Déagóir as an ghnáth

Agus 14 bliain agam is iad na daoine a mbínn ag scríobh litreacha chucu ná cailíní ar chuir mé aithne orthu sa choláiste samhraidh…

Agus 14 bliain agam is iad na daoine a mbínn ag scríobh litreacha chucu ná cailíní ar chuir mé aithne orthu sa choláiste samhraidh i mBaile Bhúirne.

Ba é ba mhó ab ábhar don chomhfhreagras seo ná na scannáin a bhí feicthe agam le déanaí nó an tuairim a bhí agam de mo mhúinteoirí meánscoile. I mbeagán focal, na gnáth-théamaí a bhíonn á gcardáil ag an ngnáthdhéagóir.

Níorbh aon ghnáthdhéagóir é John Jordan, áfach. Agus 14 bliain ag an mBleácliathach seo bhí sé ag scríobh chuig James Agate, léirmheastóir mór-le-rá drámaí a bhí fostaithe ag an Sunday Times is an BBC, agus chuig cúntóir Agate, Leo Pavia. Agus ní ar chúrsaí neafaiseacha scoile a bhí Jordan ag trácht sna litreacha sin. Luann sé Shakespeare, Shaw is O'Casey ar na drámadóirí is fearr leis agus scríobhann sé gurb iad Tennyson is Yeats na filí is mó a bhfuil meas aige orthu.

Molann Jordan Agate, ag maíomh gur chuir sé ar a shúile dó a fheabhas atá an stáitse amharclainne i gcomparáid leis an scáileán pictiúrlainne. Ach tá an déagóir stradúsach seanórtha sásta Agate a cháineadh chomh maith. Aifríonn Jordan a bhogás buirgéiseach ar Agate is áiríonn sé ráiméis bheith á scríobh ó am go chéile ag an gcriticeoir clúiteach.

READ MORE

Tá saoráid stíle, máistreacht teanga agus féinmhuinín ag baint leis an gcomhfhreagras seo sa mhéid is gur deacair glacadh leis gur ó pheann déagóra a thagann sé. Dá mbeinn féin in áit Agate is Pavia mheasfainn go raibh bob á bhualadh orm.

Ach ní mar sin a d'fhéach an dís acu air, de réir dealraimh. D'fhreagair siad ar litreacha Jordan agus i gceann na haimsire foilsíodh an comhfhreagras seo i ndialanna dírbheathaisnéiseacha Agate a cuireadh i gcló ag deireadh na 1940í.

Agus níorbh é sin an t-aon ghar amháin a rinne Agate do Jordan, in ainneoin fhocail dalba an déagóra Éireannaigh. Agus Agate i gcuibhreann Hilton Edwards i Londain i 1945 mhol sé do stiúrthóir Amharclann an Gheata Jordan a fhostú mar fho-bhainisteoir stáitse. D'fhág sin go raibh Jordan ag obair leis an bpéire lánúnach, Micheál Mac Liammóir is Edwards, nuair nach raibh ach 15 bliain aige. Ar ndóigh, níor leasc leis comhairle a chur ar an mbeirt mar gheall ar na drámaí ba chóir dóibh a léiriú.

Ina fhianaise sin go léir ní dhéanfar iontas de gur éirigh Jordan ina shárléirmheastóir litríochta is drámaí. Ach ba líonmhaire fós na buanna a bhí aige. Tá an ghearrscéalaíocht, filíocht, léachtóireacht, eagarthóireacht, craoltóireacht is aisteoireacht ar na ceirdeanna ar chuir sé a lámh leo agus d'éirigh leis i ngach ceann de na réimsí seo.

Is é a dhéanfar iontas de, mar sin, ná nach raibh aon chur amach in aon chor agam ar Jordan go dtí gur chuala mé clár cartlainne sa tsraith iontach Bowman: Sunday Morning ar RTÉ Raidió 1 roinnt míonna ó shin. Craoladh clár iomlán faoi Jordan in ómós fhoilsiú an leabhair Crystal Clear: The Selected Prose of John Jordan atá curtha in eagar ag Hugh McFadden, iar-mhac léinn Jordan a rinne cairdeas daingean a shnaidhmeadh leis.

Deir McFadden sa réamhrá gur baineadh siar as nuair a chuir na foilsitheoirí, Lilliput Press, in iúl dó go mbeadh air míniú don léitheoir óg cérbh é John Jordan. Is ar éigean a thuig McFadden conas nach mbeadh cur amach ar Jordan ag daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí litríochta is dráma.

Cé go bhfuilim féin ar na léitheoirí óga aineolacha seo, tuigim díchreidmheacht an eagarthóra ach is féidir leis sásamh éigin a baint as scríbhneoireacht Jordan a chur ar fáil do ghlúin a d'fhás aníos ó chuaigh Jordan ar an mórshlua i 1988 agus gan ach ocht mbliana déag is dhá scór aige.

Tá creidiúint ag dul do McFadden, mar sin, as an díolaim aistí próis is léirmheasanna seo a chur ar fáil don phobal léitheoireachta. Is ó fhoinsí éagsúla a thagann ábhar an leabhair, ó fhoilseacháin ar nós The Crane Bag, Hibernia is Poetry Ireland, iris a chuir Jordan féin ar bun i 1962. Chomh maith leis sin cuirtear i gcló ábhar ó pháipéir phríobháideacha nár foilsíodh roimhe seo.

Is iad scríbhneoirí Éireannacha móra na 20ú haoise is mó a bhíonn idir chamáin sa saothar seo agus murab ionann is roinnt criticeoirí pléann Jordan le scríbhneoirí na Gaeilge, leis. Tá trácht ar Aogán Ó Raithille, scríobhtar go hardmholtach faoi Deoraíocht Uí Chonaire is tá rudaí dearfacha le rá faoi dhánta Chaitlín Maude chomh maith.

Ba scríbhneoir iontach é John Jordan ar chóir dúinn cuimhneamh air. Is trua gur beag a mhacasamhail.