Cen chiall ata le poblacht?

Beocheist: Feictear dom go mbeidh deacrachtaí áirithe ag teacht sa bhealach ar pholaiteoirí agus ar phobal ar aon roimh thoghchán…

Beocheist: Feictear dom go mbeidh deacrachtaí áirithe ag teacht sa bhealach ar pholaiteoirí agus ar phobal ar aon roimh thoghchán na bliana seo chugainn sa Stát seo ar a dtugtar go minic poblacht na hÉireann. Ní le seirbhísí sóisialta a bhaineann na deacrachtaí sin.

Le linn Chogadh Mór 1914-1918 chuir an Bhreatain breis agus 300 saighdiúir dá cuid chun báis. B'as mórán tíortha iad agus bhí 26 Éireannach, saighdiúirí singil iad uile, ina measc.

Meatacht an choir a cuireadh i leith na bhfear bocht sin. D'fhéadfaí a éileamh gur ar son leas na himpireachta a cuireadh chun báis iad. I mbliana thug rialtas na Breataine pardún dóibh. Thug sin sásamh do rialtas Fhianna Fáil, agus d'fhreasúra Fhine Gael. Agus tá an tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, an-sásta.

Cuireadh fir eile chun báis sa bhliain 1916 ar son na hÉireann, Ruairí Mac Easmainn san áireamh. Tréas a cuireadh i leith na ndaoine san. Ar iarr aon duine pardún dóibh? Meatacht agus tréas, tháinig an dá choir sin salach ar chúis chogaíochta Shasana, "the War Effort" mar a thugtaí air. Ar ndóigh, sa bhliain 1916 ní raibh leisce ar na húdaráis a ainm macánta a thabhairt ar The War Department seachas The Ministry of Defence mar a deirtear inniu.

READ MORE

De bharr shástacht phoiblí polaiteoirí leis an bpardún thuasluaite ba dheacair domsa anois a chur ina luí ar chairde i dtíortha eile nach mbaineann poblacht na hÉireann le Flaitheas Béarla an Atlantaigh Thuaidh. Ba dheacair dom a chur ina luí orthu gur ann don Éirinn neamhspleách a ceadaíodh isteach ar éigean in Eagraíocht na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1955 faoi stiúir Phroinsiais Mhic Aodhagáin, Aire Gnóthaí Eachtracha, ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil/The Republican Party é.

Le tamall anuas tá Fine Gael/The All-Ireland Party ag iarraidh balbhú ("dumbing down") a dhéanamh ar an nGaeilge i scrúduithe chóras oideachais an Stáit. Anuas air sin, ní cheileann Fine Gael a ndúil dílis i rí-theaghlach Shasana.

Moladh go deo le Micheál Ó Coileáin, agus slán mar a n-insítear é, an fada uainn anois MBEs agus OBEs etc. ar Honours List na Banríona do phearsana fiúntacha de chuid na Poblachta? Agus Ridireachtaí agus Tiarnachtaí? Tá an doras oscailte cheana féin le cead an Rialtais, in ainneoin fhealsúnacht ailtirí an Bhunreachta.

I mbliana rinneadh cuimhne stailceoirí ocrais Shinn Féin 1981 a chomóradh i bPáirc Mhic Easmainn i mBéal Feirste. Is cosúil gur ghoill sin ar údarás láir Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Ní fada anois go mbeidh God Save the Queen á sheinm ar láthair cluiche rugbaí i bPáirc an Chrócaigh, agus beidh deacrachtaí áirithe ann san am céanna le hAmhrán na bhFiann.

Ansin is dócha go mbeidh daoine measúla ann a déarfaidh go bhfuil sé in am a bheith pragmatach seachas prionsabálta agus rudaí áirithe sa stair a chur taobh thiar dínn, rudaí mar Ardán Mhic an Fhailí agus Ardán Uí Ógáin.

Dar lena lán tá stát poblachtach na hÉireann, agus rialtas Bhaile Átha Cliath, ar dícheall ag comóradh chogaíocht Shasana: 2004 na Connaught Rangers in aghaidh 'cheannairc' mhuintir na hIndia (1857); 2005 Nelson agus cath farraige Trafalgar (1805) sa Spáinn in aghaidh na Fraince; 2006 cath an Somme (1916) sa bhFrainc in aghaidh na Gearmáine. Cad é atá beartaithe do 2007? Agus, ar ndóigh, Lá an tSosa Chogaidh (11ú Samhain 1918) le comóradh ag an Rialtas anseo go buan feasta mar a dhéantar sa Bhreatain, i gCeanada, san Astráil, agus sa tSéalainn Nua. Déarfaidh polaiteoirí pragmatacha go bhfuil de dhualgas poiblí orthu gach trá a fhreastal, go díreach mar atá ar an Uachtarán atá glan os cionn na polaitíochta.

An bhfuil an t-am oiriúnach anois ann le hiniúchadh a dhéanamh ar ár lipéid pholaitiúla sula leathnaíonn an Mearbhall Meiriceánach orainn leis an téarma "Republican"? Thosaigh Páirtí Poblachtach Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1854 le tacaíocht daoine a bhí in éadan na sclábhaíochta. Inniu is Republican é an tUachtarán Bush a bhíonn go síoraí ag cur de faoi "democracy" bíodh gurb iad an Democratic Party an freasúra polaitiúil aige.

Chuaigh Éamon De Valera i muinín The Oxford Dictionary chun brí an fhocail Bhéarla "republic" a mhíniú. Cá bhfuil na foclóirí a mhíneoidh na téarmaí "poblachtach" agus "republican" dúinn sa tsochaí dhátheangach ina mairimid?