Daoine ar an imeall; dráma ar an imeall

Dráma le Biddy Jenkinson le stáitsiú i mBaile Átha Cliath

Beidh dráma aon ghnímh leis an fhile agus drámadóir Biddy Jenkinson – Mise, Subhó agus Maccó – á léiriú sa New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 25ú, Dé hAoine 26ú agus Dé Sathairn 27ú, Meán Fómhair, ag 7.30pm. Is iad Aisteoirí An Lab, ón Daingean, atá á léiriú. Scéal tragóideach faoi thriúr a mhaireann ar shráideanna Baile Átha Cliath atá ann ach tá greann agus ábhar machnaimh ann, de réir lucht a léirithe.

Dúirt Stiúrthóir Aisteoirí An Lab, Áine Moynihan, go raibh “dian-obair déanta ag foireann an dráma seo chun caighdeán ard léirithe a bhaint amach agus cé nach bhfuilimid mar chuid oifigiúil den bhféile drámaíochta i mBaile Átha Cliath is mian linn ár gcuid féin a dhéanamh chun cur le drámaíocht na Gaeilge sa chathair le linn na féile. Tá ábhar an dráma seo tráthúil mar gheall ar an ngéarchéim a bhaineann le heaspa dídine na laethanta seo agus ba mhaith linn cabhrú chun aird a tharraingt ar an bhfulaingt a bhaineann leis”. Ticéid: 01-6703361

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times