Bhí Wilde in ann cur in éadan gach aon rud ach cathú – tuigim a chás go maith

Ag breathnú síos ar an táirge i mo lámha, bhí an aisling beo i m’intinn, ag rince timpeall mar a bheadh síog ann.

Bhíos ag smaoineamh ar an gcaidreamh iontach a bheadh agam leis an táirge seo agus ar an gcaoi go n-athródh sé mo shaol.

Táirge a bhí ann a bhí ag cur sceitimíní orm, mar a deir siad sna fógraí.

B’éigean dom an mála iascaireachta sin a cheannach. Ní raibh aon rogha eile ann.

READ MORE

Anois, ní dóigh liom go bhfaca mé iasc riamh go dtí gur chuireas isteach i mo bhéal é. Ach bhraith mé go raibh an mála áirithe seo á chuardach agam mo shaol ar fad.

B’iad na rannóga a bhí ag cur gliondair orm, an dtuigeann tú? Is breá le mná rannóga. Bhí brionglóidí agam faoi mo smideadh súl a chur isteach i rannóg amháin – an mascára agus an scáthú súl sona sásta taobh lena chéile ina dtighín beag féin, sábháilte ón mbagairt go scarfaí iad óna chéile.

An púdar agus an luisneach i rannóg eile. Rannóg ar leith dos na táirgí glantúcháin. Na féidearthachtaí!

Táirgí randamacha
Is breá liom an pasáiste sin in Aldi agus Lidl ina ndíolann siad táirgí randamacha – gléasanna le rudaí a phiocadh suas ón talamh, brístí le caitheamh ar ghluaisrothar, trealamh chun na draeinphíobháin a ghlanadh.

Go minic, tarlaíonn sé domsa nár chuala mé riamh trácht ar na táirgí atá ar fáil. Ach tuigim go gcaithfidh mé iad a cheannach chomh luath is a fheicim iad. Na brístí lapadaíola sin, cuir i gcás.

Sílim i gcónaí go dtabharfaidh na táirgí seo ord agus eagar isteach i mo shaol.

Ach i bhfírinne – ach an oiread le Monica Gellar– tá ceann de na cófraí sin agam i m'árasán ina bhfuil an t-anord agus an mí-eagar uilig faoi ghlas. Reilig atá ann dos na táirgí agus na brionglóidí sin go léir.

Áthas agus imní
Mar sin, bhí idir áthas agus imní orm nuair a cuireadh tús le Groupon agus CityDeal. Thuig mé go raibh fadhb agam maidir le cathú, féinsmacht agus róchaiteachas.

Ach fós féin, bhíos ar bís le breathnú ar na táirgí snasta lonracha a bheadh ar fáil.

Ach le Groupon, nílimid ag caint ar tháirgí amháin a thuilleadh.

Táimid ag caint ar sheirbhísí, ar laethanta saoire, ar chúrsaí teanga, ar eispéiris snámhachta, ar eispéiris ina n-itheann éisc bheaga an craiceann marbh ó do chuid cos, ar chóireáil na feamainne chun na horlaí a chailliúint ó do choim...ar na rudaí iontacha sin uilig nár chuala tú trácht orthu riamh ach nach féidir leat maireachtáil dá n-uireasa anois.

Tá easpa chothromaíochta idir fir agus mná ar go leor bealaí.

Ach is í an easpa chothromaíochta is mó a chuireann isteach ormsa ná go gcaithfimidne an t-uafás ama agus airgid a chaitheamh ag iarraidh muid féin a choimeád “deas”.

Deir fir gur breá leo an chuma
"nádúrtha". Ach ní thuigeann siad an méid oibre atá i gceist leis an gcuma "nádúrtha" sin a chothú.

Dar liom féin, ba chóir go dtabharfaí faoiseamh cánach do mhná – agus leath lae gach Céadaoin dóibh – chun go mbeadh an t-airgead agus an t-am acu chun freastal ar na coinní seo uilig.

Mar sin, bhí Groupon iontach ar dtús ó thaobh na seirbhísí seo uilig a chur ar fáil ar phraghas réasúnta. Ach...


Dearbhán gan úsáid
Tá thart ar 15 dearbhán agam féin nár úsáid mé riamh agus atá anois as dáta. Feicim na sladmhargaí ar líne agus deirim liom féin "Óóóó...cóireáil éadain le cosmaidí déanta as ór. Caithfidh mé é sin a fháil."

Bíonn na hionoirfiní ag teannadh trí mo chorp, agus brúim ar an gcnaipe sula dtugaim fé ndeara go bhfuil an díoltóir lonnaithe i mBuiríos Mór Osraí, i dTearmann Feichín nó sa Mhuileann gCearr.

Níl i gceist le go leor de na “sladmhargaí” seo ach bréagbharainn.

Agus i gcónaí, tá easpa spáis sa chófra sin ag bagairt orm.

Táim ag ceapadh anois go mbeidh orm ceann de na foirgnimh shealadacha sin déanta as adhmad a thógáil go luath ar chúl m’árasáin chun go mbeidh spás agam na táirgí agus na dearbháin uilig a chur i stóras.

Caithfidh go bhfuil margadh speisialta ar Groupon lena aghaidh sin...