Bás na Bó(Scéal Nollag)

Beo a rugadh an leanbh. Bhí a fhios sin ag an mbó mar chuala sí an scread

Beo a rugadh an leanbh. Bhí a fhios sin ag an mbó mar chuala sí an scread. Máthair ba ea í féin agus bhí cuimhne aici ar na pianta. Thuig sí bród na mná freisin. Agus chonaic sí mórtas an athar.

Ní raibh aon léamh aici ar intinn an asail mar asal as tír isteach ba ea é sin. Is mó rud a bhíonn ar eolas ag bó. Is mó rud a bhí feicthe aici.

Ach bhí seo neamhchosúil le gach eile a tharla. Leanbh a theacht ar an saol sa tuí. Fear, bean agus asal agus iad chomh caoin mín lena chéile. Iad chomh séimh leis an oíche, chomh sona le machaire méith.

B'é b'aite ná an solas. Bhí gile san áit in ainneoin na doircheachta. Shíl sí ar dtús gurbh é an réalta é.

READ MORE

An réalta a bhí ag glioscarnach agus ag spréacharnach os cionn an stábla le cúpla oíche roimhe sin. Réalta mhór sholasmhar a raibh gathanna ag teacht as. Ach bhí dulta i dtaithí aici air sin. Níorbh é sin é. Solas eile a bhí go díreach timpeall an linbh.

Mar a bheadh ag teacht amach as. Nó mar a bheadh istigh ann. Lonradh éigin buan ar an gcraiceann gealsnuach. Fáinne glé i lár na duibhe. Luan geal nach bhfeicfeadh ach súile bó.

Duine ar bith eile a tháinig chun an stábla ní chuige seo a bhíodh siad. Chun dochair nó spóirt, seachas cailín a crúite. Buachaill á leadradh ag maistín ba dhá mhó ná é. Gearrchaile agus stócach ag siosarnach agus ag scigireacht sa tuí.

Gáirí uathu agus liúnna áthais. Lá eile saighdiúir ar meisce agus é ag diúgadh an bhairille. Mallachtaí uaidh agus mionnaí móra. Fuaim uisce sa chúinne. Madra i bhfolach óna mháistir.

Níor mar sin iad seo. Ba dhóigh leat orthu gur chiúnaigh siad an ball go léir. Lean sáimhe éigin iad, go díreach iad a bheith ann.

Agus nuair a tháinig na haoirí isteach ó bheith ag faire na dtráth san oíche ar a dtréad, ciúnaíodh iad siúd, leis.

Agus, féach, fir gharbha ba ea iad sin. Bhí a fhios sin ag an mbó. Fuair sí speach ó dhuine díobh uair amháin nuair a chuaigh sí ró-ghar do chaora.

Níor shíl sí gur daoine deasa iad. Níorbh í sin an cháil a bhí orthu. Eagla a bhí uirthi i dtosach nuair a nocht siad sa doras. Ach ba ghairid gur tuigeadh di gur meon eile ar fad a bhí acu. Meon mánla miochair. Iad chomh mín le huain.

Shíl sí orthu nach maródh siad cuil. Labhair go tláth le chéile, is go modhúil leis an lánúin. D'fhéach siad ar an leanbh agus deora ina súile. Ba léir don bhó an t-ómós a bhí acu dó, don leanbh, agus líon a croí leis an ómós céanna.

Agus tharla, nuair a d'imigh siad uathu gur cheap an bhó gur airigh sí ceolta á seinneamh sa spéir, agus glórtha boga binne. Agus na labhartha a dhein siad, bhí siad á gcogan le caoine ag an máthair agus ag an athair agus iad ag breithniú an linbh a raibh an solas ina thimpeall.

Scéal eile ar fad ba ea na daoine eile a tháinig. Iad fillte in éadaí daite agus iad ag glioscarnach ó bhonn go baithis. Fáinní orthu nach gcuirfí ar tharbh. Prócaí aite ar a gcloigne acu a raibh loinnir uathu, ach nárbh ionann mar loinnir í agus loinnir an linbh. Ainmhithe taobh amuigh a raibh dronn orthu.

Iad chomh donn leis an ngaineamh. Gnúis bhrónach orthu mar a bheadh cúram an tsaoil á iompar acu. Na soithí a thóg siad amach, cheap an bhó go rabhthas lena gcur fúithi ar dtús. Ina ionad sin, leag siad amach go cuíúil iad os comhair an linbh, agus dhein comharthaí umhlaíochta agus dea-mhéine.

Dhruid an bhó níos gaire dóibh agus lig anáil fhada bhláth aisti. Ba dhóigh léi go raibh dea-bholadh aoibhnis ón anáil sin, go raibh mos chúrán an tsaoil air. Ba mhian léi géimneach a dhéanamh, búir ard a ligean d'fhonn an lá seo a fhógairt.

Ach thug sí faoi deara nach raibh gángarach ar bith déanta ag an asal, ainmhí ar dual dó gángarach a dhéanamh go minic. Agus cé go raibh meangadh an áthais ar chách, is go ciúin, moiglí a labhair siad mar a bheadh an saol á thabhairt chun suaimhnis. Agus nuair a dhein an leanbh gáire gliogarnach léi, ba dhóigh léi gur síoda na bó í gan bhréag.

Níor fhág sin nár déanadh stéigeanna beaga blasta filléid aisti, agus stéigeanna nóiméid agus caoldroma agus ruaphrompach, agus slisní d'íostiarpa mairteola, agus burgair le cur i mborróga, agus feoil mhionaithe le cur i bpíóga, agus nár caitheadh a dhá crúb leis na gadhair lena gcuid fiacla a shá iontu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar