Beocheist: Agus The Sea le John Banville, atá anois ar ghearrliosta Dhuais Booker, á léamh agam, thug cúpla ann, cailín agus buachaill a n-éiríonn an scéalaí cáirdiúil leo ar a laethanta saoire, cúpla eile chun cuimhne.
Buachaill agus cailín ó Bhaile Átha Cliath a thaispeáin dom féin agus do mo dheirfiúracha an chéad lá riamh a bhíomar in Inis Oírr áit ar thugadar "the jumping place" air.
Ní fhacamar ann iad aon bhliain eile ach tá an t-ainm sin againn ar na dumhacha sin ó shin:
Léinte gorma is veistí glasa,
Treabhsair is dráir de bhréidín baile,
Cótaí cóirithe fada dearga,
Cótaí gorma le plúirín daite,
Seálta troma aníos as Gaillimh
Is cé go bhfuilid ag imeacht as faisean,
Maireann a gcuimhne fós im aigne
Is mairfidh cinnte go dté mé i dtalamh.
Línte as Cuimhní Cinn le Máirtín Ó Direáin. Cé gur sa bhliain 1943 a foilsíodh an dán agus go raibh beagnach 30 bliain ann gur tugadh mise ar laethanta saoire go hInis Oírr b'in an feisteas a bhí á gcaitheamh fós ag go leor de na daoine ann.
Ar eagla na míthuiscinte níor mhiste a rá gurb é atá i gceist le cóta anseo ná sciorta agus is é atá sa veist glas bháschóta liopaithe liath den stuif céanna leis na brístí. Bhí dathanna na farraige agus na gcloch fite tríd an "grey Connemara cloth" seo, mar a thug W.B. Yeats air sa dán The Fisherman.
Thíos staighre ar an ngalbhád An Naomh Éanna is ea chonaic mé an feisteas den chéad uair, ar fhir sa mbeár agus ar mhná i seomra an tae. Blaiseadh d'iontaisí an lae a bhí romham amach.
Ag pointe faoi leith sa bhfarraige stop an bád. Iad siúd a bhí cleachtaithe ar an turas d'aithin siad an t-ancaire ag tormáil síos taobh an bháid agus ag stopadh de phlab nuair a bhuail sé grinneall na farraige.
Bhí an chéibh róbheag don mbád mór agus is i gcurrach a thángamar i dtír. An chuid ba thúisce acu taobh le taobh go dlúth faoi dhoras in íochtar an bháid, daoine agus lasta á ligean amach agus á ligean isteach, agus an chuid a bhí fós ar a mbealach ag rámhaíocht chugainn, tosach na gcurrach go hard san aer. Caipín den bhréidín glas ar gach fear agus crios den bhanda daite socraithe go néata fána mbrístí.
B'fhacthas dom go mba neacha beo na curracha féin. Shamhlaigh mé cnámha tuartha leis an adhmad geal gan vearnais, maidí rámha ina ngéaga agus easnacha faoi chois.
Is maith nár lig mé orm an eagla a bhí orm suí isteach ann mar ba róluath ar fad a shroicheamar an trá. Asail bailithe anseo le cairt, a thug go ceann scríbe málaí na bpaisinéirí, lasta agus post.
B'fhánach a áiteamh go mba laethanta saoire thar laethanta saoire in áit ar bith eile a bhí againne in Inis Oírr, ó thosach go deireadh na 1970í.
Má chonaic muid meath na meánaoiseanna féin is beag aird a thugamar air. D'itheamar arán baile, uainfheoil agus fataí an oileáin, agus ronnach, agus tá dúil faoi leith agam sa mbeatha sin fós.
Ach na scannáin a rinneamar leis an ciné-cheamra nua muid féin atá iontu, gasúir ag rith thart mar a dhéanann gasúir.
Nuair a chruinnigh mo dheartháir Billy na scannáin ghearra thostacha le chéile ar fhístéip roinnt blianta ó shin, chuir sé ceol Cinema Paradiso mar fhuaimraon leo, agus anois músclaíonn an ceol sin smaointe ionainn ar ghaineamh, ar sháile is ar imeacht na hóige.
Rith sé liom i mbliana go raibh deich mbliana ann ó thugamar na gasúir go hInis Oírr.
Bhí mórán gach uile thír san Eoraip feicthe againn idir an dá linn agus bhí sé in am againn dul arís ag an oileán, agus rud eile, an mac is óige againn, nach raibh againn fós an uair cheana, bheadh sé an aois chéanna a bhí mise nuair a chuaigh mé ann uair den chéad uair.
Laethanta rásaí amháin a d'fheicfeá rámhaíocht churrach agus is sa músaem a d'fheicfeá an feisteas ach tá draíocht faoi leith ag baint leis an oileán fós.
Tá go leor de na tithe nua á dtógáil sa stíl dhúchasach, trí fhuinneog ar aon mhéid agus doras adhmaid gan phóirse, ach is é an rud is mó a d'ardaigh mo chroí éisteacht leis na gasúir ag labhairt i nGaeilge.
Bhí arán agus subh baile againn, buíochas ó chroí leis an mbeirt a rinne iad, agus leis an iascaire agus a mhac ina ngeansaithe gorma, a thug ronnach dúinn nuair a bhí siad gann.