Bearla eigeantach

D'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta Noel Dempsey athruithe i struchtúr Scrúdú Cáilíochta sa Ghaeilge an tseachtain …

D'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta Noel Dempsey athruithe i struchtúr Scrúdú Cáilíochta sa Ghaeilge an tseachtain seo caite. I measc na n-athraithe, 40 faoin gcéad a ghnóthóidh pas in áit 50 faoin gcéad agus beidh níos nó ama ar fáil d'iarrthóirí don chluasthuiscint.

Is cnámh spairne í an scrúdú céanna le fada agus mórán múinteoirí ag gearán faoi. Bhí dhá dhream i gceist don chuid is mó: múinteoirí a fuair oiliúint ar choláistí traenála sa Tuaisceart agus daoine ón Stát a chuaigh thar sáile le teastas múinteoireachta a bhaint amach.

Iarsma den Ghaeilge éigeantach atá sa scrúdú, dar le go leor de na múinteoirí, agus fuair siad locht ar ghnéithe de. Is é dearcadh an cholúin seo gur drochscrúdú is ea drochscrúdú - bíodh an Ghaeilge, an tiomáint nó an crosfhocal féin i gceist agus níor cheart go gcuirfear crua ar dhuine ar bith ar an dóigh sin. Bíodh treoir shoiléir le gach scrúdú a chuirtear ar dhuine.

Ach ritheann roinnt ceisteanna leat de bharr an chinnidh: cén dóchas a bheadh ag tuismitheoir ar bith go mbeidh múinteoir le 40 faoin gcéad d'eolas aige/aici ábalta an Ghaeilge a theagasc go héifeachtach mar ábhar; an mbeidh de thoradh ar an chinneadh seo go dtabharfar ísliú céime do mhúineadh na Gaeilge ar bhunscoileanna go cliathánach?

READ MORE

Is mór an náire nach bhfuil sé de mhúineadh ar an Aire Oideachais - ar laethanta seo an Acht Teanga - an preasráiteas faoin scrúdú a chur i nGaeilge ar shuíomh Idirlín a Roinne.

Chuirfimis fáilte roimh 40 faoin gcéad den ráiteas bheith i nGaeilge.