An loch faoin ghréin; an loch faoi shuaimhneas


An loch faoin ghréin; an loch faoi shuaimhneas. Tá reathaithe agus rothaithe ar bhealtaí na tuaithe. Tá daoine eile ag siúl. Tá óg agus aosta le feiceáil. Thíos ar an ché, tá an óige ag súgradh le feithicilí scairdsciála (jetskis). Níl eagla ná eagla orthu. Tá siad ag scimeáil an uisce gan stró; casann siad ar deis agus ar clé. Níl aird acu ar an loch i ndáiríre; níl sa loch acu ach linn mhór snámha.

Tá bád beag seoltóireachta ag imeacht i dtreo Shliabh Speirín. Seol bán atá air. Níor mhothaigh mise gaoth ar bith ach cibé cén ghaoth atá ann, tá an bád bán á ceapadh. Ní fada go seolann sí as radharc.

Tá beirt eile i gcadhcanna sa loch. Is iad is mó a chuireann éad orm. Ní bheadh an t-airgead agam le híoc as bád ná an t-airgead lena choinneáil ar ancaire le linn an gheimhridh. Ach d’fhéadfainn cadhc a fháil agus cur chun locha. Nach den mhuir sliocht Uí Mhuirí? Bheadh cadhc sa dúchas agam.

Cuireann an cadhc an stair i gcuimhne dom. Tá canú i gceann de na hionaid áitiúla turasóireachta. Déanta as adhmad atá sé agus tógadh é fadó, fadó, fadó ó shin. Tá lucht a dhéanta agus lucht a sheolta ar shlí na fírinne leis na mílte bliain ach maireann an canú go fóill.

READ MORE

Dá dtiocfadh seandálaí ar fheithicil scairdsciála i gceann 1,000 bliain, an gcorróidh sé an croí mar a chorraíonn an seanchanú adhmaid?

PÓM