Manaigh agus máistrí móra

BEOCHEIST : TAR ÉIS na Cásca d’athraíodh an saol ó bhonn. An ruaig curtha ar dhuairceas an Charghais

BEOCHEIST: TAR ÉIS na Cásca d'athraíodh an saol ó bhonn. An ruaig curtha ar dhuairceas an Charghais. Loinnir ar leith ag baint le searmanais eaglasta agus le héide na sagart. Bhíodh na coinnle níos gile, táim cinnte de. Scaipeadh na bláthanna uaine is buíghlas cumhracht ar fud an tséipéil. Chuirtí Alleluia Alleluia le ruball gach paidir, dóchas gach aon áit. Cén fáth nach mbeadh cuma na hathnuachana ar an domhan? Nach raibh Críost éirithe?

Fadó i laethanta úd na n-alleluia-anna bhí cónaí ormsa i mainistir. Ag staidéar. Ag guí. Ceol na salm ag éirí chun neimhe. Síocháin i ngairdín na mainistreach. I gcúinne foscúil uaigeanna na manach a threabh an gort seo romhamsa, gasra dílis. Abha leathan mar theorainn ag ciumhais thoir an ghairdín. Eas na mbradán ó dheas agus aduaidh ón loch maorga thagadh an t-uisce a bheireadh leis blas na bportach.

Bhíodh teachtaireacht ag an uisce dúinn. Tar chugam, tá an tsoineann fillte, cuir an bád rámhaíochta chun uisce arís agus bainigí pléisiúr asam. Roic mhíne is súilíní an uisce ag rince. Cuileanna Bhealtaine chugainn.

Fiú amháin anois baineann cuimhne na liotúirge is an tséasúir úir, dhá rud a bhíodh go hiomlán i dtiúin lena chéile, geit asam. Splanc a théann go smior. Móráilleacht a bhraitheas fadó, áilleacht a d’éalaigh uaim ó shin sa tslí nach féidir greim a bhreith uirthi a thuilleadh.

READ MORE

Inniu tá cónaí orm in eastát mór tithíochta. Áit chluthar chompordach, suite idir dhá pháirc de chuid Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire. Soir uainn tá páirc Chabán tSíle, 96 acra, agus siar uainn páirc Marlay, 210 acra. Ionaid chaitheamh aimsire do chathróirí.

Bhíodh mainistir Naomh Muire suite i dtailte Marlay go dtí gur ghlac Rí Anraí VIII seilbh ar an áit agus ó shin i leith ba le lucht an tsaibhris na tailte. Thart ar 1760 chuir David la Touche crut ar an bpáirc is maireann a shaothar siúd buan go dtí an lá inniu.

Ba eastáit mhóra iad Marlay agus Cabán tSíle san 17ú is san 18ú haois. Tá saintréithe na n-eastát le feiscint fós – tigh galánta mar a bhíodh ag na tiarnaí móra fadó, fallaí arda eibhir mar theorainn, lóistí ag na geataí ornáideacha, gairdín daingean le falla, léana glas mar thaipéis.

Grúpaí crann anseo is ansiúd chun cur leis an bpeirspictíocht; ní bhíodh aon éileamh ann don stíl an-fhoirmeálta, stíl atá le feiscint, mar shampla, i ngairdíní foirmeálta IMMA (Áras Nua-Ealaíne na hÉireann).

Tá díoga ‘ha-ha’ sa dá pháirc cé go bhfuilid clúdaithe anois ag na sceacha i gCabán tSíle, mór an trua. D’fhéadfadh na beithígh dul isteach sna díoga ó thaobh amháin ach ní fhéadaidís leanúint ar aghaidh toisc falla eile na díge a bheith ingearach agus é neartaithe le brící fásála.

Bhíodh na díoga mar fhál cosanta idir an léana nó an fhaiche ghairdín agus na tailte inír, choimeádaidís na ba amuigh agus ní bhíodh gá le claí ionsáite gobach.

Sa chéad seo caite tógadh tithe don mheánaicme ar chuid de na tailte méithe agus ansin thóg an chomhairle contae an dá áit idir lámha, Marlay i 1973 agus Cabán tSíle i 1984. Inniu tá an dá pháirc snoite néata, áiteanna a mheallann daoine chucu. Buíochas tuillte ag an chomhairle agus ag a baiclí oibre atá cumasach is eolasach.

Tá an tseanáilleacht caomhnaithe go maith agus rudaí curtha léi, mar atá, ionaid ealaíne, ionad traenála don gharraíodóireacht, ceardlanna do ealaíontóirí, ionaid spraoi do leanaí.

Ní smaoiníonn éinne anois ar conas mar a chaith na tiarnaí talún, na máistrí móra, linn sna seanlaethanta.

Bíonn gach saghas duine ag siúl sa dá pháirc seo, lucht oifige, máithreacha óga, lánúineacha ar phinsin. Cabán tSíle níos déine, cnoicíní ann do na daoine a shiúlann go tapa chun meáchan a chailliúnt.

Marlay dóibh san a thógann an saol níos réidhe agus fios acu gur féidir leo cupán deas caife a ól sa siopa beag nuair a bhíonn timpeall na páirce déanta acu.

Seo rud. Tugaim faoi ndear nach mbeannaíonn na daoine dá chéile, rud aisteach in áiteanna atá chomh hálainn san. Agus sin ráite chím lucht siúlta na madraí ag caint lena chéile minic go leor. Na madraí á moladh acu, na madraí féin ag déanamh scrúdú sróin is tóna ar a chéile. Sonas.

Focal scoir. Nuair a smaoiním anois ar an mhainistir cois abha agus ar thithe ársa Chabán tSíle is Marlay, tuigim cé chomh cliste is fadradharcach iad na manaigh is na máistrí móra araon. Gan dabht, ba rídheacair iad a shárú maidir le suíomhanna iontacha a thoghadh.