Bú an phobail; flaitheas na faírí

Bhí cad é bús an tseachtain seo caite faoin ndaorbhreith a thug Joe Brolly ar Sheán Cavanagh agus a léamh áisiúil ar rialacha na caide. Ach is beag a dúradh faoin ionsaí a deineadh ar Enda Kenny bocht an oíche chéanna i bPáirc an Chrócaigh.

Le linn na gcluichí taispeánadh gnúis Kenny ar an scáileán mór ar feadh cúpla soicind agus, nuair a facthas an Taoiseach suite san Ardchomhairle dóibh, lig an slua bú mór fada astu.

Bhíos féin i láthair agus ní fhéadfá a rá gur fo-dhuine fánach a bhí ag faíreach faoi. Bú a bhí ann a tháinig ón gcroí amach agus a d’éirigh aníos ó gach póirse de cheannáras Chumann Lúthchleas Gael. Lean gáire beag an bú nuair a tuigeadh do dhaoine cad a bhí déanta acu, ach ní raibh aon gháire ag Enda féin.

Chomh fada agus is eol dom, ba é seo an chéad uair gur tharla a leithéid don dTaoiseach agus ní haon iontas go raibh cuma ábhairín suaite air.

READ MORE

“Audience sovereignty,” a thugann socheolaithe ar bhéas na coitiantachta a dtuairimí a chur in iúl ag imeachtaí poiblí, béas a théann siar go dtí aimsir na Sean-Ghréigeach.

B’fhéidir, mar sin, gur ag fógairt a neamhpleáchais a bhí an slua i bPáirc an Chrócaigh ag tráth a bhfuil an oiread sin den neamhspleáchas céanna géillte don Eoraip ar mhaithe leis an déine.

Bíodh sé ceart nó mícheart, tharlódh go samhlaíonn an pobal anois an Taoiseach leis an ngéilleadh sin agus leis an méid a lean é, sa tslí chéanna gurb ionann Seán Cavanagh ag Joe Brolly agus gach a bhfuil “lofa bréan” faoin gcaid.

Nó b’fhéidir go bhfuilimid ag dul thar fóir, mar is minic go gcaitear le polaiteoirí ag ócáidí spóirt mar “bhithiúnach na geamaireachta”.

Deineadh faíreach faoi Harry Truman ag cluiche ag na Washington Senators i 1951 agus thug muintir Washington an íde chéanna do George W Bush agus Barack Obama ina dhiaidh.

Le linn na gcluichí Para-Oilimpeacha i Sasana anuraidh ba gheall le caitheamh aimsire ag an slua é bú breá a thabhairt d’airí rialtais.

Deineadh faíreach faoi Michelle Obama agus Jill Biden, céilí uachtaráin agus leas-uachtaráin Mheiriceá, ag imeacht NASCAR i Miami thiar sa bhliain 2011 agus fuair Vladimir Putin a dhóthain ón slua le linn dó óráid a thabhairt ag babhta san ealaín chomhraic i Moscó an bhliain chéanna.

Ní minic a easaontaítear go poiblí le Putin agus nuair a craoladh tuairisc ar an óráid ar theilifís na Rúise, níor tháinig slán ó sceanairt an eagarthóra ach an t-aon abairt amháin a thuill gáir mholta.

Níos gaire don bhaile, deineadh faíreach faoin Aire Comhshaoil Phil Hogan ina cheantar dúchais anuraidh nuair a d’fhreastal sé ar ócáid a eagraíodh chun fáilte abhaile a chur roimh fhoireann Chill Chainnigh a bhuaigh cluiche ceannais iomána na hÉireann.

Ach is iad lucht leanúna an spóirt i Philadelphia a thugann an chraobh leo. Tugtar “cathair ceana na mbráthar” ar Philadelphia ach tá a cáil amuigh leis mar “Phríomhchathair na Faírí”.

I 1968 a tharla ceann de na heachtraí faírí is iomráití i stair an spóirt i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Mí na Nollag a bhí ann agus bhí Daidí na Nollag le bheith lárnach sa seó ag leath ama sa chluiche deireanach den bhliain ag na Philadelphia Eagles. Faraor, d’imigh sé amú sa stoirm sneachta agus socraíodh go dtabharfaí cuireadh anuas ó na seastáin do dhuine éigin sa tslua chun an cúram a dhéanamh.

Ar amharaí an tsaoil bhí Frank Olivo tagtha go dtí an cluiche gléasta mar Dhaidí na Nollag. Ach bhí drochbhliain cheart ag na Eagles an bhliain áirithe sin, agus faoin am a tháinig Olivo anuas go dtí lár an an ghoirt, ní mór de spiorad na Nollag a bhí le braistint sna seastáin. Dhírigh an slua a dtarcaisne ar Olivo, thosaigh na búanna agus caitheadh clocha sneachta leis an bhfear bocht.

Ábhar sóláis do Enda Kenny mar sin gurb é an dála chéanna é ag taoisigh agus Daidí na Nollag féin. Ach ba chóir dó cuimhneamh chomh maith ar fhear flaithiúil gealgháireach eile a mbíodh an pobal an-cheanúil air tráth dá raibh.

Maíonn daoine áirithe i bhFianna Fáil gur fágadh lorg buan ar Bhertie Ahern tar éis dó na gártha cáinte a thuilleamh ag cluiche i bPáirc an Chrócaigh don gcéad uair. Ina dhiaidh sin, beagán ar bheagán, thréig an gléas a ghnúis agus chaill an Teflon Taoiseach a ghreim.