Scéal ón Fhrainc faoi ról an scríbhneora agus cúrsaí creidimh

Fear thar a bheith suimiúil a bhí i François Mauriac (1885-1970), scríbhneoir agus intleachtach a mbeadh sé deacair lipéad idé-eolaíochta ná aon lipéad eile a cheangal leis.

Ach áirítear Mauriac mar “scríbhneoir Caitliceach” anois i measc scoláirí áirithe (ní ina thír dhúchais, an Fhrainc, caithfear a admháil) agus fágtar mar sin é mar scéal. Déantar neamhaird de, cé go maíonn na Francaigh go bhfuil sé ar na scríbhneoirí is fearr a chuir peann le pár san 20ú haois.

File, drámadóir, úrscéalaí agus iriseoir a tháinig ar an saol sa bhliain 1885 i mBordeaux na Fraince, bhain Mauriac le teaghlach buirgéiseach Francach a raibh airgead agus maoin an tsaoil acu dála theaghlach an scríbhneora óig Ghaelaigh, Pádraic Ó Conaire, fear a bhí ag cleachtadh a cheirde timpeall an ama chéanna. Cé gur tógadh Mauriac mar Chaitliceach, is í an mháthair a bhí cráifeach. Ar thaobh a athar de, bhíodar tógtha le smaointeoireacht Voltaire, leis an bPoblachtachas agus iad tiomanta i gcoinne na hEaglaise.

Ar shlí, b’eiseamláir an scoilt sin i dteaghlach Mauriac den deighilt a bhí i saol náisiúnta na Fraince ó thréimhse Réabhlóid na Fraince ar aghaidh, scoilt ar cuireadh clabhsúr foirmiúil uirthi le linn óige Mauriac; sa bhliain 1905 a cuireadh an deighilt oifigiúil idir an Stát agus an Eaglais sa Fhrainc ar bhonn dlíthiúil.

READ MORE

Bhí neart ceisteanna conspóideacha san aer agus Mauriac ina bhuachaill óg, cuid acu atá á bplé againn in Éirinn anois, 100 bliain níos deireanaí ná na Francaigh. Ceist an oideachais reiligiúnaigh, mar shampla. An leis an Stát nó leis an Eaglais a luíonn an dualgas seo?

Bhí dílseacht phobal Caitliceach na Fraince do rialtas poblachtach na linne idir dhá cheann na meá agus bhí conspóidí eile a bhain leis an gCaitliceachas ar mhór-roinn na hEorpa agus nach raibh mórán cur amach againne anseo in Éirinn orthu ag an am sin.

Mar shampla, bhí an Pápa Leon XII ag iarraidh an tseanscoilt idir fealsúnacht an phoblachtachais agus an dearcadh aeistéitiúil Caitliceach a chneasú trí mheán an pholasaí ar tugadh “Le Ralliement” air. Bhí teannas náisiúnta agus cultúrtha le brath sa Fhrainc agus Mauriac ag fás aníos.

Na blianta ina dhiaidh sin, scríobh Mauriac gurbh é an creideamh Caitliceach agus é sin amháin a mhúnlaigh agus a threoraigh a shaol agus a íogaireacht ealaíne agus é ag teacht in inmhe mar ógfhear. Ba mhór an ráiteas é sin ó dhuine de mhór-intleachtaigh a linne, fear a bhain ardstádas poiblí amach i measc a gcomhthíreach, go háirithe agus Mauriac á mhaíomh seo ag an am ba dhúshlánaí a bhí ag Caitlicigh na tíre sin ó ré na Réabhlóide ar aghaidh.

Rinne Mauriac staidéar ar an litríocht in Ollscoil Bordeaux ar dtús agus d’fhreastail sé ar an École des Chartes i bPáras ansin, áit a raibh sé ag traenáil le bheith ina chartlannaí. Chuir sé aithne ar lucht liteartha Pháras idir an dá linn, áfach, agus thóg sé an cinneadh cróga an cúrsa ollscoile sin a chaitheamh san aer agus gairm na scríbhneoireachta a thriail.

Sa bhliain 1909 a d’fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta ach thóg sé deich mbliana ar Mauriac teacht in inmhe mar scríbhneoir agus a thallann nádúrtha a mhúnlú agus a thabhairt chun foirfeachta.

Sna 1920í a scríobh sé na húrscéalta a bhainfeadh cáil amach dó, ag tosú le Le Baiser au Lepreux (1922) (An Phóg a Tugadh don Lobhar).

Ba dhuine casta é Mauriac. Cháin sé “coimeádachas” uasaicme bhuirgéiseach Chaitliceach na Fraince, an pobal dar díobh é, sna húrscéalta aige ach, chomh maith leis sin, thacaigh sé le gluaiseachtaí a bhí ag craobhscaoileadh bholscaireacht fhrith-Naitsíoch idir na blianta 1937 agus 1945.

Agus é ina fhear óg, bhí Mauriac páirteach sa ghluaiseacht Sillon, gluaiseacht Chaitliceach a chabhraigh leis na boicht. Níos déanaí arís d’ionsaigh sé féin agus George Bernanos rialtas Franco na Spáinne agus thacaíodar le poblachtaigh na Spáinne sa bhliain 1937. Ní hamháin sin ach labhair sé amach i gcoinne bhrú faoi chois na nGiúdach sna 1930í.

Cé go raibh Mauriac coimeádach ar go leor slite, ní duine é a bhféadfaí lipéad polaitíochta ná idé-eolaíochta a ghreamú de go héasca. I rith a shaoil, chaith an dá eite sa Fhrainc, an eite chlé agus an eite dheis, anuas ar Mauriac ag tréimhsí difriúla.

I 1933 bronnadh an onóir is mó i saol liteartha na Fraince ar Mauriac nuair a toghadh mar bhall den Académie Française é. Tar éis don Dara Cogadh Domhanda teacht chun críche is leis an iriseoireacht a chaith sé dua, an iriseoireacht pholaitiúil, ach go háirithe, agus a a cholún nuachtán seachtainiúil, Le Bloc-Notes .

Caithfidh go mba scríbhneoir tréitheach é i leith cúrsaí polaitíochta mar bailíodh cuid mhaith dá chuid scríbhinní ní fada ó shin agus foilsíodh arís iad i bhfoirm leabhair. Ní rómhinic a tharlaíonn sé sin i leith phearsa phoiblí ó thús an chéid seo, abair. Anuas air sin, bhí sleachta ó na Bloc-Notes athfhoilsithe san iris aitheanta L'Express .