Iarr orthu an staitse a fhagaint

Bíodh is nach rabhamar ábalta a n-aghaidheanna a fheiscint, bhí an chuma ar a gcuid geatsaíochta go raibh an dream a thóg na …

Bíodh is nach rabhamar ábalta a n-aghaidheanna a fheiscint, bhí an chuma ar a gcuid geatsaíochta go raibh an dream a thóg na litreacha móra a la Hollywood ar Chnoc an Chairn sa Daingean an-sásta leo féin, a scríobhann  Seán Tadhg Ó Gairbhí

Ealaíontóir darbh ainm Darryl Courtney a chéadsmaoinigh ar an bplean de réir tuairisce sa pháipéar seo. Bhí sé ag smaoineamh faoi le dhá bhliain anuas agus praghasanna arda an Daingin ag déanamh tinnis dó, ach d'admhaigh sé gur bhain sé anois leis an gconspóid faoi ainm an bhaile chomh maith. Dúirt an Cúirneánach gur rith sé leis gur ainmbhranda láidir idirnáisiúnta é Dingle, díreach cosúil le Hollywood. Cur amú airgid atá san athrú, dar leis.

Glacaim leis gur léir uaireanta rudaí d'ealaíontóirí nach léir iad in aon chor don chuid eile againn. Go deimhin, is iad na healaíontóirí a aimsíonn na ceangail diamhara sin sa saol nach bhfuil sé de chumas ag an gcuid eile againn iad a aithint. Ach Hollywood? Agus Dingle?

Tá brón orm ach ní fheicim in aon chor an diminsean Hollywood, mar a tugadh air, a bhaineann leis an scéal seo. Go deimhin, ó thosaigh an chonspóid faoi logainm oifigiúil an bhaile, feictear dom gur ag maireachtaint i ndiminsean eile ar fad atá cuid de mhuintir an Daingin.

READ MORE

Is eagal liom anois go bhfuil slán fágtha go deo ag scata de mhuintir an bhaile leis an ndiminsean sin ina bhfuilimid ag cur fúinn. I ndiminsean nua seo lucht Hollywood an Daingin ní luaitear in aon chor an bhaint atá ag cultúr, teanga agus áilleacht na Gaeltachta le cáil an Daingin mar bhaile turasóireachta; agus sa diminsean seo casann gach lánbhus de Phoncánaigh timpeall thar n-ais ag droichead an Mhuillin mar go bhfuil an oiread sin iontas feicthe agus cloiste acu i mBaile Fungi nach gá dóibh bacadh le Ceann Sléibhe nó an pub is faide siar san Eoraip ná oidhreacht an Bhlascaoid - ná leis na háiteanna sa Ghaeltacht inar deineadh na scannáin Hollywood.

Cinnte, tháinig Hollywood go dtí an Daingean agus an ceantar máguaird uair nó dhó ach más buan mo chuimhne ní i downtown Dingle a deineadh aon chuid de Far and Away ná Ryan's Daughter. Dá bhfreagrófaí paidir atá coitianta sa cheantar agus dá mbeadh iníon eile ag an Rianach, táim cinnte nach é an Daingean, dá áille é mar bhaile é, a mheallfadh go Corca Dhuibne í.

Dealraíonn sé nach dtuigeann cuid de mhuintir an Daingin an tábhacht a bhaineann leis an áilleacht nádúrtha, an cultúr agus, sea, an teanga atá timpeall orthu. An rud is mó atá i gcoitinn ag an Daingean le Hollywood ná easpa peirspictíochta a mhuintire.

Féach nach ceist faoi logainm a bhí ag dó na geirbe ag cleas Hollywood an Daingin ach ceist faoi ainmbhranda. Tá a gcuid argóintí ar fad préamhaithe i dteanga an ghnó. Chuirfidís carachtar Michael Douglas sa scannán Hollywood sin, Wall Street, i gcuimhne duit, na Gordon Gekkos Gaeltachta seo. "It's all about bucks, kid. The rest is conversation," a dúirt Gekko, fear nach dtuigfeadh ach an oiread an turasóireacht chultúrtha agus an tábhacht a bhaineann léi.

Thuigfeá dimní daoine a bhfuil na blianta d'obair chrua déanta acu chun tionscal turasóireachta an Daingin a fhorbairt agus atá ag brath ar an dtionscal sin chun maireachtana, ach shonrófá lorg fhealsúnacht Gekko ar chuid dá n-argóintí. Tá praghas gach aon rud ar eolas acu ach ní thuigid luach faic, faoi mar a dúirt Oscar Wilde fadó.

Tá cuid acu, shílfeá, ag brath air go mairfidh Fungie níos faide na an Ghaoluinn agus an chuid eile acu ag súil gur féidir é a bheith ina ghruth agus ina mheadhg acu. Gur féidir tairbhe a bhaint as a stádas Gaeltachta gan aon tuiscint a léiriú do na pribhléidí agus na freagrachtaí a bhaineann leis an stádas sin. Gur féidir leanúint leo leis an lip-service gan aon cháin a íoc air.

Tá cuid de lucht gnó an bhaile go mór ar son an dátheangachais agus tá daoine ann a bhfuil a gcuid argóintí ar son Dingle curtha in iúl acu go cumasach agus go dátheangach acu. Ach muna bhfuil muintir an Daingin sásta glacadh leis an athrú beag reachtaíochta seo - a bhfuil an 2,299 ceantar Gaeltachta eile a thagann faoi Ordú na Logainmneacha 2004 tar éis glacadh leis gan argóint ar bith - b'fhiú an cheist a chur, an cóir go mbeadh an Daingean sa Ghaeltacht in aon chor?

Má rithtear an phobalbhreith, a bhfuil súil leis sa tréimhse amach romhainn, gach seans go dtabharfadh campa 'Dingle' an svae leo. Má tharlaíonn sin, d'fhéadfadh go dtógfaí a gcinneadh san áireamh nuair a bheidh athbhreithniú a dhéanamh ar na toghcheantair Ghaeltachta amach anseo, rud nach bhfuil curtha as an áireamh ag an Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív. Is ceart go ndéanfaí san.

Tá sár-obair déanta ag lucht gnó an Daingin chun go mbeadh ainm in airde ag an nDaingean ar fud an domhain. Bíodh is nach bhfuil an t-ainm sin chomh láidir le Hollywood, sheasfadh sé cúpla athrú ar na comharthaí bóthair.

Bheadh na léirscáileanna tráchtála ag leithéidí an AA dátheangach fós. Bheadh a rogha ainm acu ar a gcuid fógraí agus bróisiúir agus ainneoin amhras a bheith ar lucht gnó an Daingin faoi thurasóirí a bheith ina gceartmheabhair bheadh na Meiriceánaigh, na Francaigh, na Spáinnigh na Gearmánaigh agus na Sasanaigh lánábalta an baile a bhaint amach.

Ach is é an rud is iorónaí ar fad faoi dhearcadh chleas Hollywood an Daingin ná gur buanna frith-Hollywood iad na buanna is mó atá ag an mbaile ó thaobh na turasóireachta de. Nach ar áiteanna mar An Caife Liteartha a chuimhníonn turasóirí agus nach iad na háiteanna a chuireann le sainiúlacht an bhaile?

A bhféiniúlacht, a n-éagsúlacht, a nGaelachas, más maith leat - sin iad na buntáistí atá ag muintir an Daingin ag an mbox-office idirnáisiúnta turasóireachta.

Dá léireodh muintir an Daingin muinín as na buanna sin agus as a gcultúr agus a stádas Gaeltachta bheadh buntáiste eile ó thaobh gnó acu, rud éigin eile a dhéarfadh le cuairteoirí go bhfuil an Daingean speisialta mar cheannscríbe turasóireachta.

Más dall ar an mbuntáiste sin atá siad ba cheart deireadh a chur leis an gcur i gcéill, ligint dóibh a mbrionglóidí Hollywood a fhíoradh agus tús a chur lena Golden Age of Dingle. Sa chás sin, ba cheart don Aire Gaeltachta Oscar a bhronnadh orthu agus iarraidh orthu an stáitse a fhágaint.