Hanafin versus Ó hAiniféin

Beocheist: Bhí géarchéim ann an tseachtain seo caite nuair a chualathas an cinneadh a bhí déanta ag an Aire Oideachais agus …

Beocheist:Bhí géarchéim ann an tseachtain seo caite nuair a chualathas an cinneadh a bhí déanta ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta Mary Hanafin i leith chleachtais an tumoideachais sna Gaelscoileanna.

Cé go raibh an scéal sna nuachtáin Dé Luain ba é Dónal Ó hAiniféin, príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Chíosóig, Inis, Co an Chláir, ar Nuacht TG4 tráthnóna Dé Máirt a tharraing m'aird air. Chuaigh sé i bhfeidhm orm mar a d'áitigh sé nach nglacfadh sé leis an gcinneadh a bhí déanta ag an Aire go gcaithfí Béarla a mhúineadh sna ranganna sóiseareacha as seo amach.

Dúirt sé go ndeachaigh an cinneadh seo in aghaidh "gach píosa taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta atá déanta ar an gceist agus i gcoinne 50 bliain de dhea-chleachtais oideachais in Éirinn". Gheall Mícheál Ó Broin, uachtarán Ghaelscoileanna Teo, go mbeadh sé ina raic dá ndéanfadh an Roinn iarracht an polasaí a chur i bhfeidhm. Cháin Conradh na Gaeilge cinneadh an Aire go láidir freisin.

Is é cúlra an scéil go ndearna clann amháin, i nGaelscoil Mhic Easmuinn i dTrá Lí, Co Chiarraí, gearán nuair a tosaíodh ar pholasaí tumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm sa scoil sin.

READ MORE

I dtuairisc, a scríobh cigirí ón Roinn Oideachais, tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil sin i mí Feabhra na bliana seo caite, dúradh nár éirigh go maith leis na leanaí sa scrúdú Béarla a cuireadh orthu. Cháin Cumann Múinteoirí Éireann, atá in aghaidh chinneadh an Aire, tuairisc na gcigirí toisc gurbh iad na sóisir amháin, nach raibh fós ag foghlaim Béarla a cuireadh faoin scrúdú a bhí i mBéarla.

Dá ndéanfaí tástáil ar a scileanna litearthachta i nGaeilge, ní foláir go bhfeicfí go rabhadar ag déanamh go breá, rud a thabharfadh le fios go dtiocfadh siad isteach ar léamh agus ar scríobh an Bhéarla nuair a thosófaí ar iad sin a mhúineadh dóibh i rang a haon. Scil aistritheach is ea an litearthacht, is é sin ní tosú ón nua atá i gceist nuair a thosaítear ar an dara teanga, ach mar sin féin bheadh sé réasúnta gan comparáid a dhéanamh idir litearthacht Bhéarla dhalta Gaelscoile agus dalta scoil Bhéarla go dtí go mbeadh cúpla bliain ar a laghad den Bhéarla déanta ag dalta na Gaelscoile.

Chomh maith leis an tumoideachas iomlán ar feadh cheithre théarma, tá múnlaí eile i bhfeidhm ó thaobh caithin a thosnaítear ar mhúineadh an Bhéarla i nGaelcoileanna. Go dtí seo bhí cead ag gach scoil a rogha féin a dhéanamh cé acu ceann de cheithre mhúnla a leanfaidís, is é sin cén téarma, idir an chéad cheann agus an cúigiú ceann, a thosóidís á múineadh.

Ní hé amháin gur thug sé seo méid áirithe saoirse do scoileanna ach bhí na múnlaí éagsúla á n-úsáid mar bhunús le taighde a bhí á dhéanamh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta ar theanga agus ar litearthacht sna Gaelscoileanna.

Is éard a bhí Hanafin ag rá, má bhí leath uair an chloig Ghaeilge in aghaidh an lae á dhéanamh sna scoileanna Béarla ón chéad lá go mba cheart leath uair an chloig Bhéarla a dhéanamh sna Gaelscoileanna. Tá cothromaíocht sa chomhréir a dhéanann neamhaird den easpa cothromaíochta idir cás an dá theanga.

Ní ionann an mhaith a dhéanann leath uair an chloig Ghaeilge sa scoil Bhéarla agus an dochar a dhéanfadh leath uair an chloig Bhéarla i ranganna na naíonán i nGaelscoil.

Má ghlactar leis go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint le hoideachas iomlán an linbh atá i nGaelscoil agus an leanbh atá i scoil Bhéarla, caithfear glacadh leis go bhfuil tábhacht faoi leith dá réir sin ag baint le próiseas sealbhaithe na Gaeilge sna blianta luatha, le go mbeidh ar chumas an linbh foghlaim agus cumarsáid ar ardleibhéal i dteanga nach teanga an bhaile í ag formhór na ndaltaí.

Creidim gur bunchloch den tumoideachas í nach gcloiseann na leanaí óga Béarla ar bith go ceann bliain go leith ar a laghad. Go deimhin, tá go leor acu a thosaíonn ag labhairt i nGaeilge mar go gcreideann siad nach bhfuil aon Bhéarla ag an múinteoir.

B'fhéidir go ndeachaigh caint ar chailliúint vótaí i bhfeidhm ar an Aire, mar níl an ciorclán leis an gcinneadh le heisiúint go bpléifear é leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, le Foras na Gaeilge agus le Gaelscoileanna.

Is faoiseamh éigin é seo agus glacfar go fonnmhar leis an deis dul i mbun idirbheartaíochta le cur ina luí ar an Roinn Oideachais a thábhachtaí is atá sé moltaí na Comhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta a chur i bhfeidhm.