Oideachas ar iarraidh

Beocheist: Schools which charge fees should pay the salaries of their own teaching staff, argues Máiréad Ní Chinnéide

Beocheist: Schools which charge fees should pay the salaries of their own teaching staff, argues Máiréad Ní Chinnéide

Níor cheart don Stát tuarastal múinteoirí i scoileanna dara leibhéal a ghearrann táillí ar na daltaí a íoc. Cuireann na táillí ar chumas na scoileanna sin áiseanna breise a cheannach agus coinníollacha níos fearr a chur ar fáil dá ndaltaí ná mar atá ar chumas na scoileanna sin atá ag brath ar mhaoiniú stáit a sholáthar.

Coimriú i nGaeilge é sin ar ráiteas a rinne Uachtarán Chumann Tuismitheoirí Meánscoileanna Caitliceacha na hÉireann ar nuacht RTÉ an tseachtain seo caite.

Cé gur mhinic ráiteas mar é ó pholaiteoirí de chuid na heite clé, b'ionadh liom é ag teacht ó urlabhraí eagraíochta atá ceangailte leis an Eaglais Chaitliceach a bhfuil cuid mhór de na scoileanna a ghearrann táillí faoina cúram. Nuair a fiafraíodh den uachtarán, áfach, arbh é sin seasamh oifigiúil na hEaglaise Caitlicí ar an cheist ní raibh sí sásta a rá gurb ea.

READ MORE

Bhí mé i mBaile Átha Cliath in 1967 nuair a d'fhógair an tAire Oideachais Donncha Ó Máille go mbeadh deis ag gach páiste sa Stát ó dheas oideachas dara leibhéal a fháil saor in aisce.

Ós rud é go raibh mé féin tar éis mo chuid meánscolaíochta a fháil saor in aisce sa Tuaisceart agus gur íoc rialtas na Breataine as mo tháillí ollscoile i mBaile Átha Cliath níor shíl mé aon rud mór ná iontach bheith ag baint le ráiteas an Aire.

Ach is cuimhin liom an alltacht a chuir sé ar dhaoine áirithe i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath go mbeadh cead isteach sna meánscoileanna ag daoscarshlua cheantracha bochta na cathrach. Vótáil cuid mhór scoileanna gan dul isteach sa scéim saoroideachais. B'ábhar sásaimh dom ag an am gur rialaigh an tOrd Doiminiceánach go mbeadh gach ceann de na meánscoileanna, a bhí faoina stiúir, páirteach ann.

I bhfianaise a seasaimh, ba chúis díomá dom a léamh go raibh titim suntasach ar líon na ndaltaí sa choláiste Doiminiceánach i Sion Hill ar an ábhar gur shíl tuismitheoirí gurbh fhearr an seans a bheadh ag a n-iníonacha áit ollscoile a fháil ach iad a chur go scoil a ghearrann táillí.

Glactar leis anois nach raibh go leor pleanála déanta nuair a rinneadh an cinneadh saoroideachas dara leibhéal a chur ar fáil do chách. Níor cuireadh dóthain airgid ar fáil do na scoileanna sin a d'oscail a ndoirse do na páistí sin nach raibh deis saoroideachais acu go dtí sin.

Tá ráite ag Seán Ó Conchubhair, a bhí ina Rúnaí Oideachais ag an am, gur mhaolaigh ar dhíograis an Rialtais i gcur chun cinn na scéime tar éis bhás tobann Uí Mháille agus éirí as an Taoisigh, Sean Lemass.

Ó shin i leith tá na scoileanna sin nach ngearrann táillí ag obair ar an ngannchuid agus, ag cur san áireamh na deacrachtaí a bhíonn acu, is ábhar ionaidh go n-éiríonn leis an oiread sin dá ndaltaí áiteanna ollscoile a fháil.

Agus cé go raibh mórchuid cainte sna meáin ar na mallaibh faoi líon na ndaltaí ó scoileanna táillí a théann ar aghaidh go dtí na hollscoileanna i mBaile Átha Cliath ní raibh siad chomh mór sin chun tosaigh ar na scoileanna "saora" nuair a cuireadh ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath san áireamh.

ACH bídis ag teacht ó scoileanna a ghearrann táillí nó scoileanna saora, léiríonn an taighde atá déanta ag an Ollamh Patrick Clancy gur páistí de chuid na meánaicme atá ag fáil áiteanna sna hollscoileanna. Tá an céadatán de chlann lucht íseal-ioncaim a n-éiríonn leo dul ar aghaidh go hollscoil níos lú ná .5 faoin gcéad (ponc 5 faoin gcéad) agus sin tar éis 35 bliain de shaoroideachas dara leibhéal.

Tá sé ráite arís agus arís ag na saineolaithe nach bhfuil de leigheas air sin ach breis infheistithe a dhéanamh i mbunscoileanna agus i meánscoileanna i gceantair áirithe chun go mbeidh seans cothrom ag na daltaí iontu oideachas ollscoile a fháil. Tá géarghá le breis múinteoirí agus le háiseanna tacaíochta sna scoileanna seo ach ní móide go dtiocfaidh an t-airgead chuige sin ón Rialtas anois.

Sa chomhthéacs sin, isdíol náire é go bhfuil ar chumas scoileanna áirithe na múinteoirí is fearr a fhostú chun clann lucht an airgid a theagasc agus go bhfuil muidne, na cáiníocóirí, ag íoc a dtuarastail.

Aontaím leis an bhean uasal a dúirt má theastaíonn ó lucht an rachmais go bhfreastalódh a gclann ar scoileanna príobháideacha gur cheart dóibh díol as gach rud, tuarastal na múinteoirí san áireamh.