Ná bac le mac na beiche agus ní bhacfaidh...

Tá beach i measc na mbláthanna. Tá beach eile i measc na mbláthanna. Dhá bheach agus iad ar a suaimhneas. Cuireann muid fáilte roimh an bheach i gcónaí, nach gcuireann?

Tá a fhios againn go bhfuil obair mhór ar siúl ag an bheach bheag, go bhfuil a cuid oibre ag cothú plandaí fud fad na cruinne, go mbeimis go holc as gan na beacha.

Ní hionann í agus a comhghleacaí cantalach, an fhoiche! Seachnaíonn muid iad – ach cothaíonn muid an bheach le go mbeidh mil againn.

Is iontach liom i gcónaí beachaire a fheiceáil i mbun oibre. (Agus nach deas an focal é sin – beach agus aire – le cur síos ar an obair!) Ní bheadh an misneach agam a leithéid a dhéanamh – is cuma éadaí speisialta bheith orm.

READ MORE

Mar sin féin, tuigeann muid gan olc a chur ar bheach.

Tá nathanna deasa ag Ó Dónaill faoin bheach: Phrioc an bheach é – he took a sudden notion; he was tempted. Tá sé ar nós na beiche inniu – he can’t content himself today; he is a bit waspish. Ní bhfuair sé bá na beiche – he didn’t even get a drop (to satisfy his craving). Aireoidh tú beach – you’ll catch it!

Níor chuala mise ceann ar bith de na habairtí sin sa chaint riamh – rud nach ionann agus a rá nach ndéanfaidh mé iarracht iad a chur i gcolún amach anseo.

“Phrioc an bheach an Taoiseach Enda Kenny go ndéanfadh sé rud inteacht fiúntach ar son na Gaeilge...”

Idir an dá linn, ná bac le mac na beiche agus ní bhacfaidh mac na beiche leat!

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times