Lámh eachtrannach go minic ar stiúir na bhfocal

TUARASCÁIL/ LIAM  MAC AMHLAIGH : IN ALT suimiúil a foilsíodh san Irish Times tamall ó shin, fógraíodh go mbeadh lámh ag comhlacht…

TUARASCÁIL/LIAM  MAC AMHLAIGH: IN ALT suimiúil a foilsíodh san Irish Timestamall ó shin, fógraíodh go mbeadh lámh ag comhlacht Sasanach, Lexicography MasterClass, le táirgeadh an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge atá á réiteach ag Foras na Gaeilge faoi bhrat foilsitheoireachta an Ghúim.

Bhí an-bhaint ag Lexicography MasterClass le céim a haon den tionscnamh, nuair a cruthaíodh corpas focal don fhoclóir nua agus b'iad a bhí i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge le sraith de cheardlanna foclóireachta a eagrú timpeall na tíre le cúpla bliain anuas. Léirigh siad an scil, an tuiscint agus an cumas a bhaineann leo go hidirnáisiúnta sna céimeanna sin thuas.

Ní shin an chéad uair, mar sin féin, do lámh eachtrannach bheith ar mhórfhoclóir dátheangach le Béarla agus Gaeilge ar aon. Seasann beirt amach sa chás seo: Edward Lhuyd agus Edmund Fournier d'Albe.

D'fhoilsigh Edward Lhuyd, ón mBreatain Bheag a mhórshaothar Archaeologia Britannicasa bhliain 1707 ina raibh, i measc codanna eile, Foclóir Gaoidheilge-Shagsanach: A Comparative Vocabulary of the Original Languages of Britain and Ireland. Is cinnte gur cheannródaí é Lhuyd san obair a rinne sé ar shanasaíocht chomparáideach na dteangacha Ceilteacha.

READ MORE

Deirtear gurbh é Archaeologia Britannicaan chéad mhórshaothar ar an léann Ceilteach a cuireadh i gcló. Bhí eolas fairsing aige féin ar chuid mhaith réimsí éagsúla: an tseandálaíocht, an luibheolas, an logainmníocht, an gheolaíocht agus bailiú lámhscríbhinní.

Bhain Lhuyd an-leas as na mórfhoclóirí roimhe; lámhscríbhinn fhoclóir Risteaird Phluincéid Vocabularium Latinum et Hibernum- Foclóir Laidine agus Gaoidheilgeagus Foclóir no Sanasan Nuale Micheál Ó Cléirigh a foilsíodh i Lobháin i 1643. Mar sin féin, d'admhaigh Lhuyd nár fhoghlaim sé an Ghaeilge i gceart agus go raibh botúin san fhoclóir, idir bhotúin a rinne clódóirí gan Ghaeilge, agus bhotúin chóipeála agus míniúcháin dá chuid féin. Fágadh cuid de na botúin sin sna foclóirí a lean é.

Ba mhór an meas a bhí ar fhoclóir Lhuyd agus spreag sé an-chuid foclóirithe ina dhiaidh. Is é Ó Briain (1768) ba mhó a bhain leas as, le ceannfhocal, mínithe agus botúin a chur le chéile. Ba é Ó Raghallaigh (1817) an chéad duine eile. Tá Ó Neachtain, Ó Briain, Shaw agus Pluincéad luaite mar fhoinsí aige siúd. Bíodh is go bhfuil focail earráideacha aige ó Lhuyd nach bhfuil sna foclóirí foilsithe eile, níl sé soiléir an bhfuair sé uaidh féin iad nó as foclóirí lámhscríofa.

Bhí cóip de Lhuyd ag Peadar Ó Conaill agus ba é siúd ab fhearr a sheachain a bhotúin. Ba é Coneys an foclóirí ba chruinne de chuid an 19ú haois ach níor éirigh leis teacht slán ó bhotúin Lhuyd. Shleamhnaigh cuid de bhotúin Lhuyd isteach i bhfoclóir an Duinnínigh trí Ghluaisre Egerton 158 nó trí Ó Briain, Ó Raghallaigh nó Ó Conaill, a luaitear mar fhoinsí.

Bliain sular foilsíodh Foclóir Gaedhilge-Béarlale Pádraig Ó Duinnín i 1904 ag Cumann na Scríbheann Gaeilge, tháinig an foclóir eolaíochtúil Béarla-Gaeilge, English-Irish Dictionary and Phrase Bookar an bhfód. Tiomsaíodh é ag Edmund E. Fournier d'Albe. Bhí sé mar aidhm ag an bhfoclóir eolas a chur ar fáil do mhic léinn chun iad féin a chur in iúl i nGaeilge chruinn, ghrástúil.

Fear ildánach (foclóirí, eagarthóir, innealtóir, fealsamh) ab ea Fournier a bhí ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge in éineacht le daoine níos cáiliúla sa ré sin, mar Phádraig Mac Piarais agus Dhubhghlas de Híde, go dtí gur caitheadh amach as an gConradh é toisc gur bhunaigh sé an Chomhdháil Cheilteach.

San alt géar a bhí ag Micheál Ó hIcí i 1904 i dtaca le foclóir an Duinnínigh, tá líne nó dhó moltach go leor aige maidir le foclóir Fournier:

"Lane (Foclóir O'Neill Lane) is probably superior to all works of its kind. It is a larger work than Fournier d'Albe. It is dearer. However Fournier d'Albe, a smaller less pretentious work, has a better grasp of scientific lexicography."

Bíodh is gur foclóir beag go leor atá ann, is foclóir cruinn eolaíochtúil é. Ba thrua, áfach, gur foilsíodh é ag an tráth céanna agus a bhí foclóirí éachtacha an Duinnínigh agus O'Neill Lane ag teacht ar an bhfód. Cé gur foclóir éagsúil a bhí i bhfoclóir Fournier, ba mhó an aird a tugadh ar shaothar O'Neill Lane.

Beidh gá le breis taighde lena bprionsabail a chinntiú. Ar shlite áirithe ba chabhrach an lámh chúnta ó leithéidí Lhuyd agus Fournier chun léann na foclóireachta a spreagadh anseo in Éirinn.

Ábhar dóchais d'fhoclóireacht na Gaeilge an lae inniu é síniú an chonartha le Lexicography MasterClass, go háirithe má smaoinítear ar an obair cheannródaíoch atá ar siúl i ríomhfhoclóireacht na téarmaíochta ag foireann Chaoilfhionn Nic Pháidín leis an tionscnamh www.focal.ie i bhFiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ní féidir a shéanadh ach gur iontach an áis é.

Tá réimse leathan de théarmaíocht foilsithe agus neamhfhoilsithe i nGaeilge le fáil go poiblí agus go héasca ar an Idirlíon. Ní amháin sin, ach tá foireann bhuan ag obair ar an tionscnamh le tuilleadh téarmaí a íoslódáil go laethúil.

Is fusa anois teacht ar obair na mórfhoclóirithe Gaeilge san 20ú haois anois ná mar a bhí riamh. Ní mór machnamh freisin ar an dul chun cinn leanúnach atá ar siúl ag foireann foclóireachta FNG (Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge) faoi stiúir Úna Uí Bheirn in Acadamh Ríoga na hÉireann i gcur le chéile ollchorpas focal na Gaeilge ó 1600 go 2000. Beifear ag súil le hábhar mórfhoclóra aonteangaigh Gaeilge-Gaeilge a tharraingt as sin ina dhiaidh.

Tá an-chreidiúint ag dul d'Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an mbonn sin. Chun an maitheas iomlán a bhaint as na tograí seo tá gá práinneach leis na hathbhreithnithe gramadaí éagsúla sa tamall de bhlianta anuas ar an gCaighdeán Oifigiúil a tharraingt le chéile in aon iarracht amháin.

Dúirt an tAire gur faoi Fhoras na Gaeilge a tharlódh an iarracht seo. Tá gá gníomhú ar an ráiteas seo le go mbeadh an obair sin comhthreomhar le togra an fhoclóra nua.

Is gá, mar sin féin, na saineolaithe ó fhoinsí eile lasmuigh d'Fhoras na Gaeilge a chur ag tacú leis an bpróiseas seo.

Cúis bhuartha eile ná a laghad sin de phobal Gaeilge na tíre a bhfuil na scileanna riachtanacha agus sainoiliúint acu i gcúrsaí foclóireachta, téarmaíochta agus canúineolaíochta.

Beidh gá le pobal acadúil Gaeilge na n-ollscoileanna machnamh a dhéanamh faoi conas ar féidir oiliúint ag leibhéal iarchéime a chur ar fáil do chuid de chéimithe na Gaeilge chun go bhféadfaidís cuidiú le, agus obair ar, thograí mar sin thuas ag leibhéal éifeachtach, sciliúil.

Is léachtóir le Litríocht agus Gaeilge ar Choláiste Oideachais Froebel, Baile Átha Cliath, é Liam Mac Amhlaigh. Tá a leabharFoclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, €15) ar fáil anois

áisaid - botúnmistake - ceardlannworkshop - ceannródaíochpioneering - eolaíochscientific - foclóirdictionary - foinsesource - gníomhachactive - IdirlíonInternet - ildánachversatile - leanúnachcontinuous - moltachcomplimentary - próiseasprocess - saineolaíexpert - taighderesearch - tionscnamhproject