Na páirtithe fós ar lorg vóta na Gaeilge

Tuarascáil: Agus na vótaí le caitheamh amárach, críochnaíonn muid ár sraith ar gheallúintí na Gaeilge i bhforógraí na bpáirtithe…

Tuarascáil:

Agus na vótaí le caitheamh amárach, críochnaíonn muid ár sraith ar gheallúintí na Gaeilge i bhforógraí na bpáirtithe polaitíochta. De réir fhorógra Fhine Gael: "We will substantially reform the teaching and learning of the Irish language in line with our published proposals in this area, including giving all Leaving Certificate students the choice to study Irish for their final two years in school."

Scríobhann Fine Gael go ndéanfaidh siad "leasú radacach" ar churaclam na Gaeilge agus go mbunóidh siad ábhar nua Ardteistiméireachta, Communicating in Irish, a chuirfidh béim ar líofacht na Gaeilge. Bunóidh siad "Language Support Corps" a chuideoidh le scoileanna a bhfuil deacrachtaí ar leith acu le teagasc na Gaeilge.

Scríobhann Fine Gael gurb "í an Ghaeltacht tobar agus foinse na Gaeilge. Is chuige sin atá gá le polasaí dearfach lena caomhnú agus lena forbairt go heacnamaíoch, go sóisialta agus go cultúrtha."

READ MORE

Geallann siad seirbhísí éagsúla a chur ar fáil: infrastruchtúr na Gaeltachta a fheabhsú; postanna bunaithe ar theicneolaíocht nua-aimseartha a chruthú; tacaíocht a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Creideann Fine Gael fosta gur "gné thábhachtach de shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge (iad) na coláistí samhraidh. Bunófar cúrsaí breise do dháltaí agus d'ábhair múinteoirí a leanfaidh i rith na bliana agus a úsáidfidh áiseanna na gcoláistí".

Tugann Sinn Féin "Ag Cur an Ghaeilge ar ais i mBéal an Phobail" ar a bpolasaí Gaeilge ina bhforógra. Scríobhann Sinn Féin: "Promoting the Irish language is a basic duty of the Irish Government.

"In our view, however, none of the establishment parties has ever taken this responsibility seriously. More than any other party on the island, Sinn Féin has championed the Irish language."

Scríobhann siad go bhfuil an páirtí ag obair leis an Ghaeltacht a fhorbairt agus go bhfuil cumainn Shinn Féin gníomhach sa cheantar: "Sinn Féin in Government will take strategic initiatives to strengthen the Gaeltachtaí and recognise other areas where 10-30 per cent of the population speak Irish on a daily basis as Breac-Ghaeltachtaí."

Molann Sinn Féin plean straitéiseach uile-Éireann leis an teanga a chur chun cinn: dréachtóidh siad plean forbartha deich mbliana; cuirfidh siad moltaí i gcrích le feabhas a chur ar oideachas agus ar fhoghlaim trí mheán na Gaeilge; tabharfaidh siad níos mó airgid d'Fhoras na Gaeilge agus TG4.

Plean teanga

Creideann Gaillimh le Gaeilge gur "céim thábhachtach ... i dtreo stádas speisialta dátheangach a bhaint amach do chathair na Gaillimhe" atá sa tuarascáil, Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe. Bunaíodh an t-eagras le cás na Gaeilge a chur chun cinn sa chathair agus sheol an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, an tuarascáil Dé hAoine.

Léiríonn an saothar go bhfuil "meon dearfach" ar dhaoine i leith stádais dhátheangaigh. Thacaigh daoine a raibh Gaeilge líofa acu, daoine ar bheagán Gaeilge agus neamhnáisiúnaigh leis an stádas. Is é dóchas Ghaillimh le Gaeilge anois gur féidir leo agus le grúpaí eile cur chuige fóirsteanach a roghnú de thoradh an taighde.

Fuair an taighde amach go raibh trí fhachtóir mhóra i gceist leis an dátheangachas: dhá theanga bheith le feiceáil go soiléir ar fud na cathrach; na meáin ar fáil in dhá theanga agus seirbhísí ar fáil in dhá theanga ón earnáil phoiblí.

Fuarthas amach fosta go raibh teagmháil leis an teanga an-tábhachtach ag daoine. Níl aon chaifé Gaeilge i nGaillimh faoi láthair ach bhí luach ag an phobal ar a leithéid d'ionad le go mbeadh "deiseanna neamhfhoirmiúla" acu Gaeilge a labhairt.

Tá eolas ag pobal an ghnó ar an dátheangachas cheana féin, de réir an taighde, agus tuigeann bainisteoirí sinsearacha cén ról a bheadh acu dá mbeadh stádas oifigiúil dátheangach ag Gaillimh. Bhí gnólachtaí beaga "dearfach go leor" faoin togra ach bhí "a lán gnólachtaí den tuairim gur chóir smaoineamh a dhéanamh ar dhreasachtaí airgid chun go bhféadfadh comhlachtaí an dátheangachas a chur i bhfeidhm mar is cuí".

Rothar Cairn

Beidh foireann Ghlór na nGael ag tabhairt faoi thuras rothaíochta ó sheanoifig an eagrais ar Lána Herbert, Baile Átha Cliath, go dtí a n-oifig nua i Ráth Cairn, Co na Mí, Dé Céadaoin 27ú Meitheamh.

Dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go raibh siad ag tabhairt faoin Turas Anoir "mar chuimhneachán orthu sin a rinne an chéad turas stairiúil ó Chonamara go Ráth Cairn sna 1930í. Anois 80 bliain ar aghaidh beidh an grúpa seo ag tabhairt faoi thuras stairiúil, ach an uair seo is turas anoir seachas turas aniar a bheidh ann".

Déanfaidh an turas seo ceiliúradh fosta ar imeacht Ghlór na nGael ó Bhaile Átha Cliath go dtí Ráth Cairn, Co na Mí, aistriú atá le tarlú go hoifigiúil Déardaoin 28ú Meitheamh.

Dúirt Mac Gabhann go mbeadh siad ag bailiú airgid "ó chomhlachtaí agus ó eagrais éagsúla ionas go mbeidh ar chumas fhoireann Ghlór na nGael dífhibrileoir (defribillator) a cheannach agus a bhronnadh ar Chomharchumann Ráth Cairn, do phobal Ráth Cairn. Beidh sé ina áis iontach don phobal sna blianta amach romhainn."

'Géarchéim'

Creideann uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, go bhfuil "géarchéim" sa Ghaeltacht ó tháinig borradh faoi chúrsaí tógála.

Tá daoine gan Ghaeilge ag ceannach tithe sa Ghaeltacht agus bagairt dá réir sin don Ghaeilge mar theanga an phobail. Tá dréachtmholtaí nua ullmhaithe ag an Chonradh i dtaca le coinníollacha teangeolaíocha agus cúrsaí pleanála atá bunaithe ar phlé a bhí ag an eagras le pobal na Gaeltachta.

Ar na príomh-mholtaí, tá: coinníollacha teanga trí chonradh scríofa idir an forbróir agus an t-údarás pleanála faoi réir alt 47 den Acht Pleanála sara gcuirtear tús leis an bhforbairt agus an t-aontú sin le bheith ina chuid de chonradh díolacháin na n-aonad cónaithe; cúnant pionóis bheith sa chomhaontú sin inaisghabhála mar fhiach conartha simplí; 60 faoin gcéad ar a laghad de na haonaid chónaithe le cur go leataobh dóibh sin leis an chaighdeán Gaeilge a theastaíonn chun deontas a fháil faoi Scéim Tithíochta na Gaeltachta.

Seirbhís Ghaeilge

Is minic institiúidí móra bheith ag gearán nach féidir leo seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil. Costas nó easpa foirne an míniú a bhíonn acu ar a gcás go minic. Ach an dtuigeann na hinstitiúidí seo go mb'fhéidir go bhfuil fostaithe acu cheana féin a bhfuil Gaeilge líofa acu?

Tharla go raibh mé i mbanc i lár Bhaile Átha Cliath agus mé ar lorg seicleabhair i nGaeilge. Thug bean óg an seicleabhar dom agus thosaigh a chaint i nGaeilge. Cainteoir dúchais a bhí inti - ach gan suaitheanas ar bith uirthi a thabharfadh le fios Gaeilge líofa bheith aici. Is i mBéarla a bhí a sloinne ach bhí sí breá sásta Gaeilge a labhairt.

Dá ndéanfá gearán leis an bhanc céanna faoi easpa seirbhísí teanga, seans go n-éireodh siad colgach. Ach bhí acmhainn luachmar dhaonna acu i ngan fhios dóibh féin.

cúnant covenant - forbairt development - géarchéim crisis

gníomhach active - stádas status - teagmháil contact