Scamall an bhróin ar imeachtaí Chumann Merriman

BÍONN CEOL i gcónaí ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman is cuma cén t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil ag na léachtaí.

BÍONN CEOL i gcónaí ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman is cuma cén t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil ag na léachtaí.

B’íoróineach an ní é ámh, an bhliain a cinneadh “filí agus fonnadóirí” bheith mar théama na scoile go raibh scamall an bhróin anuas ar imeachtaí na scoile le briseadh an scéil go bhfuair duine de na hamhránaithe sean-nóis is iomráití sa tír, fear óg 27 bliain d’aois, Ciarán Ó Con Cheanainn, bás cúpla lá roimhe.

Rug Ó Con Cheanainn Corn Uí Riada leis ag an Oireachtas i gCorcaigh 2008, an duine ab óige riamh chun an gradam sin a thabhairt leis agus bhí aithne phearsanta ag go leor de na cainteoirí agus ag lucht freastail na scoile air.

Ba dhuine de na moltóirí ar chomórtas Chorn Uí Riada, an tOllamh Breandán Ó Madagáin, a d’oscail an scoil gheimhridh in Óstán Meyrick, Gaillimh, Dé hAoine seo caite agus é croite go mór ag bás tobann an fhir óig seo a raibh an oiread sin i ndán dó.

READ MORE

“Ba scoláire é Ciarán a thuig chomh mór agus a bhí an fhilíocht agus an ceol i gceartlár thraidisiún na Gaeilge,” ar seisean agus lean sé ar aghaidh chun léiriú a thabhairt ar an urraim a tugadh don té a raibh bua an cheoil aige i gcultúir éagsúla ar fud an domhain.

Dúirt stiúrthóir na scoile, Liam Ó Dochartaigh, go rabhthas ag smaoineamh ar feadh tamaill ar an scoil ar fad a chur ar ceal de thairbhe bás Chiaráin. Cinneadh ar deireadh gan ach an fóram do mhic léinn Dé hAoine a chealú, fóram ag a raibh Ó Con Cheanainn féin le caint a thabhairt ar ghné amháin den taighde a bhí ar siúl aige ar amhránaíocht na Gaeilge.