Deireadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Tagann obair 70 bliain chun críche

Scor bord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge an t-eagras go foirmiúil ag cruinniú i mBaile Átha Cliath aréir. Tháinig maoiniú na comhdhála chun críche ag deireadh mhí an Meithimh i ndiaidh nár roghnaíodh mar cheanneagraíocht de chuid Fhoras na Gaeilge í. Cuireadh deireadh le fostaíocht seisir ag an dáta sin agus tá deireadh anois leis an eagras féin, eagras a bunaíodh sa bhliain 1943.

Dúirt uachtarán na comhdhála, Deirbhile Nic Craith, go raibh sí buíoch de bhalleagraíochtaí an eagrais as a dtacaíocht; bhí “an-obair” déanta acu mar eagras lárnach i ngluaiseacht na Gaeilge le 70 bliain. Ghabh sí buíochas leis an fhoireann as a ndúthracht agus as a ndílseacht agus ghuigh gach rath orthu san am a bhí le teacht.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times