhí sé.

Is fíor go raibh níos mó de lucht saoire i láthair ná mar a bhí de mhuintir na háite ach ní móide go gcuirfeadh sé isteach ar aon duine acu cúpla paidir i nGaeilge agus bileoga bheith ar fáil leis na paidreacha seo agus cúpla iomann simplí orthu.

Ó thús an tsamhraidh seo táthar ag gearán faoin titim mhór i líon na dturasóirí go hÉirinn i mbliana agus an milleán á chur ar thubaiste an 11ú Meán Fómhair sna Stáit anuraidh agus ar an drochaimsir.

MAR gheall air seo deirtear go bhfuil iarracht bhreise á dhéanamh ag Bord Fáilte turasóirí a mhealladh go hÉirinn a bhfuil níos mó ag teastáil uathu ná bolg le gréin, galf agus ólachán. Turasóirí cultúrtha a thugann siad orthu.

Bhí an lánúin Ghearmánach a casadh orainn lasmuigh de theach an phobail in iardheisceart na Fraince sa chatagóir seo. Bhí beartaithe acu cuairt a thabhairt ar Éirinn i mí Lúnasa agus bhí beart leabhar acu chun iad féin a chur ar an eolas faoin tír roimh ré, ina measc liosta tithe lóistín agus láithreacha campála san iardheisceart agus leagan Gearmáinise de Angela's Ashes.

Bhí dúil acu sa cheol Gaelach agus bhí ainmneacha Enya agus Sharon Shannon acu, ach is cosúil nach raibh rud ar bith sna leabhair eolais a bhí acu faoi theanga eile seachas Béarla bheith á labhairt in Éirinn.

Bhí fonn orthu tuilleadh eolais a fháil ina taobh agus b'oth liom nach raibh ceann de na leabhráin bheaga Saoire sa Ghaeltacht, a chuir Údarás na Gaeltachta amach, agam le tabhairt dóibh.

Mholamar dóibh aghaidh a thabhairt ar Ghaeltacht Chiarraí nuair a bheadh cathair Luimní feicthe acu.

Má ghlacann siad leis an chomhairle sin feicfidh siad an Ghaeilge scríofa ar na comharthaí bóthair ach an mbeidh comhartha ar bith ann chun iad a threorú go dtí na tithe lóistín, na tithe tábhairne nó fiu na tithe pobail ina gcluinfear an Ghaeilge?

Tá sé thar am do Bhord Fáilte agus do na húdaráis áitiúla abhus a bhíonn ag iarraidh turasóirí a mhealladh a thuiscint go bhfuil cuid mhór de lucht na hEorpa a thagann anseo ag iarraidh éalú ón chultúr Angla-Mheiriceánach atá in uachtar sna cathracha móra ansin agus gur buntáiste seachas a mhalairt an Ghaeilge bheith á labhairt ar an oileán seo.

Rud mór ar mhór-roinn na hEorpa anois is ea an dúil sa Cheilteachas agus chuirfeadh na turasóirí seo fáilte roimh dheis ar bith bheith in áit a bhfuil teanga Cheiltise á labhairt inti.

Is eagal liom go bhfuil sé rómhall anois chun lucht freastail Aifrinn a spreagadh chun iomainn Ghaeilge a chanadh os ard ach is cinnte go gcuirfeadh eachtrannaigh suim in amhránaíocht ar an sean-nós ach fios bheith acu agus iad ag teacht a leithéid bheith ann.