Oileán Mhanann – aiséirí an chultúir

Tá ullmhúcháin mhóra ar siúl ar Oileán Mhanann faoi láthair. Sheol Comhairle Ealaíon Mhanann “Oileán Cultúir 2014” i mí an Mhárta agus é d’aidhm aige ceiliúradh speisialta a dhéanamh ar chultúr Mhanann agus ar na healaíona i gcaitheamh na bliana amach romhainn.

Anuas ar iliomad imeachtaí cultúrtha a bheas á reáchtáil faoi choimirce na scéime, tá Oifigeach na Manannaise, Adrian Cain, agus grúpa nua, Pobble, ag iarraidh féachaint chuige go mbeidh ról lárnach ag an Mhanannais, teanga dhúchasach an oileáin, sa cheiliúradh.

Aiséirí na Manannaise

Tá 27ú Nollaig 1974 ar na dátaí is minice a luaitear agus scéal na Manannaise á ríomh: an lá a d'éag Ned Maddrell, an cainteoir dúchais deireanach. Tubaisteach mar a bhí an buille seo don teanga, bhí tús curtha lena hathbheochan tamall de bhlianta sular cailleadh an seaniascaire.

Cé go raibh lucht acadúil, deoraithe Manannacha agus cumainn chultúrtha ag cur spéise sa Mhanannais ón ré Victeoiriach, maíonn Brian Stowell, an díograiseoir Manannaise is iomráití, gur clár ráidió a rinne díograiseoir eile, Doug Fargher, in 1953 a spreag an athbheochan chomhaimseartha agus a ghríosaigh é féin agus cara leis, Leslie Quirk, chun an teanga a fhoghlaim. Bhí sé d’ádh orthu an Mhanannais a fhoghlaim ag glúine na gcainteoirí dúchais deireanacha.

Is ollmhór an dul chun cinn atá déanta ó na laethanta luatha sin nuair a bhíodh corr-rang oíche á reáchtáil i seomraí timpeall an oileáin, agus sa lá atá inniu ann, tá an Mhanannais ag dul ó neart go neart.

READ MORE

Dar le mórán gurb í Yn Vunscoill Ghaelgagh i mBalley Keeill Eoin (St Johns), a bunaíodh in 2001, an tseoid is luachmhaire ag an athbheochan: scoil ina bhfuil 70 dalta á dteagasc trí mheán na Manannaise.

Anuas ar an bhunscoil agus cúig naíonra lán-Mhanannaise, tá deis ag daltaí i scoileanna Béarla an oileáin staidéar a dhéanamh ar an Mhanannais fosta agus cáilíochtaí TGM agus Ard-leibhéil ar fáil dóibh siúd ar spéis leo iad.

Tá deiseanna ag daoine fásta an teanga a fhoghlaim freisin, le ranganna rialta sna príomhbhailte go léir. Tá ag éirí thar barr leis an saase jeeragh, córas teagaisc bunaithe ar an mhodh "Ulpan", a forbraíodh go speisialta d'fhonn cur ar chumas na bhfoghlaimeoirí bunlíofacht a bhaint amach laistigh den achar is giorra ama.

Agus a bhuí le gréasán foghlaimeoirí, imeachtaí sóisialta ar nós maidneacha caife agus féilte bliantúla, is iomaí deis ag foghlaimeoirí a gcuid Manannaise a chleachtadh.

Bheartaigh rialtas Mhanann maoiniú a chur ar fáil le haghaidh Oifigeach Forbartha don teanga i 1995. Is é Adrian Cain Oifigeach na Manannaise faoi láthair. Tá an-éacht déanta aige chun dea-thoil a chothú i measc an phobail agus gnólachtaí an oileáin agus iad a spreagadh chun an Mhanannais a fhoghlaim agus a úsáid.

Lena chois sin, baineann sé leas an-éifeachtach as an idirlíon chun áiseanna breise a sholáthar do lucht foghlamtha agus do phobal na Manannaise – bíodh siad ar an oileán nó níos faide i gcéin: ina measc, físeáin YouTube, grúpaí ar na gréasáin sóisialta agus aipeanna teagaisc.

Oileán Cultúir 2014
I Meán Fómhair 2013, lainseáladh an grúpa, Pobble. I measc na gcuspóirí a mhaítear ina bhunreacht, áirítear "cinntiú go mbeidh láithreacht fheiceálach ag an teanga le linn Bhliain Chultúir Mhanann". Tá a lán pleananna ag an Uasal Cain d'Oileán Cultúir 2014.

Tá faoi físeán laethúil agus sraith nua podchraoltaí a eisiúint, scéim “1,000 focal” a thoiseacht agus turais agus imeachtaí speisialta a eagrú. Ba mhaith leis dianchúrsaí agus comórtais a reáchtáil, scoil samhraidh a bhunú agus dlúthdhioscaí agus foilseacháin nua a chur ar fáil.

Beidh ócáidí á n-eagrú a chuideoidh le pobal na Manannaise a gcultúr agus a dteanga a cheiliúradh agus a roinnt, mar aon le scéimeanna a thacóidh le lucht foghlamtha, tograí a mheallfaidh daoine nua chun an teanga a fhoghlaim agus imeachtaí a thabharfaidh deis do thurasóirí cultúr Mhanann a bhlaiseadh.

Tá sé de rún ag Cain agus ag Pobble go mbeidh deis ag cách páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus cur ar chumas gach duine a chion féin a dhéanamh do theanga agus do chultúr Mhanann.