Ar gcaidreamh leis an teanga eile sin

Striapach allúrach an Bhéarla, a dúirt Seán Ó Ríordáin, file agus colúnaí nótáilte leis an bpáipéar seo tráth den saol. Is minic…

Striapach allúrach an Bhéarla, a dúirt Seán Ó Ríordáin, file agus colúnaí nótáilte leis an bpáipéar seo tráth den saol. Is minic scríbhneoirí Béarla agus Gaeilge ar aon ardán na laethanta seo - i bhfad níos minice ná, abair, 40 bliain ó shin nuair a bhí saghas apartheid cultúrtha i réim, a scríobhann Gabriel Rosenstock.

Tá cuid den chreidiúint ag dul don Chomhairle Ealaíon as claíocha a leagan. Le linn do Lar Cassidy a bheith ina Oifigeach Litríochta, cuireadh polasaí dátheangach chun cinn agus thuig eagraíochtaí ar nós Éigse Éireann/Poetry Ireland (a rabhas féin seal im Chathaoirleach air) go raibh dualgas orthu freastal ar an dá theanga.

Aisteach go leor, is chuig Feasta agus Comhar a sheolann filí Gaeilge a gcuid déantús i gcónaí; ní líonmhar iad na dánta a chuirtear chuig irisí ar nós Poetry Ireland Review, The Shop, Cyphers etc. Seans nach maith le scríbhneoirí áirithe an dá theanga a bheith le hais a chéile.

Biddy Jenkinson, ní maith léi go n-aistreofaí go Béarla in aon chor í. Ní in Éirinn ach go háirithe. Dheineas féin aistriúchán ar dhán álainn léi don duanaire A Treasury of Irish Love ach is thall i Nua-Eabhrac a foilsíodh é sin. Saothar dátheangach is mó a chuireann filí Gaeilge na hAlban ar fáil. Níl margadh ann níos mó don chnuasach aonteangach.

READ MORE

An bhfuil a fhios ag éinne againn cad a cheapann muintir na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta faoin mBéarla? Léifinnse leabhar aistí ar an téama sin dá smaoineodh duine éigin ar é a chur le chéile.

An caidreamh seo atá ag scríbhneoirí na Gaeilge leis an mBéarla, ní phléitear ró-oscailte é faoi mar ba chaidreamh scannalach é ar chuma éigin. Bítear leithscéalach seachantach ina thaobh. An bhféadfadh nach láncháilithe mar scríbhneoirí Gaeilge iad in aigne daoine áirithe na pearsana sin a shamhlaímid leis an dá theanga: Breandán Ó Beacháin/Brendan Behan; Eoghan Ó Tuairisc/Eugene Watters; Pearse Hutchinson et al? Michael Hartnett agus Micheál Ó hAirtnéide, an ionann iad i ngach slí? Nó an neacha éagsúla iad - ar thuigeadar a chéile fiú amháin? An rabhadar mór lena chéile, nó in éad lena chéile? Ar thiteadar amach lena chéile?

Bhíodh Gearóid Ó Cuinneagáin ag tiomáint ar fud Bhaile Átha Cliath agus an greamachán "Breast Béarla!" ar fhuinneog an ghluaisteáin aige. Ar shíl daoine áirithe gur focal Béarla ab ea "breast" agus ar chuir sé sin a thuilleadh mearbhaill fós orthu?

An raibh an dearcadh ceart ag an bPiarsach - go bhfuil cath na Gaeilge le troid trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla araon, mar a oireann? Ná féachaimis ar an mBéarla mar namhaid damanta ach mar arm den dá arm aigne. Bhuel, is dearcadh inghlactha é sin. Feicfidh tú, áfach, ag deireadh na haiste seo, go bhfuil cúis mhaith agam chun an argóint sin a bhréagnú agus a fhógairt gur dainséar dúinn go léir é an Béarla, gur measa ná buama núicléach é agus fianaise dhobhréagnaithe agam mar thaca leis an méid sin! Fóill ort ...

Tá roinnt scríbhneoirí Béarla againn a chuireann suim sa Ghaeilge, leithéidí Thomas Kinsella. Cuimhnigh ar The Táin aige agus Poems of the Dispossesed, abair. Ach is dóigh leis an gCinsealach gur tháinig deireadh le traidisiún na Gaeilge. Tá sé fós á rá sin. Ní chreideann sé gur snáth leanúnach amháin is ea é.

San úrscéal Star of the Sea le Joseph O'Connor tá iarracht mhaith mhacánta déanta ag an údar chun cúlra Gaelach na hÉireann a léiriú dúinn aimsir an Ghorta. Ach ansan, nuair a chuireann sé focail Ghaeilge i mbéal an leannáin, in áit Máire a thabhairt ar an gcailín, cad deir sé? "Tá grá agam duit, a Mhuire!" Dóthain ráite...

An bhfuil buntáiste éigin ag na scríbhneoirí Gaeilge sin nach bhfuil leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá sloinne ín úsáid acu: Michael Davitt; Alan Titley; Eithne Strong; Derry O'Sullivan; Declan Kiberd; Rita Kelly; Rody Gorman; Claire Dagger; mé féin etc.? B'fhiú ceist a chur orthu.

Is i mBéarla a foilsíodh dírbheathaisnéis Mháire Mhac an tSaoi. Tar éis dom é a léamh, bhí a fhios agam láithreach gur leabhar eile ar fad a bheadh ann dá mba i nGaeilge a scríobhfaí é. Mar is amhlaidh a spreagann smaoineamh amháin i mBéarla smaoineamh eile sa domhan céanna sin. Sin mar a oibríonn an aigne. Ní as an tobar céanna iad an dá theanga. Tá cruthúnas againn air sin. Daoine dátheangacha a mbuaileann stróc iad is minic líofa i dteanga amháin agus stadach nó briotach sa teanga eile iad.

Tharla go rabhas ag léamh filíochta sa Ghearmáin tamall ó shin agus bhí file ón mBreatain Bheag i mo theannta, duine a scríobhann sa Bhreatnais agus sa Bhéarla, chomh maith le scríbhneoirí aonteangacha Béarla ón tír seo. Bhí plé os comhair lucht éisteachta ar an tábhacht a bhaineann le teanga amháin seachas a chéile.

Bhí duine de na scríbhneoirí Angla-?-Éireannacha seo ag maíomh nach ndéanann sé difríocht dá laghad cén teanga a roghnaíonn tú; an rud is tábhachtaí ná an scríbhneoireacht féin. Bheadh fonn ar dhuine réasúnta teacht leis an argóint sin, gan dabht. Ní i gcónaí a bhímse réasúnta, áfach agus ní i gcónaí a ghéillim do thiarnas an réasúin. (Samhlaím ina shuáilce Phrotastúnach é!)

Ní dhéanann sé difríocht dá laghad cén teanga inar scríobhadh an saothar? Éist liomsa anois, a deirimse, agus faghairt aisteach i mo shúil chlé ... mura meánn sé brobh cén teanga a úsáideann tú, cén fáth bacaint leis an nGaeilge in aon chor? Cruacheist. B'éigean dul i ngleic léi. Thugas faoi ndeara go raibh teannas á chruthú sa halla.

Seafóid, a Ghabriel!" arsa an scríbhneoir Béarla agus mise ag iarraidh cáilíocht ar leith a shamhlú leis an nGaeilge ós í is cóngaraí don ghaoth a shéideann isteach ón Atlantach chugainn agus a ghluaiseann os cionn bhánchnoic Éireann ó, arsa mise, agus a insíonn do na scamaill uisce na spéire a ligint anuas ar Theamhair inniu agus ar Mhachaire Méith na Mumhan amárach. (Bheifeá bródúil asam!)

I bhfocail eile, arsa mise, is sa Ghaeilge is friseáilte a bhraithimid anam na tíre, sa Ghaeilge is soiléire a chloistear buille chroí na hÉireann, sa Ghaeilge is binne goltraí agus geantraí agus suantraí na tíre agus mar sin de ... an dá shúil ag léim as mo cheann faoin am seo.

Bhíos chun tosnú ansin ar an 200 ainm atá againn ar Éirinn a aithris nuair a bhuail an file Breatnach cic orm faoin mbord agus thuirlingíos go grod ar terra firma. B'fhéidir gur cheap an scríbhneoir Béarla - comhghleacaí liom in Aosdána ... ní thabharfaidh mé leid ar bith eile - b'fhéidir gur cheap sí go rabhas ábhairín as mo mheabhair mar is iontach go deo é fórsa an réasúin stuama i mbéal an Bhéarlóra, go háirithe más Protastúnach í, i gcead do chách. "Seafóid, a Ghabriel!" ar sise.

Admhaím go raibh an chaint a thugas pas beag fileata, ar imeall an mhisteachais fiú amháin; níl aon leigheas agam air sin. Is file misteach mé - níl aon bhreith eile agam ar an bhfírinne ná ar an áilleacht ná ar an tuiscint atá agam do mhíorúiltí na beatha, míorúiltí na teanga.

Agus an mbímse féin i dtuilleamaí an Bhéarla? Bíonn, go deimhin. Cén fáth nach mbeinn? Tá m'ainm curtha agam le scata leabhar Béarla ach is corrach an caidreamh atá agam leis, caithfidh mé a rá agus ní chuirfinn mo bhundún amach chun a cháil a leathadh.

Sa chéad áit, tá an Béarla chomh comónta sin! (Comónta: common, vulgar ... An Duinníneach).

Agus sa dara háit? Bheimis anseo go maidin. Caithfear aird a thabhairt ar an méid a deir Alexei Kondratiev sa leabhar The Apple Branch, A Path to Celtic Ritual (The Collins Press, Corcaigh, 1998). Deir sé go bhfuil cumhacht an Stáit á laghdú ag fórsaí dorcha, gnólachtaí ilnáisúnta ar cuma sa riach leo cad a imeoidh ar theangacha mionlaigh: "...the future may well fall into the hands of a few men with no spiritrual or moral ideals higher than the short-term acquisition of money, and unable to value the Land they live on, or the human and other creatures they share the world with, except as instruments towards that end."

Más fíor dó, is é an Béarla an namhaid mar sin, namhaid an chine. Dia féin, tá sé glan in aghaidh impiriúlachas an Bhéarla de réir an tSean-Tiomna: "Féach, arsa an Tiarna, aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích. Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga..."

Ní mise a dúirt. Sin é briathar Dé.

Is file, fear haiku agus aistritheoir é an t-údar. Krishnamurphy, Ambaist'! (Coiscéim) agus Hymn to the Earth (The Silver Strand Press)an dá leabhar is déanaí uaidh.