Bígí misniúil agus dána

Beidh an pobal ag súil le fuinneamh agus úire ón atheagar Rialtais


A Thaoisigh agus a Thánaiste, tá an chaint faoin gclár oibre don chuid eile de thréimhse an Rialtais seo déanta anois agaibh agus beidh pobal an Stáit ag súil le húire, fuinneamh agus beocht ón gcomhaireacht nua.

Le sé mhí anuas chuaigh sibh amú ar an mbealach agus tar éis géarchéimeanna mar chás na nGardaí nó na gcártaí leighis d’íoc sibh go daor as sna toghcháin áitiúla.

D’íoc sibh freisin as na geallúintí briste agus seo anois an seans deiridh tabhairt faoi sin agus misneach a thabhairt don phobal.

An Eacnamaíocht, Fostaíocht agus Pá, Tithíocht, an Córas Sláinte agus an Córas Oideachais, na nithe atá ag dó na geiribe anois díreach mar a bhí nuair a toghadh sibh i 2011.

READ MORE

Ábhar práinne freisin é ceist an Tuaiscirt. Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta tá freagracht ar an Rialtas anseo agus ar rialtas na Breataine cabhrú leis na páirtithe ó thuaidh teacht ar réiteach.

Níl sé sách maith agaibh seasamh siar a thuilleadh ó na deacrachtaí atá fágtha gan réiteach. Tá gá le hidirghabháil gan mhoill.

Más Comhaontú Aoine an Chéasta oidhreacht Bertie Ahern, má ligeann tusa dó titim as a chéile a Thaoisigh, an clis sin a bheidh mar oidhreacht agatsa.

Dá mba mise tusa, ba mhaith liom a mheas go dtabharfainn faoin atheagar le fuinneamh agus le misneach, beag beann ar dhílseacht nó chairdeas.

Ar ndóigh, bheadh orm na nithe céanna a chur san áireamh: cumas; tíreolas; torthaí na dtoghchán áitiúil agus ceist inscne.

Tá os cionn trí bliana caite ag formhór na nAirí ina bpostanna, dóthain ama chun iad féin a chruthú agus a gcumas a léiriú in aon jab.

Éinne a bhfuil amhras fúthu tá sé in am fáil réidh leo, caithfear leas an Stáit a chur chun tosaigh ar aon ní eile mar ní fiú tráithnín atheagar gan polasaithe nua ar leas na ndaoine.

Níl aon chúis go n-athrófaí Frances Fitzgerald nó Charlie Flanagan, is ar éigean atá a gcosa faoin mbord acu sa dá aireacht fós.

Más fíor, a Thánaiste, gur mian leat fanacht sa Roinn Choimirce Sóisialaigh agus nach bhfuil fonn ort Brendan Howlin a athrú ach oiread, is cinnithe stuama iad sin.

A Thaoisigh, d’fhágfainn Michael Noonan in Airgeadas tá sé staidéartha agus meas air san Eoraip. Is fiú breathnú go géar ar chuile dhuine eile mar a gheall tusa, a Thaoisigh, nuair a chéadcheapadh iad.

Mar gur ceannaire nuathofa tusa, a Thánaiste, tá an jab atá romhat níos éasca. Beidh na coileáin óga ar fad ag faire ort, féachaint a bhfuil sé de mhisneach agat gortghlanadh a dhéanamh agus an liodán iar-cheannaire sa pháirtí a fhágáil ar leataobh. Ní fiú duit a bheith ag lorg phost an choimisinéara d’Eamon Gilmore, tá a fhios ag an saol go bhfuil a ainm ag Phil Hogan ar an bpost sin agus ní go dtí cúpla lá ó shin a thosaigh an chaint seo faoi Gilmore don choimisinéireacht. I bhfianaise ar tharla le “Gilmore mar Thaoiseach” roimhe seo b’fhearr coinneáil i do thost, sílim.

Leis an dá pháirtí ag leagan béime ar phá agus cruthú postanna is aireacht rí-thábhachtach í Fiontar, Fostaíocht agus Nuálaíocht.

Níl aon rogha agat ach post a thabhairt d’Alan Kelly, do leas-cheannaire agus is léir go santaíonn sé an post sin. Tá Richard Bruton tar éis cruthú go maith sa phost, roinnt mhaith postanna cruthaithe.

Ach shílfeá gur sna cathracha is mó a cruthaíodh iad, tá ceantracha tuaithe fós ag streachailt chun postanna a mhealladh. Má chuirtear Alan Kelly isteach ansin, caithfidh sé a bheith iontach éifeachtach nó beidh an Lucht Oibre thíos leis.

An bête noire do chuile Rialtas ná an Córas Sláinte, síleann chuile Aire a chuirtear ann go n-éireoidh leis féin eagar agus caoi a chur air.

Go dtí seo níor éirigh le James Reilly nó le Mary Harney roimhe. Tugtar an-chreidiúint do Mhicheál Martin faoin mbac ar chaiteamh tobac ach nuair a iarrann tú ar an bpobal céard eile a rinne sé ní féidir leo tada a thabhairt chun cuimhne. Is sa Roinn sin freisin a bhí Michael Noonan ag plé le cás Bhrigid McCole, eachtra náireach nach féidir leis éalú uaidh. D’éalaigh Brendan Howlin agus Brian Cowen as a luaithe a d’fhéadfaidís. Pé duine a chuireann sibh ann breathnóidh siad anois air mar chupán nimhe.

A Thaoisigh, bheinn ag súil go gceapfá Aire Gaeltachta an iarraidh seo a raibh Gaeilge aici/aige agus tuiscint don ghéarchéim maidir le pleanáil teanga taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Le cabhrú leis an obair thábhachtach sin, cheapfainn Aire Oideachais a chaithfeadh go cóir leis an oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud an Stáit.

Tá a fhios agam nach mórán Teachtaí atá i gceachtar páirtí a bhfuil Gaeilge acu ach is masla do phobal labhartha na Gaeilge agus don Bhunreacht gan an cumas sin a bheith mar chritéar riachtanach don dá phost.

Guím gach rath oraibh – bígí misniúil, dána.