Mo ghreidhin iad giorriacha an Mharta

Is maith liom gustaí garbha an Mhárta. Bíonn gá leo. Is maith liom giorriacha pramsacha an Mhárta

Is maith liom gustaí garbha an Mhárta. Bíonn gá leo. Is maith liom giorriacha pramsacha an Mhárta. Bíonn gá leo siúd chomh maith, a scríobhann Gabriel Rosenstock.

Cad a thaitníonn liom faoin aimsir gharbh agus faoi phocléimneach aisteach na ngiorriacha? Domsa, ach go háirithe, seasann siad araon don ainriail. Níl rud is luachmhaire ar domhan faoi láthair ná an ainriail.

Cén fáth a ndeirim é sin? Ní deacair a rá. Chloíos le hainriail na samhlaíochta ó bhíos im gharsún, is é sin le rá in áit mé féin a dhaingniú i mbéas nó i ndogma éigin, nó cloí leis an drong, ligeas do na stoirmeacha séideadh tríom anoir is aniar agus pé foirgneamh machnaimh inar lonnaíos ag an am ligeas do na stoirmeacha é a leagan go talamh. Gan scáth gan eagla.

Is aoibhinn liom rásaíocht na scamall an tráth seo bliana. Panta rhei, mar a dúirt Heraclitus, flosc is ea an uile ní.

READ MORE

Mo ghreidhin iad na giorriacha. Is maith liom a gcuid céapar. Ceiliúradh ar an tsaoirse agus ar an dóchas is ea iad agus iad ag léim as a gcraiceann le gealtachas. Solaoid is ea iad go mbíonn orainne léim as ár gcraiceann, leis, le bheith saor. Comhartha is ea iad nach fada uainn Lá na nAmadán.

Ag fógairt na saoirse atá George W. Bush, dar leis féin. Ach cén bhail atá ar an tsaoirse thall i Meiriceá faoi láthair?

Tógaimis Bá Guantánamó ar dtús. Ar a laghad ar bith bhí ranganna Gaeilge ar siúl ag an gCadhnach agus é i ngéibheann i gCurrach Chill Dara. Cad iad na cúrsaí léinn atá ar fáil in Ollscoil Guantánamó?

Ach níl cúrsaí (!) chomh dona sin ar fad i mBá Guantánamó. Deir foinse iontaofa liom go bhfuil teacht ag cimí áirithe ar Bhig Mac ann má chomhoibríonn siad leis an gceastóireacht. Cad eile a bheadh uait? Milseog?

Na meáin chumarsáide? An bhfuil an tsaoirse ina gáir chatha acusan? Tá ach is gáir gháifeach shionnachúil í. Is fiú féachaint ar a gcuid teicnící agallaimh - cuirtear isteach i gcónaí ar an té a bheadh ar son an réitigh nó ar son na síochána, is é sin má fhaigheann an duine sin deis cainte in aon chor.

Na hollscoileanna? Bhí cúrsa ar siúl in Ollscoil North Carolina ní fada ó shin a thug léargas ar an gCórán Naofa. Chuir triúr mac léinn, beirt Chríostaithe agus Giúdach amháin, an dlí ar an ollscoil tríd an eagraíocht American Family Association. Shíl siad gur cúrsa frith-Mheiriceánach a bhí ann, cúrsa a thabharfadh sólás don namhaid.

Tá eagraíocht ann ar a dtugtar Students for Academic Freedom agus 135 brainse aici in ollscoileanna mór le rá ar nós Princeton, Yale agus Stanford. Cén tsaoirse atá á héileamh ag na tírghráthóirí breátha seo?

Teastaíonn uathu a gcuid ollúna a iniúchadh, go háirithe má tá cúrsa a bhaineann le Léann na Síochána á mhúineadh acu. Ní bheadh a fhios agat! B'fhéidir go mbeadh mírín éigin den chúrsa sin báúil le naimhde Mheiriceá.

Feictear do na sármhic léinn sin gur rud dainséarach is ea caint ar bith a dhéanamh ar an tsíocháin. Is í an tsíocháin an namhaid na laethanta seo, ná bíodh aon amhras ort ina thaobh sin. Ainrialaí is ea an síochánaí!

Ar thug tú faoi deara agus tuairisceoireacht ar siúl ón Afganastáin agus ón Iaráic gur tíortha gan oidhreacht chultúrtha is ea iad?

Círéibeacha, pléascáin, creacha-dóireacht, liútar éatar. Faic in aon chor faoina n-oidhreacht liteartha, ealaíne agus ceoil. Mar sin, caithfidh gur barbaraigh is ea iad go léir agus a chonách san orthu. An é nach eol do Fox News, CNN agus mar sin de gur beirt d'fhilí móra an domhain is ea Rumi agus Hafiz, gan ach beirt as roinnt mílte eile a lua?

Is tomhaltóirí anois sinn, muintir an Iarthair. Oscail leabhar Gaeilge bunscoile agus feicfidh tú go bhfuil téamaí an ábharachais mar chuid éigeantach anois de shealbhú na Gaeilge - is é sin le rá go gciallaíonn an modh cumarsáide an dalta a bheith in ann cur síos a dhéanamh ar a bheith ag breathnú ar an teilifís, ag ithe criospaí, ag ceannach éadaigh agus tríd is tríd a bheith ina thomhaltóir maith. Ar mo leabhar!

Fógraí is ea a lán de na ceachtanna iontu le haghaidh cluichí ríomhaire, popcheoil, físeán agus a lán eile. B'fhiú féachaint cé chomh minic is a luaitear borgairí iontu.

Níl scéalta ná dánta sna leabhair sin ar mhaithe le samhlaíocht an pháiste a chothú, nó má tá is beag iad; tá siad ann chun cur ar chumas an dalta dul isteach in ollmhargadh agus píotsa nó rolla leithris a cheannach.

Ní heol dom leabhar ar bith acu a thugann ainm agus seoladh na siopaí sin go léir inar féidir bia, éadach, bréagáin, dlúthdhioscaí, cluichí ríomhaire etc. a lorg trí mheán na Gaeilge. An modh cumarsáide ab ea?

Thugas-sa taitneamh don Ghaeilge agus mé im pháiste bunscoile agus ní cuimhin liom gur cuireadh aon iachall orm an dia Mamón a adhradh.

Tá daoine áirithe buartha faoin scéal. Agus toisc go bhfuil an t-ábharachas imithe le gealaí ar fad thall i Meiriceá, tá cuid de na Meiriceánaigh féin ag éirí buartha. Duine acu sin is ea Steven Harrison, údar an leabhair nua The Happy Child: Changing the Heart of Education (Sentient Publications 2005).

Creideann Harrison nach ligeann fórsaí an mhargaidh dúinn machnamh a dhéanamh ar an tionchar atá ag na fórsaí sin orainn.

Sin an fáth, dar leis, a mbíonn faisin nua, mantraí fógraíochta nua, treochtaí nua, táirgí nua etc. á gcruthú acu an t-am ar fad, le bheith céim nó dhó chun tosaigh orainn.

Ní bhíonn an páiste in ann tionchar na bhfórsaí sin ar a aigne a thuiscint i gceart agus rud dainséarach is ea é sin. Dainséarach? Conas? An páiste atá ina thomhaltóir neamhcheisteach, beidh sé ina tháirgeoir neamhchriticiúil amach anseo. Is suimiúil an argóint í agus tathag inti, dar liom.

Arm eile atá ag ár gcuid ceannairí ná an eagla. Is ríléir go bhfuil an eagla mar chuid de dhlúth agus d'inneach nuachtchainéil na Stát Aontaithe.

Mura bhfuil scéal éigin faoin sceimhlitheoireacht acu beidh scéal éigin eile ann faoi do chuid infheistíochta nó do phinsean a bheith i mbaol, druga nó bia éigin a bheith á bhaint de na seilfeanna toisc nach bhfuil sé sábháilte níos mó.

Nó matalang a bhainfeadh le drochaimsir, coiriúlacht nó cá bhfios cén tubaiste eile a thit amach nó atá ar tí titim amach ag baile nó i gcéin. Agus tá meáin an domhain ag déanamh aithrise ar mheáin Mheiriceá.

Na "saineolaithe" a bhíonn ag cuid de na nuachtchainéil sa stiúideo acu chun ábhar imní a dháileadh ar mhuintir Mheiriceá, tagraíonn siad do na "bad guys in Falluja" agus "more bad guys comin' in from Syria" - faoi mar ba pháistí a bhí sa lucht féachana acu! Cluiche atá ar bun acu. Ainm an chluiche? Conas a scanróimid inniu iad?

Ba cheart do chuid de na saineolaithe sin, lucht an Tí Bháin agus an Phentagon san áireamh, clasaiceach Síneach a léamh, leabhar a scríobhadh 500 bliain roimh Chríost, Ealaín na Cogaíochta le Sun Tzu, ina ndeirtear: "An gníomh cogaíochta is fearr amuigh ná an namhaid a chloí gan troid a dhéanamh..."

Séidigí, mar sin, a stoirmeacha an Mhárta. Meabhraígí dúinn na nithe go léir a chaithfear a ghlanadh as ár n-aigne agus na nithe sin go léir is gá cloí leo d'fhonn tosú arís as an nua. Preabaigí, a ghiorriacha!

File agus fear haiku é Gabriel Rosenstock. Nasrúidín (Coiscéim) an leabhar is déanaí óna pheann.