Beatha chait a thoil i nGleann na mBó

BEOCHEIST: IMEACHT DEN chathair, díriú ar an tuath agus ar cheantar na muintire, ní fada go mbímid i dtiúin le nuarithim laethúil…

BEOCHEIST:IMEACHT DEN chathair, díriú ar an tuath agus ar cheantar na muintire, ní fada go mbímid i dtiúin le nuarithim laethúil. Deifir, fuadar, gleo, síorthrácht is straidhn na cathrach curtha i leataobh. Sin rud a bhaineann leis an samhradh agus is bronntanas é.

Is iondúil dúinn siúl go rialta i gcoill in aice láimhe, Gleann na Bó, ar imeall Mhainistir Fhear Maí i gCorcaigh. Daoine ag bogshodar, madraí ar iall, beirt bhan, máthair agus iníon, fear aonair amuigh faoin aer ag baint taitnimh as síth-thimpeallacht shuaimhneach an tráthnóna.

Go dtí tráthnóna amháin uair a thosaigh cat beag ár leanuint. Babhta súgartha nó cairdeasaíochta a bhí uaidh, b’fhéidir. Rinneamar iarrachtaí ar é a mhealladh ar ais chomh fada lena theach ach b’fhearr leis bheith inár bhfochair sa choill.

Bhí imní orainn ar an mbóthar poiblí go dtí an choill ar eagla na tráchta nó straecharr ag teacht aniar aduaidh óir ba léir go raibh easpa taithí ag an gcat ar rialacha an bhóthair. É ag rith anseo, ansiúd, trasna an bhóthair is ar ais, ag ciorclú. Faoiseamh ab ea é créchosán na coille a bhaint amach agus an bhréagrásaíocht a fhágáil ar gcúl.

READ MORE

Ansin bhí deis agam é a thabhairt faoi deara ní ba ghlinne. B’é a dhath an ghné ba shuaitheantasaí dá chorp, dath i speictream oráiste ach ba dheacair an dath cruinn ceart a shonrú. Bhí an dath marmaláideach, gléineach, ní hé an gnáthphróca marmaláide a mbíonn tiubh, ach an ceann gan siúcra curtha leis, a dtógann daoine ar aiste bia nó daoine le diaibéiteas.

Iontach an deis an choill a thabhairt faoi deara tré shúile agus iompar ár gcarachait.

Agus ón nóiméad sin ar aghaidh d’fhair mé an choill ar nós “Marma”. Ní raibh cat mar é sa choill cheana mar bhí sé ró-óg. Shiúil sé, leathrith sé agus rith lena luasceireaball in airde, ag faire le teann díograise. Na súile, na cluasa, an tsrón, na lapaí, agus an ceann ag iniúchadh de shíor. De phreab stad sé, a chorp ar fad gan corraí amhail ní a bheadh greamaithe go huile is go hiomlán leis an gcréchosán.

É reoite, mheasfá, ar aon dul le duine neamhbheo a mbíonn lucht péintéireachta i mbun pictiúir de. Bhí ní éigin spéisiúil, tarraingteach, sobhlasta feicthe aige agus b’é a mhian é féin a chur in oiriúint phreabtha nó seilge i ngan fhios dá chreach.

Ba léir go raibh Marma an-tógtha leis an timpeallacht idir chréchosán agus fháschoill agus bhí sé ag dul i dtaithí ar nádúr na coille agus a chuid fiosrachta a shásamh. Fiú ar an tslí tríd an gcoill d’aimsigh sé a chatchosán féin.

Ní raibh sé róthógtha le sruthán Ghleann na Bó, áfach, mar ba dhual dá shinsear agus an neamhghaol a bhí acu leis an uisce. In áiteanna áirithe sa choill feictear an sruthán go héasca, i gceantair eile sníonn sé i bhfolach faoi chrainn agus fásra na coille.

Ní raibh ach trian den tsiúlóid choille fágtha anois againn, an créchosán ag an bpointe is airde os cionn chrónán an tsrutháin. Bhí raithneach, neantóga, driseacha, feochadáin, crainn eidhneánchlúdaithe, sceacha sméara dubha agus fiabhláthanna ar dhá thaobh den tsruthán. Fallaing éadrom dhuilliúrach ag sileadh go hócáidiúil idir soilse na gréine agus an créchosán. Siosarnach na caoinghaoithe ag muirniú ardchraobhacha na gcrann.

Ansin chualamar guthanna ag teacht inár dtreo, buachaill, athair agus madra ar iall acu. Chonaic siad Marma agus chonaic eisean iadsan. Bheannaíomar dá chéile agus mhíníomar nár linne an cat, ach go raibh sé linn sa choill. Theann an t-athair an iall chuige. Súilfhéachaint dar thugas ar mo chúl, bhí an madra ag gluaiseacnt i dtreo Mharma

Láithreach claochlaíodh Marma, a dhroim ardaithe ina áirse agus é dlúthghreamaithe leis an gcréchosán. Bhí a airde méadaithe faoi thrí anois, é ar fad dingthe suas i gcatchuar, gan bogadh. A bheith uile scanraithe.

Rinne an madra iarracht ar lingeadh faoina dhéin. D’éigeanphreab léim Marma ar nós na gaoithe isteach sna neantóga is sna driseacha agus thit sé síos fána 15 troigh. In íochtar na fána bhí an sruthán agus in ainneoin ár ndíchill ní raibh teacht againn air in aon bhall.

Síth-thimpeallacht an tráthnóna stróicthe agus rithim an lae as gléasnóta, as tiúin.

Trí lá go díreach ina dhiaidh sin agus sinn ag gabháil thar theach Mharma ar an mbóthar go Gleann na Bó cad a bhí le feiceáil sa ghairdín ar aghaidh an tí? Marma ina steillbheatha ag rith i ndiaidh féileacán ar chuma shúgartha.

Beatha chait a thoil, is dócha.