Léargas ar scannáin i gcnuasach nua aistí

Aistí ar scannáin an domhain

Tá leabhar nua i gcló ag Mícheál Ó hAodha, fear a bhíonn ag scríobh don leathanach seo. An Scáileán Mór: aistí scannánaíochta (Coiscéim, €7.50) is ainm don leabhar agus tugann Ó hAodha léargas ar thionchar scannán fud fad na cruinne ann. Tá spéis ar leith aige sa chaidreamh idir scannáin, cúrsaí iriseoireachta, teilifíse agus litríochta.

Beidh aithne ag léitheoirí ar Charlie Chaplin ach an mbeidh an aithne chéanna acu ar an stiúrthóir Liobánach, Nadine Labaki, nó fiú ar thraidisiún scannánaíochta na hIodáile?