Nuachtán úr seachtainiúil, Gaelscéal, le seoladh Dé hAoine

SEOLFAR an chéad eagrán den nuachtán nua seachtainiúil, Gaelscéal , i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste Dé hAoine. Nuachtán…

SEOLFAR an chéad eagrán den nuachtán nua seachtainiúil, Gaelscéal, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste Dé hAoine. Nuachtán lándaite 32 leathanach atá le bheith ann agus €1.65 a phraghas. Scaipfidh Newspread, a dhéanann freastal ar 7,000 ionad díolacháin, an páipéar agus beidh cóip dhigiteach le fáil ar www.gaelscéal.ie dhá lá i ndiaidh fhoilsiú an nuachtáin féin.

Comhfhiontar idir an Connacht Tribuneagus an comhlacht teilifíse, Eo Teilifís, atá san fhoilseachán agus a lorg sin ar rogha na gcolúnaithe: beidh Páidí Ó Lionáird agus Gráinne McElwain, beirt a bhíonn le feiceáil go minic ar TG4, agus Bernie Ní Fhlatharta, iriseoir leis an Connacht Tribuneagus bean eile a bhíodh ar TG4, i measc na gcolúnaithe rialta. Is é Ciarán Dunbar (32) atá ina eagarthóir; tá iar-léiritheoir de chuid TG4, Treasa Bhreathnach (32), ceaptha ina "Soláthróir Ábhair" agus beidh an dara "Soláthróir Ábhair", Meadhbh Ní Eadhra (21), ag tosú mí na Bealtaine, le cois saoririseoirí a chuirfidh ábhar ar fáil.

Dúirt Bainisteoir Tionscadail an nuachtáin, Trevor Ó Clochartaigh, go raibh 8,000 cóip le cur i gcló agus go mbeadh ábhar ann do lucht na Gaeilge in Éirinn, thar lear, do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí. Bheadh “nuacht trí Ghaeilge agus nuacht faoi Ghaeilge” ann, a dúirt sé, agus an mana “ag cothú phobal na Gaeilge” ar an leagan clóite agus “Gaeltacht gan teorainn” ar an leagan Idirlín. Beidh siad ag freastal ar dhá dhream ar leith: glúin a bhí ag iarraidh léamh ar an tolg agus cupán caifé ina nglac acu agus glúin níos óige a bhí “ag santú nuachta” ar líne, a dúirt sé. Bhí sé “iontach dóchasach go mbeadh an soláthar i gcló agus ar líne tarraingteach don dá dhream”.

SEOLFAIDH Siún Nic Gearailt ó TG4 Gaelscéali nDámhlann Theach Chúirt an Phaoraigh, Sráid Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, Dé hAoine ag 11am. Beidh an dara seoladh i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, ag 3.30pm an lá céanna.