Iomáint iontach Aontroma in ísle brí

Teastaíonn údar nua ón aos óg geansaithe Aontroma a chaitheamh in áit dathanna Chill Chainnigh


Go dtí an tseachtain seo caite, bhí mé den tuairim gur i gCill Chainnigh amháin a fheictear an t-aos óg ag spaisteoireacht na mbóithre agus camáin ina lámha. Is iontach an radharc é seasamh i lár an bhaile ansin nuair a chríochnaíonn an scoil don lá.

Tagann na céadta fear óg amach, agus roinnt ban óg chomh maith, ag buaileadh sliotair nó ag luascadh a gcuid camán chomh nádúrtha ina lámha agus a bheadh fón póca ag déagóirí eile. Léargas beag ar cheann amháin de na húdair go bhfuil an iománaíocht chomh láidir sa chontae sin.

Ach sin sular thug mé turas ó thuaidh go Bun Abhann Dalla i dTuaisceart Chontae Aontroma. Baile beag álainn, timpeallaithe ag Glinntí Aontroma. Ruairí Óg atá ar an gcumann iománaíochta agus camógaíochta anseo agus tá siad ar an bhfód ó thús an chéid seo caite.

Cosúil le go leor bailte eile sa Tuaisceart, tá múrphictiúr ar cheann de na ballaí ann, ach is ag ceiliúradh an chumann iomána atá sé. Ní rachaidh sé amú ort. B’fhéidir go bhfuair siad inspioráid ón laoch Cú Chulainn agus an balla á mhaisiú. Tá an pictiúr ard agus feictear fathach d’imreoir ag léimt san aer, ag síneadh a láimhe, le greim a fháil ar shliotar.

READ MORE

An dara rud ar thug mé suntas dó ar an mbaile ná an méid daoine óga a bhí ag siúl thar timpeall an bhaile agus camáin acu.

Má bhíodar leo féin, bhí an sliotar á bhualadh in aghaidh an bhalla, nó á bhuaileadh suas agus anuas le bos an chamáin. Agus, mura raibh camán ná sliotar acu, bhí geansaí CLG orthu.

Ach sin é an áit ar stop na cosúlachtaí idir iad agus Cill Chainnigh. Cé go raibh roinnt acu agus dathanna marún agus bán an chumainn orthu, agus cé gur chonaic mé cailín amháin agus seaicéad le dathanna Aontroma uirthi, geansaithe as contaetha eile a bhí orthu – Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann.

Tuigim nach fócasghrúpa eolaíoch é seo ach cheap mé go raibh sé spéisiúil i gceantar ina bhfuil an iománaíocht go smior ann.

Níl aon chumann sa tír nach mbeadh ar a n-airdeall ag imirt club cosúil le Seamróga Loch gCaol. Tá an tallann ann.

Cén fáth nach bhfuil sé gaibhte céim eile chun cinn go dtí an fhoireann idirchontae?

1991 an bhliain ba mhó, b’fhéidir a chuir Aontroim a ndeis ar chraobh amú. Bhí chuile chosúlacht air gur ar comhscór a chríochnódh an cluiche, ach d’aimsigh Cill Chainnigh dhá chúilín. Dá n-éireódh leo, ag Dia atá a fhios cé aige a bheadh an chraobh an bhliain sin, agus ag Dia atá a fhios cá mbeadh an fhoireann sa lá atá inniu ann.

Bhí siad i gcluiche ceannais na hÉireann i 1989, nuair a thug Tiobraid Árann greadadh dóibh. Ach an uair sin bhí teacht aniar iontu agus bhíodar sa chluiche leathcheannais arís taobh istigh de dhá bhliain. I mbliana, chinntigh Ciarraí go mbeadh ísliú céime i ndán dóibh an bhliain seo chugainn, iad curtha síos go dtí an tríú leibhéal sa tSraith Náisiúnta iomána.

Deirtear go bhfuil Terence McNaughton, as Bun Abhann Dalla, ar dhuine de na himreoirí ab fhearr nár ghnóthaigh bonn Uile-Éireann.

D’imir sé le linn na laethanta iontacha i 1989 agus 1991.

Déanann gach imreoir íobairt dá cheird ach ní cheapfainn go raibh an méid céanna anró orthu agus a bhí ar McNaughton. Sa leabhar a scríobh sé, rinne sé cur síos ar na huaireanta a stopadh ag pointí seiceála de chuid an UDR é. Iad á cheistiú, ag cíoradh a chairr, ag tógáil a chuid chamán agus á gcaitheamh thar an claí.

Níl aon dabht ach go bhfuil ceisteanna á gcur faoi staid na hiomána i gContae Aontroma. Leis an gconspóid ar fad faoin bhforbairt atá beartaithe ag Páirc Mhic Asmaint i mBéal Feirste, is ar Pháirc Mhic Uílín i mBaile an Chaistil atá cluichí sinsir idirchontae Aontoma á n-imirt le scaitheamh.

An tseachtain seo caite, bhí gasúir bheaga ag imirt ar an bpáirc sin, agus a gcuid tuismitheoirí ann chomh maith ag tabhairt ugach dóibh. Teastaíonn údar nua ón aos óg geansaithe Aontroma a chaitheamh in áit dathanna Chill Chainnigh nó Thiobraid Árann. Is fada an turas é as Dúrlas nó Baile Héil go Baile an Chaistil.

Samhlaigh, dá mbeadh duine in ann eangach mhór a fháil, agus greim a fháil ar an bhfuinneamh sin agus ar an spiorad iomána atá sa chontae, an bhail a d’fhéadfaidís a chur ar chuairteoirí móra le rá?

Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh