Gradam go leor

Beidh ceolchoirm i Halla Ceoil na hOllscoile, Ollscoil Luimnigh, oíche Shathairn ag 8 p.m

Beidh ceolchoirm i Halla Ceoil na hOllscoile, Ollscoil Luimnigh, oíche Shathairn ag 8 p.m. tráth a mbronnfar Gradaim Cheoil TG4 ar bhuaiteoirí na bliana seo.

Is é John Carty a bhuaigh Gradam Ceoil TG4 2003; tá Ciarán Ó Maonaigh ainmnithe mar Cheoltóir Óg na Bliana: Vincent Broderick mar Chumadóir na Bliana; Frank Harte mar Amhránaí na Bliana agus bronnfar Gradam Saoil ar Johnny O'Leary.

Craolfaidh TG4 an ócáid oíche Dhomhnaigh ag 9.25 p.m. ach tá ticéid ar fáil don cheolchoirm féin fós. Beidh na buaiteoirí iad féin i mbun ceoil agus lear mór daoine ina gcuideachta, ina measc, Altan, Matt Molloy, Dónal Lunny, Micheál Ó Súilleabháin agus Four Men and a Dog. Eolas: 061-331549