Tréimhse na Nollag; tráth na leabhar

Tuarascáil: An t-am sin bliana arís; an Nollaig ag druidim linn go tapa agus an t-am agat, a léitheoir dhíl, leabhar Gaeilge…

Tuarascáil:

An t-am sin bliana arís; an Nollaig ag druidim linn go tapa agus an t-am agat, a léitheoir dhíl, leabhar Gaeilge a cheannach. Is ag díriú ar ábhar do dhaoine fásta a bheidh an colún seo - cead ag na páistí a gcuid leabhar féin a aimsiú!

Tá úrscéal nua Hula Hul(Leabhar Breac, €15) le Seán Mac Mathúna ar fáil. De réir na bhfoilsitheoirí, baineann an leabhar leis an traidisiún céanna le Dr Zhivago, Gone With the Windagus For Whom the Bell Tolls.

Tá an scéal suite i gCiarraí le linn Chogadh na gCarad. Tugann na húdaráis ordú don chaptaen Mait Dálaigh príosúnach a thabhairt a fhad leis an Seanabhaile. Tá buanna iontacha Mhic Mhathúna mar scéalaí le sonrú láithreach san insint: "I gcorp an gheimhridh istigh is na Cruacha Dubha ag urú na gréine orthu, solas briste trí fhuinneoga briste ag éalú isteach ar na scoláirí."

READ MORE

Úrscéal stairiúil eile atá in An Cléireach(Leabhar Breac, €19.50) le Darach Ó Scolaí, agus bhain an leabhar príomhdhuais an fhicsin in Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Tá tá an scéal suite thiar sa 17ú haois agus síneann na himeachtaí ó chríocha na Bóihéime go bruacha na Sionainne. Buíon bheag saighdiúirí a thagann le chéile i ndiaidh go mbriseann Cromail ar arm na nGael: "Ar chreig crochta os cionn na caschoille a chruinníomar, buíon bheag oifigeach is giollaí, hataí leathana fáiscthe anuas ar chloigne cromtha, cruach is leathar ag lonrú faoin ghealach, agus sinn ag labhairt de ghlórtha íslithe."

Seo an chéad úrscéal ó pheann Uí Scolaí ach is mó ná úrscéal amháin atá scríofa ag Pádraig Standún. Is é Díbirt Dé(Cló Iar-Chonnachta, €12) an t-aonú ceann déag uaidh. Bhain an t-úrscéal seo an chéad áit i gcomórtas an Oireachtais as ficsean éadrom i mbliana. Mar is iondúil, níl drogall air aghaidh a thabhairt ar imeachtaí an lae inniu ina chuid scríbhneoireachta.

Tugann an tEaspag ar an Athair Séamas Ó Conacháin tearmann a thabhairt d'iarchomrádaí scoile agus sagart, Mícheál Ó Ruairc, fear a ciontaíodh as ionsaí gnéis ar pháiste. Éiríonn idir Ó Conacháin agus na meáin chumarsáide i ndiaidh go gcraolann lucht teilifíse clár a mhaslaíonn an Eaglais. Tógann Ó Conacháin cinneadh an Eaglais a chosaint, is cuma cén toradh a bheas ann dó ná dá chuairteoir.

Scríobhann Standún an scéal sa stíl lúfar sin is ansa leis: "Rug siad ar a chéile faoi mar nach bhfaca duine acu an duine eile le fada agus gur faide arís ó phóg siad. Ní fada go raibh siad ar an mbord púil ag sracadh a gcuid éadaigh dá chéile."

Níl ganntanas ar bith ábhair d'fhoghlaimeoirí fásta ar fáil ach oiread. Tá Anna Heussaff ag saothrú léi go dian dícheallach i ngort na bhfoghlaimeoirí agus is é Cúpla Focal(Cois Life, €12) a húrscéal is nuaí. Grá agus mistéir atá i gceist sa cheann seo agus é lonnaithe i rang Gaeilge: tá Caoimhe doirte do Neasán ach tá Neasán doirte d'Aisling.

Mar is gnáth, níl caill ar bhuanna scríbhneoireachta Heussaff agus í i mbun an chineál seo ábhair. Stíl álainn soléite atá aici agus í ag cur síos ar mhothúcháin daoine fásta: "Sheas Aisling ag an mbeár. D'ordaigh sí deoch líomanáide ó fhear an bheáir. Bhí a béal tirim. Bhí an pictiúr soiléir ina hintinn. Neasán agus Caoimhe thuas sa seomra le chéile. Ag caint is ag gáire le chéile. Ag pógadh is ag muirniú a chéile."

Ábhar den chineál céanna ach insint ar bhealach eile atá in Gaeilge agus Grá(Comhar, NLP) le hAlan Desmond. Pléann seisean scéal Biddy Uí Laoghaire agus imeachtaí a ranga Ghaeilge.

Tá rogha dheas de leabhair neamhfhicsin ar fáil i mbliana. Tá cnuasach agallamh, Dúirt Bean Liom(Coiscéim, €7.50) le Máire Ní Neill, díreach foilsithe. Sraith cainteanna le mná céimiúla faoina saol agus a gcuid oibre atá i gceist anseo. Tá polaiteoirí, iriseoirí agus ealaíontóirí ann: Bairbre de Brún; Mary Hanafin; Catherine Foley de chuid an nuachtáin seo; Celia de Fréine; Áine Uí Cheallaigh agus Clíodhna Cussen gan ach dornán a lua.

Daoine faoi agallamh ar bhealach eile atá ar siúl ag Séamus Ware in Fáithe an Fichiú hAois(Foilseacháin Ábhair Spioradálta, NLP). Is é atá anseo ná sraith aistí beaga ar dhaoine a mheasann Ware bheith ina bhfáithe comhaimseartha.

Níl gach aon duine acu ar shlí na fírinne ach oiread. Pléann sé le daoine as an traidisiún Críostaí a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda agus le cléir agus tuataí a thug sólás agus ceannaireacht do phobail bhochta an lae inniu.

Cathracha(Coiscéim, €15) an teideal atá ar an chéad leabhar leis an iriseoir Eoghan Ó Néill agus cur síos ar 17 cathair ar thug sé cuairt orthu. Tá Barcelona, Amstardam, New Orleans, Iostanbúl, an Veinéis, Prág, Tehran agus Liúibleána san áireamh ann.

Agus tá 200 planda de chuid na hÉireann faoi chaibidil in Cúlbhealaí is Mórbhealaí(Coiscéim, €15) le Fergus Ó hÍr. Tá pictiúir de na bláthanna uilig ann agus cur síos orthu.

Bord nua Forais ceaptha

Cheap an Chomhaireacht Thuaidh/Theas baill nua ar bhord Fhoras na Gaeilge Dé Luain. Is é iar-ardstiúrthóir Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Maoilmhichíl, an cathaoirleach nua. Ar na comhaltaí úra eile a ceapadh, bhí: Áine Andrews, príomhoide Ghaelscoil na bhFál i mBéal Feirste; an tOllamh Liam Kennedy, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste; Adelaide Nic Cárthaigh, iarfheidhmeannach sinsearach le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Lucilita Breathnach, oibrí sinsearach le Sinn Féin. Lena chois sin, d'fhógair Foras na Gaeilge maoiniú €14.3 milliún d'eagrais agus thionscadail teanga an tseachtain seo caite. Tabharfaidh siad €8.7m do chomhlachtaí éagsúla teanga; deonóidh siad €3.6m ar 17 grúpa pobail agus tabharfaidh siad €2m do thionscnaimh aonair. Gheobhaidh grúpaí i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Doire, Gaillimh, Luimneach, Ceatharlach agus Loch Garman deontais.

cinneadhdecision - díbirtbanishment - dídeanrefuge

foghlaimeoirlearner - sólássolace - tionscnamhproject