Toradh ar chiste teilifise

Craolfaidh TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann dhá shraith nua an tseachtain seo chugainn de thoradh maoinithe ón Chiste Craoltóireachta…

Craolfaidh TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann dhá shraith nua an tseachtain seo chugainn de thoradh maoinithe ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Craolfaidh TG4 sraith drámaíochta faoi thréidlianna, Adharca Fada, agus sraith cheoil, An Stuif Ceart, a bheidh ag dul amach ar an BBC.

Is iad seo na chéad fhiontair theilifíse a bheidh le feiceáil mar gheall ar urraíocht an chiste, ciste a bunaíodh de bharr Chomhaontú Bhéal Feirste.

Tá mórán aisteoirí aitheanta ón Tuaisceart páirteach in Adharca Fada: Pilib Mac Cathmhaoil; Niall Ó Cíosóg; Seán Mac Seáin agus Frances Quinn. Liosta le lua iad na ceoltóirí agus na grúpaí a bheidh le feiceáil ar An Stuif Ceart: Bréag; Juliet Turner; Kila agus Méabh O'Hare, Conor Byrne & Brendan Quinn.

READ MORE

Craolfar Adharca Fada ar TG4 oíche Luain ag 10pm agus beidh An Stuif Ceart le feiceáil ar BBC2 Thuaisceart Éireann oíche Mháirt ag 8pm.