Ocaidi na n-udar

Seolfaidh Coiscéim dhá leabhar nua - Nasrúidín le Gabriel Rosenstock agus Scéal Eitleáin le Seán Mac Mathúna - san oíche amárach…

Seolfaidh Coiscéim dhá leabhar nua - Nasrúidín le Gabriel Rosenstock agus Scéal Eitleáin le Seán Mac Mathúna - san oíche amárach ag 9 p.m. sa chlub Gaeilge Sult, Teampall Chríost, Baile Átha Cliath. Fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil.

Agus tabharfaidh an scríbhneoir agus colúnaí de chuid an nuachtáin seo, Alan Titley an chéad léacht eile i sraith léachtaí poiblí Séamus Heaney, oíche Luain ag 8 p.m. i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Is é "The lava of the imagination and the secret history of words" teideal a chuid cainte.

Baineann an t-ábhar le tábhacht na teanga féin i gcumadóireacht an scríbhneora nó is é "The fire in th' flint: the creative imagination/An tine sa bhreochloch: an tsamhlaíocht chruthaitheach" teideal ginearálta na sraithe. Ba é Séamus Heaney féin a thug an chéad léacht cheana.