Poblacht na fola agus an bhróid

Beocheist: Ní i bhfad ó shin go raibh na hÉireannaigh ina n-eachtrannaigh ag taisteal na cruinne ag lorg fostaíochta, saibhris…

Beocheist: Ní i bhfad ó shin go raibh na hÉireannaigh ina n-eachtrannaigh ag taisteal na cruinne ag lorg fostaíochta, saibhris agus sonais. Ach anois is i stad difriúil atá ár dtír bheag anois, ní tír eachtrannach sinn a thuilleadh, ach tír órga.

Is í an bhuairt atá ormsa agus cuid mhór daoine ag teacht isteach go bhfuil féiniúlacht na tíre seo á cailliúint.

Tá Baile Átha Cliath ag forbairt agus ag fás chomh tapa na laethanta seo go bhfuil greim daingean an náisiúnachais á chailliúnt againn inár n-ainneoin.

An bhfuil aon tírghrá fágtha, nó an bhfuil sé caillte i measc na gcultúr difriúil atá ag teacht isteach sa tír shaibhir seo?

READ MORE

Mar a dúirt na fealsúna gaoismheara san, na Black Eyed Peas: "Cá bhfuil an grá?"

Nuair a shiúlaim síos an bóthar i mBaile Átha Cliath anois is iomaí teanga atá le clos: Fraincis; Spáinnis; an tSínis agus an Pholainnis.

Tá daonra na Polainne chomh láidir anseo go bhfuil cuid den pháipéar trí Pholainnis anois agus ní gá dom a rá ná bhfuil aon trácht in aon chor ar leagan Gaeilge a thosnú.

Tá Éire ag troid i measc chultúir láidre an domhain sa chathair seo chun a fód féin a sheasamh. Ach caithfear cuimhneamh ar na fáthanna go bhfuilimid éagsúil; is thír Cheilteach sinn ar an gcéad dul síos.

Tá ceol tradisiúnta againn agus cáil timpeall na cruinne air - Kíla, Altan, Clannad, is araile. Éire í seo a chuireann gliondar ar mo chroí: Éire nua-aimseartha, gan í ina suí i gcúinne na hÉireann imithe; ach ag bogadh i dtreo an todhchaí le glór domhanda ach fós Gaelach.

Is tír dhathúil sinn fós ó thaobh aestéitiúla de le radharcanna áille le fáil fós. Tá neamhfhoirmeáltacht againn atá go haoibhinn. Spiorad níos fiáine i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. Tá rud éigin ábhairín róshláintiúil uaireanta mar gheall ar mhuintir na Fraince agus na hIodáile - róshábháilte mar gheall ar an stíl mharachtála atá acu.

Mairimid ag slogadh siar spraoi agus spleodar an tsaoil. Tá sé iomarcach uaireanta, ach ní mhairfinn aon tslí eile. Tá stair ag na hÉireannaigh sa scoláireacht, sa litríocht, i gcúrsaí léinn idir Wilde agus Yeats, Joyce agus Beckett agus anois leithéidí Roddy Doyle agus John Banville.

Más tír bheag féin í, seasaimid ar stáitse na litríochta chomh hard le aon áit eile. Tá filí, drámadóirí den scoth tagtha amach as an oileán beag seo.

Is dream taistealaithe sinn. Nár thosnaigh sé sin i bhfad ó shin nuair a chuaigh Naomh Breandán amach den chéad uair agus d'aimsigh sé Meiriceá?

Is tír sinn ná bhfuil greim na hEaglaise Caitlicí chomh láidir a thuilleadh. Cuireadh ionadh an domhain orm lá amháin im theach nuair a d'admhaigh mo chompánaigh ón Ollainn gur ríocht fós í an tír san agus go raibh an traidisiún fós acu.

Is aoibhinn liom gur poblacht í Éire. Cuimhnigh ar an bhfocal san, poblacht; cuireann sé troid, bród, doirteadh fola agus croí, i gcuimhne domsa.

Bhí agus tá fós rud éigin láidir, neamhfhoirmeáilte, álainn mar gheall ar na hÉireannaigh mar threabh.

Ba mhór an chúis bhróin domsa dá gcaillfimis é in Éirinn atá lán de chlubanna oíche agus, mar a deireadh mo mháthair, den éirí in airde.

B'shin í croí na tíre seo, gur as cur fola a thángamar. Ní féidir é a thréigint ach go háirithe i measc na siopaí bagel go léir agus lucht an airgid.

Is daite iontach an stair atá againn agus is ceart agus is cóir go mbeimis gualainn le gualainn le haon tír eile - ní in iomaíocht, ach bródúil agus cothrom.

Is ceart go músclófar an tírghrá i gcroí gach Éireannaigh. Tá an tseanmóir thart, imigh faoi sholas na hÉireann.

Mar a dúirt na fealsúna ciallmhara eile san Kíla: "Coinnigh an tine lasta...coinnigh í beo..."