Oifigeach Teanga le ceapadh

Beidh cruinniú Dé hAoine idir ionadaithe Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Fhoras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch…

Beidh cruinniú Dé hAoine idir ionadaithe Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Fhoras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch le post mar Oifigeach Teanga a chruthú. Is é an chéad uair go raibh a leithéid de phost ag an chomhairle - cé go raibh corr-oifigeach ann a raibh labhairt na Gaeilge acu roimhe seo.

Dúirt urlabhraí thar ceann Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann: "Foras na Gaeilge and the Ulster-Scots Agency have agreed to co-fund with the Arts Council of Northern Ireland a post dedicated to the development of the language arts in Northern Ireland."

"Language Arts Officer" an teideal a bheidh ar an phost agus post trí bliana lán-aimseartha a bheidh ann. Táthar ag súil go mbeidh líofacht sa Ghaeilge ar cheann de na critéir a bheidh i gceist leis an phost a líonadh.

Beidh an té a cheapfar freagrach as caidreamh a choinneáil le grúpaí agus ealaíontóirí aonair taobh istigh d'earnáil na teanga; buiséad a riar; tionscnaimh ealaíne a spreagadh agus a fhorbairt; taighde a dhéanamh ar an earnáil agus plean straitéiseach a ullmhú.

READ MORE

Is fada lucht na Gaeilge sa Tuaisceart den bharúil gur cheart go mbeadh duine le Gaeilge ag an Chomhairle Ealaíon le go dtuigfí a gcás ní b'fhearr. D'ainneoin sin, maoiníonn an chomhairle ealaín trí Ghaeilge. Thug siad £627,410 do ghrúpaí Gaeilge idir 2005 agus 2006.

Tá Ealaín na Gaeltachta ar lorg iarratas do Scéim Forbartha na nEalaíon agus do Scéim Sparánachtaí d'Ealaíontóirí. Baineann an scéim forbartha le daoine aonair nó grúpaí ar spéis leo tionscadail nó seirbhísí ealaíon a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Ealaín don phobal, ceardlanna, siompóisiam nó taispeántas a bheadh i gceist, mar shampla.

Tá scéim na sparánachtaí dírithe ar ealaíontóirí le cuidiú leo a gceird a fhorbairt. Is é an Aoine, 2ú, Feabhra an sprioclá do gach iarratas.

Eolas: 091-503 100 nó www.ealain.ie