Scoil Merriman

Beidh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman ar siúl i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, idir an Aoine 26ú agus an Domhnach 28ú Eanáir…

Beidh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman ar siúl i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, idir an Aoine 26ú agus an Domhnach 28ú Eanáir. "Anocht is uaigneach Éire: Imeacht na nIarlaí 1607" téama na bliana seo.

Ar na léachtaí, beidh an scoláire Diarmuid Ó Doibhlin ag caint ar "Tadhg Ó Cianáin agus Turas na nIarlaí as Éirinn" agus labhróidh Micheál Mac Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar "Gé Beag ar na bráithribh thú: the perfidious Machiavellian friars of Louvain".

Beidh clár faisnéise le Bríona Nic Dhiarmada, Ar Lorg Shorcha, faoin amhránaí sean-nóis Sorcha Ní Ghuairim le craoladh den chéad uair agus labhróidh Michelle Ní Ríordáin, Institiúid Ard-Léinn, Bhaile Átha Cliath, ar "Imeacht na nIarlaí: fairsinge agus buaine na hinsinte fileata".

Beidh seoladh leabhar, léamh filíochta agus ceol le Pádraigín Ní Uallacháin fosta.

READ MORE

Eolas:086-9324725 www.merriman.ie