Eireville easnamhach

Bhí gealladh inteacht faoi Éireville (TG4, Dé Máirt) - é bunaithe ar scannán noir, carachtair dhubha agus bhána ag caint san …

Bhí gealladh inteacht faoi Éireville (TG4, Dé Máirt) - é bunaithe ar scannán noir, carachtair dhubha agus bhána ag caint san aimsir chaite agus iad i muinín béarlagair nach mbeadh as áit i mbéal Humphrey Bogart sa Maltese Falcon.

Ach dá fheabhas gnéithe den scannán gearr seo, níor éirigh leis go hiomlán.

Bhí Michael O'Sullivan sa phríomhpháirt,Lemmy Cúramach, agus Siobhán O'Kelly mar Natasha von Tuairisc go breá. San aimsir chaite a labhair siad, iad beo in Éireville a bhí siocaithe sa seanam agus faoi thionchar Patrick von Pearsemann.

Níor dhoiligh an teachtaireacht a thuigbheáil - tionchar dólásach Mhac Piarais ar Éirinn dá maireadh sé beo. Mí-aibí go maith a bhí polaitíocht an scannáin. Níor léiríodh tuigse ródhomhain ar stair na tíre agus ní raibh rud ar bith ró-éifeachtach le rá fúithi ach an oiread.

READ MORE

James Finlan a scríobh an scannán i mBéarla an chéad lá riamh agus Deirdre Learmont a d'aistrigh go Gaeilge. Is aisteoir agus scríbhneoir an-chumasach í Learmont. An ionann aistriú scannán do TG4 agus an leagan nua-aoiseach Gúmach? Mar a d'fhulaing Mac Grianna, fulangaíonn Learmont.

Léirigh Éireville ceann de na deacrachtaí is mó a bhaineann le go leor saothar ar TG4. Rómhinic a bhíonn siad i muinín aistritheora. Ná bac le hiarraidh ar léitheidí Learmont scannáin a aistriú, tabhair airgead dóibh chun iad a dhéanamh as a stuaim féin.