'Inmharthanacht na Gaeltachta' ina hábhar imní

IS Í “inmharthanacht na Gaeltachta” ceann de na laigí is práinní a bhaineann le todhchaí na Gaeilge de réir “Dréacht-tuarascáil…

IS Í “inmharthanacht na Gaeltachta” ceann de na laigí is práinní a bhaineann le todhchaí na Gaeilge de réir “Dréacht-tuarascáil den Fhochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge” atá le cur faoi bhráid Aire na Gaeltachta, Pat Carey, ar ball.

Tá an tuarascáil seo ar cheann de na cáipéisí is tábhachtaí a bhaineann le cúrsaí teanga agus is as a cuid leathanach a thógfar straitéis fhadtéarmach teanga an Rialtais.

Molann an dréachtcháipéis – nach bhfuil foilsithe go fóill ach a bhfuil cóip di feicthe ag an cholún seo – go gcaithfidh “aird ar leith” a dhíriú ar an Ghaeltacht i bpleananna teanga:

“Cuidíonn an tuiscint bhunúsach seo linn amharc go réadach ar chúrsaí teanga na tíre, agus forbairt nua-aimseartha a chur ar bun.

READ MORE

“Tuigeann pobal agus pleanálaithe araon comhthéacs na mionteanga atá faoi bhrú fhórsaí uileláithreacha an Bhéarla. Is gá a chinntiú nach gcuirfidh polasaithe dátheangacha náisiúnta leis an mbrú ar an nGaeilge ... Muna gcuirtear na cosaintí teanga ar fáil don Ghaeltacht, ní bheidh an chéad ghlúin eile á húsáid mar theanga cumarsáide.”

Ba cheart go gcinnteofaí spriocanna ar leith sa straitéis le méadú a dhéanamh ar líon chainteoirí dúchais na Gaeltachta nó tugann Gaeltacht láidir “cosaint don Ghaeilge ar fud na tíre trí fhoinse teanga agus timpeallacht nádúrtha cumarsáide a sholáthar. Ar an tslí chéanna, braitheann todhchaí na Gaeltachta ar phobal níos leithne cainteoirí Gaeilge – neartaíonn siad a chéile.

“Tríd idirghníomhaíocht shóisalta agus gréasáin chumarsáide a bhuanú idir eatarthu freastalóidh siad ar a chéile agus cruthófar ré nua in athbheochan na teanga. Is mar seo a chinnteofar go mbeidh cainteoirí inniúla Gaeilge ar fud na tíre a dhéanfaidh an teanga a sheoladh ó ghlúin go glúin”.

Tugann an doiciméad le fios go bhfuil tábhacht “le dlús áirithe cainteoirí Gaeilge in aon cheantar amháin mar bhunús d’úsáid shóisialta na Gaeilge i measc an phobail. Trí pholasaithe a dhíríonn ar chothú daoine óga ina gcainteoirí ... agus gréasáin shóisialta a fhorbairt iompófar Gaeilgeoirí cumasacha ina gcainteoirí gníomhacha. Is mar seo a chaomhnófar teanga orgánach na Gaeilge”.

Chuige sin, ba cheart go sonrófaí sa straitéis nach gcuirfí “polasaí dátheangachais i bhfeidhm sa Ghaeltacht” nó ní féidir le mionteanga maireachtáil i sochaí dhátheangach: “Is gá mionteanga a shealbhú ar dtús agus a thacú go dlúth má táthar chun é a chaomhnú … Glactar leis go bhfuil ról ag an dátheangachas i gcuid de theaghlaigh na Gaeltachta, ach is é tuairim mheáite na n-aighneachtaí agus an fhochoiste ná nár chóir go mbeadh ról ag an dátheangachas i saol poiblí na Gaeltachta.

“Léiríodh in aighneachtaí áirithe go raibh éileamh ann go mbeadh seirbhísí breise trí mheán na Gaeilge ar fáil i measc comhlachtaí agus seirbhísí lonnaithe sa Ghaeltacht. Ba cheart don Rialtas a bheith gníomhach i leathnú amach sheirbhísí poiblí do Ghaeilgeoirí agus i ndreasú chomhlachtaí príobháideacha seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.”

MOLANN AN cháipéis don straitéis 20 bliain bheith “pobalbhunaithe” agus ionad tacaíochta teaghlaigh a chur ar fáil i ngach aon phobal mór Gaeltachta.

Tá “tacaíocht ghinearálta don bhéim ar úsáid teanga seachas teorainneacha stairiúla maidir le rangú Gaeltachta amach anseo” ach luaitear go bhfuil imní mhór ar roinnt ceantar Gaeltachta faoin rangú nua.

Ba ghá rangú cothrom a chinntiú, de réir na tuarascála. Níor chóir go mbainfí stádas Gaeltachta de cheantar láidir agus ba cheart pobail eile cainteoirí taobh amuigh den Ghaeltacht a spreagadh agus a fhorbairt agus “Pócaí Gaeltachta” ar fud an oileáin a aithint.

Beidh dhá ról éagsúla ag Údarás na Gaeltachta/Gaeilge agus Foras na Gaeilge agus cúraimí ar leith orthu beirt.

Léirigh an próiseas comhairliúcháin go raibh “buairt” ar phobal na Gaeltachta faoin Údarás agus gur bhraith “inmharthanacht na Gaeltachta ar phobal. Braitheann pobal ar a n-inmharthanacht eacnamúil”.

Is é tuairim na tuarascála gurbh fhearr forbairt gheilleagair agus bhonneagair na Gaeltachta a fhágáil faoi Údarás na Gaeltachta/Gaeilge agus athstruchtúrú a dhéanamh ar an eagras: “Tá ról criticiúil ag Údarás na Gaeltachta i gcosaint agus i gcothú na Gaeltachta. Ba chóir a chinntiú nach mbeidh aon laghdú i seirbhísí don Ghaeltacht san Údarás athstruchtúraithe.”

Tá ról “lárnach” ag eagraisí deonacha i gcothú agus i gcosaint na teanga agus ba cheart a ról a aithint fosta. Beidh “rathúlacht” na hoibre ag brath ar “thacaíocht agus ar chomhordú” na n-eagras seo.

Cuireann an tuarascáil cur chuige nua i bpleanáil oideachais chun cinn, cur chuige ina gcuirfí le “cumarsáid agus comhoibriú” idir an Roinn Oideachais, na heagraíochtaí deonacha agus lucht na Gaeilge.

Molann an tuarascáil foras reachtúil a dhéanamh den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le go mbeadh an t-eagras nua athbhunaithe in ann: “saineolas, taithí agus toil na bpáirtithe leasmhara a chur i bhfeidhm ar phleanáil oideachais na Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

“Bheadh dualgas ar COGG Nua ionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na Gaeilge idir daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí oideachais. Thabharfadh sé seo bealach struchtúrtha do na páirtithe sin ionchur a bheith acu i bhfoirmiú polasaí oideachais na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bheadh bunús reachtúil ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta Nua na dualgais seo a leanas a chur i bhfeidhm, sa bhreis ar na cúraimí atá aige faoi láthair.”

Moltar “curaclam comhtháite” a chur i bhfeidhm a chinnteodh sealbhú na teanga ar an bhealach “is éifeachtaí ó aois óg”. Thacódh an curaclam céanna le cúrsaí Gaeilge sna coláistí samhraidh agus chinnteodh sé gurbh fhéidir le daltaí an teanga a fhoghlaim “ar bhealach struchtúrtha” taobh amuigh den chóras oideachais.

Is é tuairim na tuarascála gur cheart go mbeadh soláthar an Ghaeloideachais “mar chritéar ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus suímh do scoileanna nua á roghnú acu”; go gcuirfí siollabas nua don Ghaeilge ar fáil, siollabas a d’aithneodh riachtanais na gcainteoirí dúchais agus na ndaltaí a bhí ag fáil oideachais trí mheán na teanga.

Aithníonn an tuarascáil go bhfuil gá le pleanáil a thabharfadh “comhthéacs siamsaíochta d’óige na Gaeilge. Ba chóir do lucht teanga gréasáin a bhuanú a thabharfadh deiseanna breise dóibh a saol a chaitheamh go nádúrtha trí mheán na Gaeilge” agus moltar “gréasáin shóisialta don aos óg a shonrú” mar thosaíocht.

B’fhiú fosta Lár-Ionad Sóisialta a lonnú i gcathair Bhaile Átha Cliath, “áit a mbeadh spás ealaíon, caifé, agus nithe eile a sholáthródh gréasán sóisialta d’aos óg na cathrach”.